Cuardaigh ar fad gov.ie

Bailiúcháin

An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce Réamhrá ón Ard-Rúnaí

Secretary General

Réamhrá ón Ard-Rúnaí

Tá sé de phribhléid agam an Ráiteas Straitéise seo don tréimhse 2025-2028 a chur faoi bhráid an Aire de réir cheanglais an Achta um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí, 1997.

Sa Straitéis, sainaithnítear sé sprioc straitéiseacha na Roinne do na trí bliana amach romhainn agus leagtar amach inti conas a chomhlíonfaimid tosaíochtaí agus gealltanais an Aire i gClár an Rialtais.

Trí threo straitéiseach na Roinne a leagan amach, cabhraítear lenár n-aird a dhíriú ar an rud is tábhachtaí, mar atá, ár bhfís i leith Éire atá sábháilte, cothrom agus uilechuimsitheach a bheith ann a bhaint amach.

Tar éis an Rialtas a bhunú i mbliana, tá an Roinn i bhfad níos mó. Chuireamar fáilte roimh chomhghleacaithe nua agus thógamar freagrachtaí breise orainn féin as an lánpháirtíocht, as an gcóiríocht d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus astu siúd atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin, agus as an mbeartas cibearshlándála, chomh maith le freagracht a thógáil orainn féin as an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála, atá ina ghné ríthábhachtach d’ailtireacht slándála an Stáit. Leis an Straitéis seo, comhtháthaítear na feidhmeanna nua sin isteach i gcroí-obair na Roinne.

Ag breathnú ar aghaidh ar dhara leath na bliana 2026, beidh an Uachtaránacht ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh ag Éirinn. Beidh sé ina ualach suntasach ar an Roinn an Uachtaránacht a stiúradh d’earnáil an Cheartais, ach is ualach é sin a bhfuilimid ag tnúth go mór leis. Is deis í freisin Éire a chur i gcroílár phróiseas cinnteoireachta na hEorpa agus ár dtosaíochtaí sa cheartas agus i ngnóthaí baile a chur chun cinn. Aithnítear sa chúigiú sprioc sa Straitéis seo an deis neamhchoitianta sin agus an uaillmhian atá ag an Roinn ár dtionchar a uasmhéadú trí chomhar le contrapháirtithe ar fud na hEorpa chun leasa fhrithpháirtigh.

Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí tomhas ar fheidhmíocht agus dul chun cinn na Roinne maidir le gealltanais tosaíochta a chomhlíonadh. Ar an gcúis sin, gealltar sa Straitéis go bhforbróidh an Roinn tacar nua méadrachtaí feidhmíochta. Ullmhóimid ráiteas bliantúil faoi thosaíochtaí, freisin, chun a chinntiú go gcuirfear na tosaíochtaí uile atá leagtha amach sa Straitéis seo i gcrích.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le mo chomhghleacaithe cumasacha tiomanta ar fud na Roinne agus na hearnála ceartais i gcoitinne as an obair ríthábhachtach a dhéanann siad gach lá thar ceann an Rialtais agus thar ceann an phobail a bhfreastalaímidne go léir air. Oibríonn siad gan stad gan staonadh ar roinnt de na dúshláin is mó atá os comhair an Stáit, agus síorthiomantas acu dár luachanna a chomhlíonadh ina ngnáthshaol laethúil agus dár bhfís i leith Éire atá sábháilte, cothrom agus uilechuimsitheach a bheith ann a bhaint amach.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat