Cuardaigh ar fad gov.ie

Bailiúcháin

An Straitéis Ceartais Teaghlaigh 2022 - 2025

Is é fís na chéad Straitéise Ceartais Teaghlaigh ná córas ceartais teaghlaigh atá nua-aimseartha, cuíchóirithe agus áisiúil don úsáideoir agus a thacaíonn le torthaí atá simplí, luath agus cothrom agus – nuair is féidir – atá comhoibríoch.

Ba é Grúpa Formhaoirseachta um Cheartas Teaghlaigh a bhí faoi chathaoirleacht na Roinne Dlí agus Cirt agus a bhí comhdhéanta d’ionadaithe ó réimsí ar fud an chórais ceartais teaghlaigh a d’fhorbair an Straitéis.

Fuair an Grúpa tacaíocht ina chuid oibre ó dhá ghrúpa chomhairleacha saineolaithe, a bhí comhdhéanta d’ionadaithe geallsealbhóirí ó eagraíochtaí neamhrialtasacha, de dhlí-chleachtóirí, de thaighdeoirí agus de dhaoine léinn.

Bonn eolais faoina cuid oibre ba ea próiseas comhairliúcháin fadréimseach ina ndearna geallsealbhóirí iomchuí, an pobal, leanaí agus daoine óga a bhíonn ag gabháil leis an gcóras ceartais teaghlaigh a dtuairimí a chur in iúl maidir leis an gcuma ba cheart a bheith ar chóras nuachóirithe ceartais teaghlaigh.

Tacóidh an Straitéis leis na hathruithe reachtacha atá beartaithe i mBille na gCúirteanna Teaghlaigh atá beartaithe.

Is iad seo na torthaí beartaithe a bheidh ar chur chun feidhme na spriocanna agus na ngníomhartha sa Straitéis sin:

  • Beidh sé níos fusa rochtain a fháil ar fhaisnéis faoin gcóras ceartais teaghlaigh.
  • Beidh sé níos fusa seirbhísí agus tacaíochtaí a aimsiú.
  • Beidh feasacht níos fearr ag daoine ar na roghanna atá ar fáil agus iad ag iarraidh a gcuid fadhbanna a réiteach.
  • Beidh an struchtúr cúirteanna teaghlaigh i bhfeidhm.
  • Déanfar dul chun cinn ar Choimpléasc Cúirteanna Teaghlaigh Lána an Chrochaire.
  • Tabharfar tacaíochtaí feabhsaithe do leanaí agus do na daoine is leochailí.
  • Beidh an córas ceartais teaghlaigh níos inrochtana agus níos fusa le tuiscint, le rochtain a fháil air agus le dul tríd, agus beidh sé níos freagrúla do riachtanais dhlíthiúla a úsáideoirí.
  • Beidh níos mó eolais ann faoi ghnéithe éagsúla den chóras, rud ar féidir leis tacú le forbairt tuilleadh athchóirithe.

Straitéis

Straitéis Ceartais Teaghlaigh 2022-2025
Amharc amharc
Progress Report on the Family Justice Strategy 2022 - 2025
Amharc amharc
Children and Young People Consultation Youth Friendly Report
Amharc amharc


Comhairliúchán Poiblí

Report of the Family Justice Consultation Process
Amharc amharc
Report on the Consultations with Children and Young People for the Family Justice Oversight Group
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat