Comhairliúchán ar an Straitéis Náisiúnta
- Foilsithe: 12 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 9 Feabhra 2026
Is é atá sa Straitéis Náisiúnta le haghaidh Sábháilteacht Pobail a Fheabhsú ná gealltanas uile-rialtais gan fasach chun sábháilteacht pobail a ath-shainmhíniú agus a fheabhsú ar fud na hÉireann.
Is é atá i gceist le sábháilteacht pobail ná daoine a bheith sábháilte agus a bheith ag meas go bhfuil siad sábháilte ina bpobail. Ní féidir í sin a chur de fhreagracht ar an nGarda Síochána ina aonar. Ina ionad sin, teastaíonn cur chuige comhpháirtíochta straitéisí i leith sábháilteacht pobail, áit a dtugtar raon soláthraithe seirbhíse agus an pobal le chéile chun saincheisteanna a bhaineann le sábháilteacht pobail a shainaithint agus freagairt dóibh ar bhealach réamhghníomhach comhtháite.
A bhuí leis an gcéad Straitéis Náisiúnta le haghaidh Sábháilteacht Pobail a Fheabhsú, bunófar creat beartais bunúsach, freagrúil agus ábhartha lena gcuirfear ar chumas comhlachtaí seirbhíse poiblí agus pobal obair le chéile ar bhealach comhordaithe chun pobail a dhéanamh níos sábháilte.
Tá an Oifig Náisiúnta um Shábháilteacht Pobail ag stiúradh an chomhairliúcháin don Straitéis seo thar ceann na Roinne Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce.
Osclaíodh Suirbhé Náisiúnta um Shábháilteacht Pobail a chuirfidh le forbairt na straitéise seo ar an 5 Feabhra 2026 agus tá sé ar fáil go dtí an 27 Feabhra ag 5pm.
Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil faoin suirbhé seo agus chun páirt a ghlacadh.
(1). Aighneachtaí i scríbhinn ar na réimsí téamacha a sainaithníodh sa ‘Pháipéar Saincheisteanna’ uainn
Tar éis réamh-athbhreithniú litríochta, d’fhorbair an Oifig Náisiúnta um Shábháilteacht Pobail Páipéar Saincheisteanna inar tarraingíodh aird ar chúig phríomhréimse théamacha, agus iarradh tuairimí ina leith. Osclaíodh an Páipéar Saincheisteanna le haghaidh aighneachtaí an 30 Deireadh Fómhair agus dúnadh é an 28 Samhain 2025. Fuarthas 108 n-aighneacht. Foilseofar iad sin ar an leathanach seo amach sa bhliain.
Féach na naisc thíos chuig an bpáipéar.
- Páipéar Saincheisteanna ar an Straitéis Náisiúnta le haghaidh Sábháilteacht Pobail a Fheabhsú (EN)
- Páipéar Saincheisteanna ar an Straitéis Náisiúnta le haghaidh Sábháilteacht Pobail a Fheabhsú
Foilseofar na haighneachtaí uile ar an leathanach seo amach sa bhliain.
(2). Imeachtaí caidrimh ‘halla baile’
Thionólamar sraith comhairliúchán poiblí ar fud na tíre. Féach thíos liosta de na dátaí, na suíomhanna agus na hamanna.
|
Láthair |
Dáta |
Am |
|---|---|---|
(3). Imeachtaí caidrimh spriocdhírithe agus saincheaptha
Bhuaileamar le grúpaí sonracha daoine amhail daoine scothaosta, daoine óga, daoine a chónaíonn i limistéir thuaithe, daoine atá thíos leis an easpa dídine, imircigh agus dídeanaithe, daoine LADTAI+, daoine a bhfuil míchumas orthu, agus daoine den Lucht Siúil agus ón bpobal Romach ar fud mhí na Samhna, mhí na Nollag agus mhí Eanáir.
Foilseoimid tuarascáil ar an leathanach seo ar na himeachtaí caidrimh uile a thionólamar agus an Straitéis seo á hullmhú againn.
Ba cheart aon cheisteanna i ndáil leis an Straitéis Náisiúnta le haghaidh Sábháilteacht Pobail a Fheabhsú a sheoladh chuig strategy@communitysafety.ie