Cuardaigh ar fad gov.ie

Bailiúcháin

Conas a oibríonn an próiseas

Tá freagracht dhlíthiúil ar chróinéirí básanna atá tobann nó neamh-mhínithe, agus roinnt catagóirí eile básanna, a imscrúdú. Tá Cróinéir ceaptha ag Údaráis Áitiúla do cheantair ar leith, cé is moite de Bhaile Átha Cliath, áit a gceapann an tAire Dlí agus Cirt an Cróinéir.

In a lán cásanna, is féidir le lia-chleachtóir ginearálta nó le dochtúir ospidéil cúis liachta an bháis a dheimhniú agus is féidir leis an gCláraitheoir Breitheanna, Básanna agus Póstaí an bás a chlárú.

Ba cheart bás a thuairisciú don Chróinéir más rud é:

  • go bhfuair an duine bás in aon imthosca atá liostaithe sa rannán ‘bás a thuairisciú’
  • nach bhfaca dochtúir an duine éagtha, agus nár chuir sé/sí cóireáil ar an duine éagtha in aghaidh an reachta ba chúis le bás an duine éagtha, laistigh de mhí amháin ón mbás

Féadfaidh Cróinéir scrúdú iarbháis a ordú, ionchoisne a dhéanamh, nó ráitis finnéithe agus taifid liachta a iarraidh mar chuid dá (h)imscrúduithe chun cúis an bháis a fháil amach.

Liostaítear sa treoir seo téarmaí a bhaineann leis na cróinéirí agus an próiseas arb éard é bás a thuairisciú.

Is féidir leat tuilleadh faisnéise faoin bpróiseas a fháil thíos:

Ceanglais le haghaidh Fógairt Báis i gCásanna Cróinéirí

Is cuid riachtanach agus dhílis d’fhiosrúchán báis an chróinéara agus de na coimircí dlíthiúla sa phróiseas sin fós í Fógairt Báis ag lia-chleachtóir cláraithe.

Glacfaidh cróinéirí le básanna a bheith á bhfógairt ag gairmithe cúram sláinte inniúla oilte eile, agus ag dochtúirí, in imthosca áirithe.

D’fhoilsigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) treoir dar teideal "Interim Clinical Guidance for the Pronouncement of Death by Registered Nurses in Identified Services in the Context of the Global Covid-19 Pandemic" (Aibreán 2020) chun breac-chuntas a thabhairt ar ról an altra chláraithe i bhfógairt shábháilte báis i measc aosach ar fud ionaid ainmnithe FSS do dhaoine scothaosta atá cláraithe ag an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) agus i sainseirbhísí cúraim mhaolaithigh inar deimhin leis an bhfoireann altranais gur tharla bás agus ina ndéantar taifead mar fhianaise ar fhógairt báis. Féadfaidh eagraíochtaí eile nach bhfuil faoi choimirce FSS an treoir chliniciúil eatramhach sin a oiriúnú. Níl aon athrú tagtha ar na ceanglais atá ann cheana maidir le fógra a thabhairt don Chróinéir faoin mbás agus maidir le cúis liachta an bháis a bheith á deimhniú ag an Dochtúir cóireála.

Cuirtear oiliúint i bhFíorú Báis ar pharaimhíochaineoirí agus ard-pharaimhíochaineoirí atá cláraithe leis an gComhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil (PHECC). I gcás ina bhfreastalaíonn paraimhíochaineoirí den sórt sin ar láthair báis le linn na paindéime, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána glacadh anois, thar ceann an Chróinéara, le Foirm Taifid Fíoraithe Báis de chuid PHECC atá comhlánaithe agus sínithe i gceart mar fhianaise ar an bhfógairt báis, agus ní cheanglaítear orthu glaoch ar lia-chleachtóir cláraithe chun bás a fhógairt ina dhiaidh sin.

Is faoin nGarda Síochána atá sé aon mheasúnú a dhéanamh i ndáil leis na himthosca a bhaineann le bás, más iomchuí.

Is faoi Altraí Cláraithe nó faoi Pharaimhíochaineoirí Cláraithe atá sé tuairisc a thabhairt don Chróinéir ar aon nithe iomchuí eile.

Is é aidhm na modhnuithe sin ar fhógairt báis i gcás básanna atá intuairiscithe don Chróinéir ná na héilimh ar Lia-Chleachtóirí Ginearálta ina gCleachtas Liachta agus ar Sheirbhísí Lasmuigh de Ghnáthuaireanta Oibre a laghdú.

Coinneofar an beartas sin faoi athbhreithniú gníomhach.

Arna eisiúint ag an tSeirbhís Chróinéara/Cumann Cróinéirí na hÉireann

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat