Cothabháil Leanaí a Íoc agus a Fháil
- Foilsithe: 27 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 27 Eanáir 2026
Is mar thoradh ar bhriseadh suas caidrimh ina lán cásanna a thagann cothabháil leanaí chun cinn mar shaincheist. Is féidir léi teacht chun cinn mar chuid de scaradh pósta nó de cholscaradh, nó de dheireadh a chur le páirtnéireacht shibhialta.
Tá oibleagáid ar gach tuismitheoir, is cuma cé acu atá siad pósta nó scartha nó ina gcónaí le chéile nó nár chónaigh siad le chéile riamh, tacaíocht a thabhairt dá leanaí, bunaithe ar a bhfuil ar a n-acmhainn.
Is féidir le tuismitheoirí cothabháil leanaí a shocrú ar roinnt bealaí:
1. Eatarthu féin go díreach
Roghnaíonn a lán tuismitheoirí socruithe príobháideacha a dhéanamh go díreach eatarthu féin le haghaidh cothabháil leanaí.
2. Le cabhair
Is féidir leo é sin a dhéanamh le cabhair uathu seo a leanas:
- idirghabhálaithe príobháideacha
- aturnaetha
- seirbhísí amhail an tSeirbhís Idirghabhála Teaghlaigh laistigh den Bhord um Chúnamh Dlíthiúil.
3. Trí na cúirteanna
Is féidir socruithe le haghaidh cothabháil leanaí a dhéanamh tríd an gcóras cúirteanna, más gá.
Faigh tuilleadh faisnéise faoin tSeirbhís Idirghabhála Teaghlaigh saor in aisce ón mBord um Chúnamh Dlíthiúil anseo: legalaidboard.ie/en/our-family-mediation-service/
Gheobhaidh tú faisnéis anseo faoi chomhaontuithe deonacha cothabhála, faoi orduithe cothabhála agus faoi na céimeanna atá le glacadh mura bhfuil cothabháil á híoc: https://services.courts.ie/Family-Law/maintenance
Faigh tuilleadh faisnéise faoi na breithniúcháin cánach ioncaim do thuismitheoirí a íocann nó a fhaigheann íocaíochtaí cothabhála: https://www.revenue.ie/en/additional-incomes/maintenance-payments/maintenance-payments-for-children.aspx