An tSeirbhís Chúirteanna

Cuardaigh ar fad gov.ie

Bailiúcháin

An tSeirbhís Chúirteanna

Is Gníomhaireacht Stáit neamhspleách a bunaíodh leis an Acht um Sheirbhís Chúirteanna, 1998, chun na cúirteanna a bhainistiú agus chun tacú leis na breithiúna í an tSeirbhís Chúirteanna.

Is iad seo a leanas a príomhfheidhmeanna:

  • na cúirteanna a bhainistiú
  • tacú leis na breithiúna
  • faisnéis a sholáthar don phobal faoin gcóras cúirteanna agus
  • foirgnimh chúirte agus saoráidí a sholáthar d’úsáideoirí cúirte.

Na Cúirteanna a Mhíniú (leabhrán)
Na Cúirteanna a Mhíniú
Amharc amharc

Tráth éigin inár saol, is dócha go mbeidh ar gach duine dínn dul chun na cúirte ar chúis amháin nó ar chúis eile. D’fhéadfadh go n-iarrfaí orainn suí ar ghiúiré nó fianaise a thabhairt i gcás cúirte, nó d’fhéadfaimis cás a thionscnamh le haghaidh cúitimh i ndiaidh timpiste.

Tá sé mar aidhm leis an leabhrán seo a mhíniú conas a oibríonn an córas cúirteanna, agus cé na nithe ar féidir leat a bheith ag súil leo má bhíonn ort dul chun na cúirte choíche.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat