Faisnéis d’Íospartaigh Foréigin Ghnéasaigh
- Foilsithe: 20 Samhain 2023
- An t-eolas is déanaí: 28 Eanáir 2026
Toiliú < Faisnéis d’Íospartaigh Foréigin Ghnéasaigh
Má tá tú anseo toisc gur íospartach foréigin ghnéasaigh thú, tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios agat go bhfuil cabhair ar fáil duit agus nach gá duit déileáil leis sin i d’aonar.
Tá sé ceart go leor mura bhfuil a fhios agat conas ba cheart duit freagairt. B’fhéidir go bhfuil tú gortaithe go fisiciúil, traochta ó thaobh mothúchán de, nó éiginnte faoi cad ba cheart duit a dhéanamh anois. B’fhéidir go bhfuil tú ag smaoineamh ar an rud a tharla duit a thuairisciú, ach nach bhfuil tú cinnte faoi cá háit ar cheart duit tosú.
Féadfaidh eolas ar na rudaí is féidir leat a dhéanamh tar éis foréigean gnéasach a fhulaingt cabhrú le tú a shocrú síos le linn tréimhse dhoiligh.
Tá sé tábhachtach a aithint gur próiseas é téarnamh ó ionsaí gnéasach nó ó mhí-úsáid ghnéasach, agus go mbíonn cuma dhifriúil ar an bpróiseas sin do gach duine. Is féidir go dtógfaidh sé seachtainí, míonna nó blianta — níl aon amchlár ann don leigheas.
Tá rannán tiomnaithe d’íospartaigh foréigin ghnéasaigh ag suíomh Gréasáin na Cairte Íospartach ag www.victimscharter.ie, rud a reáchtálann an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce é freisin. Gheobhaidh tú faisnéis ansin faoi na nithe seo a leanas:
- An chabhair atá ar fáil tar éis foréigean gnéasach a fhulaingt le déanaí agus Aonaid Chóireála Ionsaithe Ghnéasaigh;
- An chabhair atá ar fáil dóibh siúd a d’fhulaing foréigean gnéasach san am atá thart;
- Cad is féidir leat a dhéanamh má tá tú ag fulaingt foréigean gnéasach i gcaidreamh faoi láthair;
- Conas tuairisc a thabhairt don Gharda Síochána;
- Conas teagmháil a dhéanamh le hIonaid Éigeandála um Éigniú;
- Cad a tharlaíonn má iarrtar ort freastal ar Chúirt le linn an Phróisis Trialach;
- Seirbhísí Tacaíochta d’Íospartaigh Mí-Úsáide Gnéasaí Leanaí; agus
- Seirbhísí Tacaíochta Foréigin Baile.
Is é aidhm na Cairte Íospartach ná gurb amhlaidh, más gá duit tosú ar théarnamh ón tráma a d’fhulaing tú, is féidir leat é sin a dhéanamh ar a laghad agus eolas agat ar a bhfuiltear ag súil leis agus eolas agat go dtabharfar tacaíocht duit ag gach céim.
Má tá tú i ngarbhaol, glaoigh ar 999 nó ar 112 agus freagróidh an Garda Síochána agus cabhróidh sé leat.