Seirbhís Phríosúin na hÉireann

Cuardaigh ar fad gov.ie

Bailiúcháin

Seirbhís Phríosúin na hÉireann

Is eol do Sheirbhís Phríosúin na hÉireann na hiarmhairtí díobhálacha a bhíonn ag an gcoireacht ar íospartaigh, arb iarmhairtí iad a d’fhéadfadh a bheith tubaisteach. I gcás go gcuireann íospartaigh a dtuairimí in iúl don tSeirbhís, cuirtear san áireamh iad i gcónaí agus cinntí á ndéanamh maidir le bainistíocht pianbhreithe, amhail scaoileadh saor sealadach a dheonú nó gan é a dheonú.

Cé gur cuí go ndéanfaí breithniú cúramach ar na híogaireachtaí agus na hábhair imní atá ag íospartaigh na coireachta, ní mór tosca eile a thagann salach orthu sin in amanna, amhail athshlánú ciontóirí agus a n-athimeascadh isteach sa phobal, a chur san áireamh freisin agus cothromaíocht a bhaint amach.

Nuair a iarrann íospartaigh na coireachta é, rachaidh Oifigeach Idirchaidrimh d’Íospartaigh de chuid Sheirbhís Phríosúin na hÉireann i dteagmháil dhíreach leo chun iad a chur ar an eolas faoi aon fhorbairt shuntasach i mbainistiú phianbhreith dhéantóir na coire agus faoi aon scaoileadh saor atá ar tí tarlú. D’fhéadfadh go mbeadh scaoileadh saor sealadach, éisteachtaí boird parúil, aistrithe príosúin, agus dátaí scaoilte saor ionchais, i measc nithe eile, i gceist le forbairtí suntasacha den sórt sin.

Soláthróidh an tOifigeach Idirchaidrimh d’Íospartaigh faisnéis ghinearálta d’íospartaigh freisin faoin gcóras príosún, amhail an réim príosún, maitheamh ar phianbhreitheanna, agus ár gcóras parúil, lena n-áirítear oibriú an Bhoird Parúil.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gur seirbhís dheonach í sin agus nach soláthrófar an fhaisnéis ábhartha ach amháin do na daoine sin a roghnaíonn í a fháil.

Cairt Íospartach Sheirbhís Phríosúin na hÉireann
Amharc amharc
Cairt Íospartach Sheirbhís Phríosúin na hÉireann
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat