An Bord um Chúnamh Dlíthiúil
- Foilsithe: 19 Meán Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 16 Feabhra 2026
Comhlacht reachtúil a bunaíodh faoin Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta, 1995, is ea an Bord um Chúnamh Dlíthiúil. Is iad seo a leanas príomhfheidhmeanna an Bhoird:
- Cúnamh dlíthiúil agus comhairle dhlíthiúil a sholáthar i gcásanna sibhialta (cásanna neamhchoiriúla) do dhaoine a chomhlíonann na critéir
- Seirbhís idirghabhála teaghlaigh a sholáthar
- Faisnéis a sholáthar faoina sheirbhísí
- Trí scéim um chúnamh dlíthiúil coiriúil a bhainistiú agus a riar (ach ní sholáthraíonn sé cúnamh dlíthiúil díreach ná comhairle i leith nithe coiriúla)
- Cabhrú le hoibriú na scéime Abhaile (a chabhraíonn le daoine atá i riaráiste morgáiste tí)
Tá líonra d’ionaid lánaimseartha agus pháirtaimseartha dlí ag an mBord ar fud na hÉireann. Chomh maith leis sin, tá painéil bhunaithe aturnaetha agus abhcóidí i gcleachtas príobháideach ag an mBord, ar painéil iad a sholáthraíonn cúnamh dlíthiúil agus comhairle dhlíthiúil faoin Acht. Más gá abhcóide a bheith agat chun déileáil le do chás, ceapfaidh an Bord um Chúnamh Dlíthiúil abhcóide chun ionadaíocht a dhéanamh duit.
Cabhraíonn Seirbhís Idirghabhála Teaghlaigh an Bhoird le lánúineacha a roghnaíonn idirscaradh nó colscaradh a dhéanamh, nó atá idirscartha cheana féin, bealach comhaontaithe ar aghaidh a chaibidliú, agus aghaidh á tabhairt ar riachtanais agus leasanna gach duine lena mbaineann.