Cuardaigh ar fad gov.ie

Bailiúcháin

Ráiteas Straitéise 2025-2028 Forbhreathnú


Ár bhFís

Éire atá sábháilte, cothrom agus uilechuimsitheach

Ár Luachanna

Oscailte, Comhoibríoch, Gairmiúil

Conas a forbraíodh an Straitéis seo

Taighde

  • Clár an Rialtais
  • Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe
  • Straitéisí Náisiúnta agus Straitéisí na Roinne
  • Dualgais Earnála Poiblí

Comhairliúchán

  • Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais
  • Suirbhé poiblí
  • Suirbhé foirne
  • Fóram geallsealbhóirí agus aighneachtaí

Cur Chun Feidhme, Faireachán agus Athbhreithniú

Leis an Straitéis seo, treorófar an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce do na trí bliana amach romhainn. Déanfar pleanáil agus faireachán ar chur i gcrích na Straitéise trí ráitis bhliantúla faoi thosaíochtaí a fhoilseofar agus a bheidh mar bhonn eolais faoi phleanáil gnó ar fud na heagraíochta agus a ndéanfar faireachán orthu i dtuarascáil bhliantúil na Roinne. Déanfar príomhtháscairí a fhorbairt agus a fhoilsiú chun torthaí a thomhas ina n-aghaidh.

Dualgais Earnála Poiblí agus In-bhuanaitheacht

Tá freagracht ar gach comhlacht poiblí in Éirinn comhionannas a chur chun cinn, idirdhealú a chosc, agus cearta an duine atá ag a gcuid fostaithe agus úsáideoirí seirbhíse agus ag gach duine a ndéanann a gcuid beartas agus pleananna difear dóibh a chosaint. Foilseoidh an Roinn measúnú agus plean gníomhaíochta nuashonraithe ar an Dualgas Earnála Poiblí sa bhliain 2025, ag cur leis an Straitéis um Chomhionannas, Éagsúlacht agus Cuimsiú atáthar ag cur chun feidhme ó bhí an bhliain 2022 ann. Déanfaidh fochoiste tiomnaithe de chuid an Bhoird Bainistíochta faireachán ar an dul chun cinn, a dtabharfar tuairisc air ar bhonn bliantúil. Ceanglaítear ar gach comhlacht poiblí a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh ar bhealach atá comhsheasmhach leis na huaillmhianta náisiúnta aeráide, agus leanfaidh an Roinn de Threochlár nuashonraithe um Ghníomhú ar son na hAeráide a fhoilsiú gach bliain.

Spriocanna Ardleibhéil

  • Ár slándáil a chosaint
  • Pobail shábháilte
  • Córas éifeachtach inrochtana ceartais
  • Córas cóir daingean inimirce
  • Ár dtionchar san Eoraip a mhéadú
  • Daoine, córais agus teicneolaíocht chun sármhaitheas a bhaint amach

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat