Ráiteas Straitéise 2025-2028 Sprioc 1: Ár slándáil a chosaint
- Foilsithe: 20 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 20 Samhain 2025
An Stát agus a mhuintir a chosaint agus ár gcumais náisiúnta a fhorbairt in aghaidh dúshláin do shlándáil an Stáit, in aghaidh ionsaithe cibearshlándála agus in aghaidh na sceimhlitheoireachta.
Cuspóirí
- An reachtaíocht slándála a nuachóiriú, lena n-áirítear cumhachtaí éifeachtacha chun rochtain ar shonraí a chumasú.
- Acmhainn agus cumas sheirbhísí slándála an Gharda Síochána a neartú, lena n-áirítear a struchtúir oibriúcháin, a shaoráidí, a chórais, a dhaoine agus a scileanna.
- Dul chun cinn a dhéanamh ar an obair chun na hAchtanna um Chiontaí in aghaidh an Stáit a ionadú, lena n-áirítear cúirt nua neamhghiúiré a bhunú chun cionta coiriúla tromchúiseacha a thriail i gcás nach leor na gnáthchúirteanna chun riaradh éifeachtach an cheartais a chinntiú.
- Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála reachtúil a bheidh láidir agus éifeachtach a chur i bhfeidhm, agus sásraí nuashonraithe chun slándáil líonraí agus faisnéise a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú a bheith cumhdaithe sa dlí.
- Dul chun cinn a dhéanamh ar Údarás Slándála Náisiúnta reachtúil a bhunú a mbeidh an t-údarás dlíthiúil agus an cumas aige chun an speictream iomlán imréiteach slándála a sholáthar.
- Oifig an Scrúdaitheora Neamhspleách um Reachtaíocht Slándála a bheidh láidir agus éifeachtach agus a dhéanfaidh athbhreithniú ar oibriú agus éifeachtacht na reachtaíochta slándála agus na seirbhísí slándála.
- Rialuithe éifeachtacha teorann a bheith i bhfeidhm, agus straitéis nua um shlándáil teorann a bheith mar bhonn agus mar thaca leo.
- Tacú go héifeachtach le cur chuige uile-Rialtais i leith slándáil náisiúnta, agus tacaíocht á tabhairt d’obair na Comhairle Aireachta um Shlándáil Náisiúnta.
Torthaí
- Acmhainn agus cumas neartaithe chun bagairtí ar shlándáil an Stáit agus a mhuintire a chomhrac.
- Formhaoirseacht láidir neamhspleách ar chumhachtaí slándála agus ar an reachtaíocht slándála.
- Straitéis um shlándáil teorann a bheith foilsithe, agus rialuithe teorann atá sábháilte agus éifeachtach a bheith coinnithe ar bun.
- An Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála a bheith bunaithe ar bhonn reachtúil.