Ráiteas Straitéise 2025-2028 Sprioc 2: Pobail shábháilte
- Foilsithe: 20 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 20 Samhain 2025
Tacú le pobail shábháilte trí chumais forfheidhmithe dlí a neartú, trí sholáthar a dhéanamh do smachtbhannaí éifeachtacha, agus trí dhul i ngleic le cúiseanna na coireachta.
Cuspóirí
- Córas éifeachtúil ceartais choiriúil a oibreoidh le chéile chun coireacht a chosc agus a laghdú, chun ciontóirí a ionchúiseamh agus smachtbhannaí a fhorchur orthu, agus chun athchiontú a laghdú.
- Seirbhís póilíneachta a bheidh acmhainnithe go maith agus ag a mbeidh na huirlisí, na cumhachtaí agus an teicneolaíocht is gá chun daoine a choinneáil slán, agus rialachas agus cuntasacht éifeachtach a bheith mar thaca léi trí thuilleadh cur chun feidhme a dhéanamh ar an Acht um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail.
- Pobail shábháilte, bheoga agus chuimsitheacha a bheidh forbartha trí Chomhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla, i gcomhar le comhlachtaí rialtais, le gnólachtaí, agus le heagraíochtaí pobail agus deonacha.
- Gan glacadh in aon chor le foréigean baile, gnéasach agus inscnebhunaithe ná leis na dearcthaí atá mar bhonn agus mar thaca leis in Éirinn.
- Tacú le híospartaigh na coireachta agus iad a chumhachtú, agus ár gcóras cúitimh d’íospartaigh a athchóiriú.
- Idirghabhálacha um cheartas i leith an aosa óig a bhrú chun cinn chun daoine óga a atreorú amach ó choireacht agus ó ghníomhaíochtaí frithshóisialta, agus chun daoine a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte agus andúile acu a atreorú amach ón gcóras ceartais choiriúil.
- Freagairt chuimsitheach do spás leordhóthanach daonnachtúil a chinntiú inár bpríosúin, agus smachtbhannaí malartacha agus díriú láidir ar athshlánú a bheith i bhfeidhm.
Torthaí
- Leibhéil laghdaithe choireachta.
- Ardleibhéil iontaoibhe agus mhuiníne as seirbhís póilíneachta a bheidh dea-acmhainnithe.
- Atitimeachas laghdaithe a eascróidh as ciontóirí a athimeascadh isteach sa tsochaí go héifeachtach, agus leibhéil níos airde atreoraithe amach ó ghníomhaíochtaí coiriúla agus frithshóisialta.
- Íospartaigh na coireachta a bheith ag fáil tacaíocht ón gcóras ceartais choiriúil, agus tuiscint a bheith acu ar a gcearta.
- Úsáid mhéadaithe a bheith á baint as smachtbhannaí éifeachtacha pobail, agus tuiscint mhéadaithe ag an bpobal ar na smachtbhannaí sin.
- Leitheadúlacht laghdaithe an fhoréigin baile, ghnéasaigh agus inscnebhunaithe, agus muinín mhéadaithe as cionta a thuairisciú agus as ionchúisimh éifeachtacha.