Cuardaigh ar fad gov.ie

Bailiúcháin

Ráiteas Straitéise 2025-2028 Sprioc 3: Córas éifeachtach inrochtana ceartais

Córas éifeachtúil ceartais a bheidh cóir, éifeachtach agus freagrúil do riachtanais na ndaoine atá ag lorg ceartais.

Cuspóirí

  • Córais réitigh díospóidí, lena n-áirítear na Cúirteanna, a bheidh éifeachtúil agus inrochtana do gach duine a dteastaíonn siad uathu.
  • Córas ceartais teaghlaigh lena dtabharfar tacaíocht do na tuairimí atá ag leanaí agus ag teaghlaigh, lena ndéanfar na tuairimí sin a choimirciú agus lena dtabharfar aird orthu.
  • Córais athchóirithe cúnaimh dhlíthiúil choiriúil agus shibhialta lena dtacófar le rochtain ar an gceartas.
  • Seirbhís Cróinéara a sholáthróidh cineálacha comhbhácha tráthúla tacaíochta.
  • Dlíthe clúmhillte athchóirithe lena ndéanfar saoirse tuairimíochta a chothromú le cosaint don dea-cháil agus dea-chlú atá ar dhaoine aonair.
  • Éifeachtúlacht níos fearr sna hidir-ghníomhaíochtaí idir gníomhaireachtaí ceartais choiriúil agus gníomhaireachtaí ceartais shibhialta.
  • Úsáid éifeachtach a bhaint as sonraí chun léargais a fheabhsú i ndáil le feidhmiú an chórais ceartais shibhialta agus an chórais ceartais choiriúil.
  • Feabhas a chur ar éifeachtúlacht sa chóras ceartais choiriúil trí athbhreithniú dírithe ar an bpróiseas cionta indíotáilte laistigh de na Cúirteanna Cuarda agus den Phríomh-Chúirt Choiriúil.

Torthaí

  • Agaí feithimh laghdaithe le haghaidh éisteachtaí cúirte, agus méadú ar an líon breithiúna.
  • Úsáid mhéadaithe a bheith á baint as sásraí malartacha díospóidí.
  • Úsáideoirí soghonta a bheith ábalta rochtain a fháil ar sheirbhísí ag a mbeidh an tacaíocht agus an t-eolas a theastaíonn uathu.
  • Cumas níos fearr chun acmhainní a chomhordú agus a spriocdhíriú agus chun cásanna a phróiseáil ar fud na hearnála ceartais.
  • Aitheantóir uathúil a bheith i bhfeidhm sa chóras ceartais choiriúil lena ndéanfar soláthar do thuilleadh taighde agus staitisticí maidir le conas a oibríonn an córas ar bhonn anaithnid.
  • Ionchúiseamh níos tapúla agus níos éifeachtúla cionta coiriúla tromchúiseacha, agus ionracas, meas agus cothroime á gcoinneáil ar bun ag gach céim den phróiseas.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat