Cuardaigh ar fad gov.ie

Bailiúcháin

Ráiteas Straitéise 2025-2028 Sprioc 4: Córas cóir daingean inimirce

Córas inimirce lena meallfar na daoine a theastaíonn ó Éirinn, a bheidh cóir d’iarratasóirí, agus a bheidh daingean maidir le forfheidhmiú ár ndlíthe.

Cuspóirí

  • Cur chuige straitéiseach pleanáilte tras-Rialtais i leith na himirce a chomhlíonfaidh riachtanais shochaí agus gheilleagar na hÉireann.
  • Seirbhísí inimirce agus cosanta idirnáisiúnta a bheidh éifeachtúil, gairmiúil agus bunaithe ar chórais dhigiteacha.
  • Comhshocrú Aontais Eorpaigh maidir le hImirce agus Tearmann a bheidh curtha chun feidhme go hiomlán agus lena soláthrófar cur chuige comhtháite i leith imirce agus tearmann a bhainistiú ar fud an Aontais Eorpaigh.
  • Athchóiriú a dhéanamh ar an raon sásraí um fhilleadh atá ar fáil chun an líon daoine a sheoltar ar ais chuig a dtíortha dúchais a mhéadú.
  • Sásraí éifeachtacha um lánpháirtíocht agus rannpháirtíocht an phobail chun tacú le comhtháthú sóisialta agus chun gach cineál ciníochais sa tsochaí a chomhrac.
  • Cóiríocht inbhuanaithe do dhaoine a mbeidh cosaint á lorg acu.
  • Freagairt chomhtháite inbhuanaithe do dheireadh a chur leis an Treoir um Chosaint Shealadach.

Torthaí

  • Straitéis náisiúnta imirce agus lánpháirtíochta a bheith foilsithe.
  • Córas inimirce a bheidh níos freagrúla do riachtanais a úsáideoirí, agus tréimhsí ama laghdaithe le haghaidh cinntí a bheidh gairmiúil agus ar ardchaighdeán i gcónaí.
  • Muinín a bheith ag an bpobal as ár gcórais maidir le hinimirce, le cosaint idirnáisiúnta agus le lánpháirtíocht.
  • Forfheidhmiú éifeachtach ár ndlíthe inimirce, lena n-áirítear daoine atá i láthair go neamhdhleathach sa Stát a dhíbirt.
  • Acmhainn mhéadaithe i gcóiríocht atá faoi úinéireacht an Stáit, agus spleáchas laghdaithe ar sholáthraithe tráchtála.
  • Conairí éifeachtacha a bheith i bhfeidhm do mhuintir na hÚcráine ar deonaíodh cosaint shealadach in Éirinn dóibh.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat