Ráiteas Straitéise 2025-2028 Sprioc 5: Ár dtionchar san Eoraip a mhéadú
- Foilsithe: 20 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 20 Samhain 2025
Caidrimh éifeachtacha a thógáil laistigh den Aontas Eorpach, leis an Ríocht Aontaithe agus le tíortha eile chun leasanna na hÉireann a chur ar aghaidh
Cuspóirí
- Ceannaireacht dhearfach agus rannpháirtíocht i leasanna na hÉireann leis an Ríocht Aontaithe agus san Aontas Eorpach agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta.
- An Comhlimistéar Taistil leis an Ríocht Aontaithe a chosaint.
- Struchtúir comhair idirnáisiúnta a leathnú, lena n-áirítear Oifig reachtúil nua um Chomhar Idirnáisiúnta chun go mbeifear in ann fianaise leictreonach le haghaidh imscrúduithe coiriúla a chomhroinnt thar teorainneacha.
- Uachtaránacht rathúil ar an Aontas Eorpach a chomhlíonfaidh tosaíochtaí na hÉireann sa Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile.
- Ag obair le comhpháirtithe idirnáisiúnta chun bagairtí comhroinnte na coireachta eagraithe agus na cibearchoireachta a chomhrac go héifeachtach.
- Ár n-oibleagáidí faoi Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chomhlíonadh, a mhéid a bhaineann siad le sábháilteacht an phobail, le rochtain ar an gceartas, leis an éilliú, agus leis an dúshaothrú.
Torthaí
- A chinntiú go léireofar seasaimh bheartais na hÉireann i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a mhéid is féidir, agus an dlí iomchuí Aontais Eorpaigh á chur isteach i ndlí na hÉireann laistigh de na tréimhsí ama riachtanacha, agus an líon beart Aontais Eorpaigh a roghnaíonn Éire páirt a ghlacadh iontu a mhéadú.
- Aistrithe éifeachtúla fianaise leictreonaí go hÉirinn agus ó Éirinn chun tacú le himscrúduithe coiriúla.
- Na cuspóirí Ceartais agus Gnóthaí Baile atá le hUachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach a bheith bainte amach.
- Feabhsuithe seasta sna táscairí iomchuí maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe.
- Laghdú a dhéanamh ar imeachtaí sáraithe a eascraíonn as moilleanna ar bhearta Aontais Eorpaigh a thrasuí.