Cuardaigh ar fad gov.ie

Bailiúcháin

Ráiteas Straitéise 2025-2028 Sprioc 6: Daoine, córais agus teicneolaíocht chun an tsármhaitheas a bhaint amach

Infheistiú inár ndaoine, inár gcórais agus inár dteicneolaíocht chun seirbhísí den scoth a sholáthar, an chaoi a n-oibrímid i gcomhpháirt a chothú agus a neartú, agus tuiscint an phobail ar ár gcuid oibre a mhéadú.

Cuspóirí

  • Aistrithe freagrachta as cibearshlándáil, as cosaint idirnáisiúnta agus lánpháirtíocht, agus as cóiríocht d’Úcránaigh a chur i gcrích, agus na daoine atá ag obair sna réimsí sin a chomhtháthú go rathúil isteach i struchtúir uile na Roinne.
  • An Roinn a bheith ag mealladh agus ag forbairt ár ndaoine agus ag tacú leo chun a chinntiú go mbeidh siad in ann rath agus bláth a bhaint amach ag an obair.
  • Ár réimsí soláthair seirbhíse a nuachóiriú agus a bhunathrú, lena n-áirítear trí thairseacha ar líne, trí uirlisí digiteacha um sheirbhís do chustaiméirí agus trí chórais chomhtháite bhainistithe cásanna.
  • Uirlisí agus teicneolaíochtaí éifeachtacha a bheith i bhfeidhm chun tacú lenár ndaoine obair go comhoibríoch laistigh den Roinn agus lenár gcomhpháirtithe.
  • Sásraí láidre agus éifeachtacha rialachais, lena n-áirítear luach ar airgead a chinntiú i ngach réimse, agus próisis thiomnaithe ann lena ndéanfar formhaoirseacht ar infheistíocht i mórthionscadail TF agus chaipitil.
  • Obair na Roinne a chur in iúl ar bhealach níos éifeachtaí, rud a chuirfidh ar chumas daoine tuiscint a fháil ar leithead agus cáilíocht na hoibre a dhéanaimid.
  • Sonraí agus anailís ardchaighdeáin a bheith ann, úsáid a bheith á baint as fianaise atá ann cheana, agus taighde nua a bheith á ghiniúint, le tacaíocht ó straitéis taighde agus ó chaidrimh láidre le comhpháirtithe taighde.

Torthaí

  • Rannpháirtíocht fheabhsaithe foirne ar fud príomhtháscairí éagsúla.
  • Deireadh a bheith curtha le próiseáil pháipéarbhunaithe, córais oidhreachta a bheith athsholáthartha, seirbhís fheabhsaithe do chustaiméirí, agus éifeachtúlachtaí próiseála.
  • Leibhéil rannpháirtíochta a mhéadú go hinmheánach agus leis na príomh-gheallsealbhóirí uile.
  • Rialuithe láidre airgeadais agus rialachas láidir airgeadais a bheith i bhfeidhm, lena n-áirítear nuashonruithe tráthrialta ar chreat rialachais chorparáidigh na Roinne.
  • Straitéis cumarsáide nua don Roinn ina sainaithneofar tacar intomhaiste príomhtháscairí.
  • Cur chuige fianaisebhunaithe i leith cinnteoireachta agus forbairt beartas, agus trédhearcacht á méadú trí shonraí oscailte agus foilseacháin eile a fhorbairt.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat