Aighneachtaí
-
Ó: An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce; Athbhreithniú ar Cheartas Sibhialta
- Foilsithe: 10 Bealtaine 2022
- An t-eolas is déanaí: 11 Feabhra 2026
- Fadú leis an Spriocdháta le haghaidh Aighneachtaí
- Aighneachtaí chuig an Athbhreithniú ar Riaradh an Cheartais Shibhialta
- Liosta de na hAighneachtaí
Fadú leis an Spriocdháta le haghaidh Aighneachtaí
Tabhair do d’aire, le do thoil, gur fadaíodh an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí chuig an Athbhreithniú ar Riaradh an Cheartais Shibhialta go dtí an 30 Meitheamh 2018. Seol aon aighneachtaí, san fhormáid atá leagtha amach thíos, chuig submissions@civiljusticereview.ie
Aighneachtaí chuig an Athbhreithniú ar Riaradh an Cheartais Shibhialta
Bunaíodh grúpa faoi chathaoirleacht ag an mBreitheamh Onórach Kelly, Uachtarán na hArd-Chúirte, chun athbhreithniú a dhéanamh ar riaradh an cheartais shibhialta sa Stát. Tá an grúpa le tuairisc a thabhairt don Aire Dlí agus Cirt. Déanfaidh sé moltaí d’fhonn feabhas a chur ar rochtain ar cheartas sibhialta sa Stát.
Níl nithe Dlí Teaghlaigh ar áireamh i sainchúram an ghrúpa toisc gur ann cheana féin do rún a fógraíodh go poiblí ón Rialtas reachtaíocht nuachóirithe a thabhairt chun cinn i riocht Bhille na gCúirteanna Teaghlaigh.
Iarrann an Grúpa aighneachtaí ó dhaoine leasmhara nó ó pháirtithe leasmhara maidir lena chuid oibre. Is mar a leanas a bheidh na topaicí leathana a mbeidh an Grúpa ag plé leo, i gcomhthéacs foriomlán feabhas a chur ar rochtain ar cheartas agus costais dlíthíochta a laghdú:
(a) Nósanna imeachta agus cleachtais a fheabhsú, agus rialacha nós imeachta atá as dáta, neamhriachtanach nó róchasta a bhaint;
(b) athbhreithniú a dhéanamh ar dhlí an fhollasaithe;
(c) modhanna malartacha chun díospóidí a réiteach a spreagadh;
(d) Athbhreithniú a dhéanamh ar úsáid modhanna leictreonacha cumarsáide, lena n-áirítear ríomhdhlíthíocht, agus ar na féidearthachtaí a bhaineann le doiciméid chúirte (lena n-áirítear aighneachtaí agus pléadálacha) a chur ar fáil nó a dhéanamh inrochtana ar an Idirlíon;
(e) Torthaí níos éifeachtaí a bhaint amach d’úsáideoirí cúirte, go háirithe úsáideoirí leochaileacha cúirte.
Ba cheart aighneachtaí a sheoladh i bhfoirm leictreonach amháin chuig submissions@civiljusticereview.ie faoi 12pm Dé hAoine an 16 Feabhra 2018.
Ní ceadmhach d’aighneachtaí a bheith níos mó ná 5,000 focal ar fad, agus seolfar ar ais aon aighneachtaí is mó ná an líon sin focal. Ní mór an réimse ar leith d’obair an ghrúpa, mar atá sa liosta thuas, a lua i líne ábhair an ríomhphoist agus aighneachtaí á gcur isteach. Féadfar níos mó ná aighneacht amháin a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar réimsí éagsúla. Tabhair do d’aire, le do thoil, gur féidir go bhfoilseofar aighneachtaí amach anseo.