Tacaíochtaí agus Seirbhísí
- Foilsithe: 27 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 27 Eanáir 2026
Is féidir gur údar suaite nó struis, nó gur údar tráma in amanna, do gach ball den teaghlach é déileáil le socruithe cothabhála leanaí agus le saincheisteanna eile ceartais teaghlaigh. Gheobhaidh tú naisc thíos chuig roinnt seirbhísí tacaíochta teaghlaigh ar féidir leo cabhrú leat.
Faisnéis do Shaoránaigh: Soláthraíonn suíomh Gréasáin an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh faisnéis chuimsitheach faoi sheirbhísí poiblí agus faoi na teidlíochtaí atá ag saoránaigh in Éirinn.
Fóram Náisiúnta na nIonad Acmhainní Teaghlaigh: An comhlacht ionadaíoch náisiúnta agus piarthacaíochta do 126 Ionad Acmhainní Teaghlaigh ar fud na hÉireann.
FLAC: Seirbhís rúnda saor in aisce a sholáthraíonn comhairle dlí is ea an tIonad Comhairle Dlí Saor in Aisce (FLAC).
An Bord um Chúnamh Dlíthiúil: Is féidir go mbeidh an Bord um Chúnamh Dlíthiúil in ann comhairle dhlíthiúil agus ionadaíocht dhlíthiúil sa chúirt a sholáthar duit, chomh maith le Seirbhís Idirghabhála Teaghlaigh rúnda saor in aisce a thairiscint. Is féidir leat mionsonraí a fháil maidir le conas teagmháil a dhéanamh leis an ionad dlí is gaire duit ar a shuíomh Gréasáin.
MABS: Seirbhís saor in aisce agus rúnda do dhaoine a bhfuil fadhbanna acu le bainistíocht airgid agus le fiachas is ea an tSeirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (MABS).
One Family: Soláthraíonn One Family tacaíocht éisteachta agus faisnéis do dhaoine atá ag comhlíonadh freagrachtaí tuismitheoireachta ina n-aonar, atá ag comhroinnt freagrachtaí tuismitheoireachta, agus atá ag scaradh.
Rainbows Ireland: Tacaíonn Rainbows Ireland le leanaí a bhfuil fadhbanna méala agus fadhbanna scartha tuismitheoirí acu.
Treoir: Is í Treoir an tSeirbhís Náisiúnta Faisnéise Speisialaithe do thuismitheoirí neamhphósta agus dá leanaí.
Tusla: Is í an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach an ghníomhaireacht thiomnaithe Stáit anois atá freagrach as folláine agus torthaí do leanaí a fheabhsú.
Faigh tuilleadh faisnéise anseo faoi sheirbhísí tacaíochta breise atá ar fáil chun cabhair a thabhairt: https://services.courts.ie/Family-Law/support-services