Cairt Íospartach

Cuardaigh ar fad gov.ie

Bailiúcháin

Cairt Íospartach

Maidir leis an gCairt Íospartach

Is é cuspóir na Cairte Íospartach cabhrú leat teacht ar an tacaíocht a theastaíonn uait dá dtiocfá chun bheith i d’íospartach coireachta choíche. Déantar cur síos sa Chairt ar an gCóras Ceartais Choiriúil chun cabhrú leat tuiscint a fháil ar a bhfuiltear ag súil leis agus chun an t-aistear atá romhat a mhíniú.

Tá sé sin roinnte ina thrí phríomhchéim:

  • An Chéim Tacaíochta agus Tuairiscithe
  • An Chéim Próisis Cúirteanna
  • An Chéim Iar-Thrialach

Ar shuíomh Gréasáin na Cairte Íospartach, tabharfar duit an fhaisnéis a bheidh ábhartha duit ag gach ceann de na céimeanna sin.

Áirítear leis freisin:

  • Rannán ar a bpléitear do chearta agus an dlí
  • Treoir Béarla shimplí ar théarmaí dlí
  • Faisnéis faoi conas a dhéantar cás coiriúil a imscrúdú agus a ionchúiseamh
  • An dlí maidir le Foréigean Baile agus le Foréigean Gnéasach
  • Tuairiscí ar na cosaintí atá ar fáil d’íospartaigh trí orduithe éagsúla cúirte.

Tabhair cuairt ar victimscharter.ie le haghaidh tuilleadh faisnéise.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat