An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Cairt Íospartach
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Maidir leis an gCairt Íospartach
Is é cuspóir na Cairte Íospartach cabhrú leat teacht ar an tacaíocht a theastaíonn uait dá dtiocfá chun bheith i d’íospartach coireachta choíche. Déantar cur síos sa Chairt ar an gCóras Ceartais Choiriúil chun cabhrú leat tuiscint a fháil ar a bhfuiltear ag súil leis agus chun an t-aistear atá romhat a mhíniú.
Tá sé sin roinnte ina thrí phríomhchéim:
- An Chéim Tacaíochta agus Tuairiscithe
- An Chéim Próisis Cúirteanna
- An Chéim Iar-Thrialach
Ar shuíomh Gréasáin na Cairte Íospartach, tabharfar duit an fhaisnéis a bheidh ábhartha duit ag gach ceann de na céimeanna sin.
Áirítear leis freisin:
- Rannán ar a bpléitear do chearta agus an dlí
- Treoir Béarla shimplí ar théarmaí dlí
- Faisnéis faoi conas a dhéantar cás coiriúil a imscrúdú agus a ionchúiseamh
- An dlí maidir le Foréigean Baile agus le Foréigean Gnéasach
- Tuairiscí ar na cosaintí atá ar fáil d’íospartaigh trí orduithe éagsúla cúirte.
Tabhair cuairt ar victimscharter.ie le haghaidh tuilleadh faisnéise.