Tuilleadh Faisnéise agus Taighde
- Foilsithe: 27 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 27 Eanáir 2026
Léigh tuilleadh faoi na rudaí atá á ndéanamh ag an Rialtas chun go mbeidh sé níos fusa cothabháil leanaí a íoc agus próisis eile ceartais teaghlaigh a chur i gcrích.
- Leagtar amach sa Straitéis Ceartais Teaghlaigh 2022 – 2025 na céimeanna is gá chun córas cúirte teaghlaigh níos éifeachtaí agus níos áisiúla don úsáideoir a chruthú, ar córas é a chuirfidh an teaghlach agus leanaí i gcroílár a chuid oibre.
- Achtaíodh an tAcht um Leas Sóisialach agus um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2023, chun an córas cothabhála leanaí a athchóiriú, cé is moite d’íocaíochtaí ó aon tástálacha acmhainne leasa shóisialaigh.
- Foilsíodh an tAthbhreithniú ar Fhorfheidhmiú Orduithe Cothabhála Leanaí i mí Eanáir 2024, ina bhfuil 26 mholadh chun an córas reatha a fheabhsú.
- Sheol Séamus Ó Ceallacháin, an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, suirbhé poiblí i mí Aibreáin 2025 chun cabhrú le bonn eolais a chur faoi fhorbairt treoirlínte deonacha nua a bhaineann le cothabháil leanaí a íoc.