Cuardaigh ar fad gov.ie

Beathaisnéisí

Niall Ó Coileáin

Tá Niall Ó Coileáin ina Aire Stáit ag an Roinn Dlí agus Cirt le freagracht speisialta as an Dlí Idirnáisiúnta, Athchóiriú an Dlí agus Ceartas Óige. Ceapadh sa ról seo é an 29 Eanáir 2025.

Roimhe seo bhí sé ina Aire Stáit ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta le freagracht speisialta as Scileanna agus Breisoideachas ó mhí Iúil 2020.

Tá sé ina Theachta Dála do dháilcheantar Chontae Luimnigh ó 2016, agus roimhe sin ó 2011 go 2016 do dháilcheantar Luimnigh agus ó 2007 go 2011 do thoghcheantar Luimnigh Thiar.

D’fhóin sé mar bhall de Chomhairle Contae Luimnigh do Thoghcheantar Áitiúil an Bhrú, agus é tofa ar an gcomhairle den chéad uair i dtoghcháin áitiúla 2004.

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Uasal Ó Coileáin ag niall.collins@oireachtas.ie

Róil

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat