Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Suirbhé poiblí ar líne ar shábháilteacht pobail chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt na chéad Straitéise Náisiúnta le haghaidh Sábháilteacht Pobail a Fheabhsú

Tá an Comhairliúchán ar oscailt


Cé atá ag reáchtáil an tsuirbhé seo?

Is í fís na Roinne Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce go mbeadh Éire sábháilte, cóir agus uilechuimsitheach. Tá a lán freagrachtaí difriúla orainn, lena n-áirítear:

  • cosc ar an gcoireacht
  • an tslándáil náisiúnta
  • an ceartas
  • an inimirce

Féach an suíomh Gréasáin le haghaidh tuilleadh faisnéise.

Is í an Oifig Náisiúnta um Shábháilteacht Pobail, arb oifig de chuid na Roinne Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce í, atá ag seoladh an tsuirbhé seo thar ceann na Roinne. Bunaíodh an Oifig sa bhliain 2025 faoin Acht um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail, 2024.

Féach an suíomh Gréasáin le haghaidh tuilleadh faisnéise.

Maidir leis an suirbhé seo

Tá an chéad Straitéis Náisiúnta le haghaidh Sábháilteacht Pobail a Fheabhsú de chuid na hÉireann riamh á forbairt mar chuid den Acht um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail, 2024.

Tá sé mar aidhm leis an Straitéis Náisiúnta le haghaidh Sábháilteacht Pobail a Fheabhsú freagairt do na riachtanais agus na hábhair imní atá ag pobail agus cabhrú le seirbhísí poiblí agus le pobail obair le chéile ar bhealach comhtháite chun pobail a dhéanamh níos sábháilte.

Tá an suirbhé seo ceaptha chun tacú le daoine den phobal a dtuairimí a thabhairt maidir le sábháilteacht pobail chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt na straitéise. Tá an suirbhé seo ar oscailt do gach duine atá ina gcónaí i bPoblacht na hÉireann. Ba cheart go dtógfadh sé idir X nóiméad agus X nóiméad chun é a chomhlánú.

Cén fáth ar cheart duit an suirbhé seo a chomhlánú?

Tríd an suirbhé seo a chomhlánú, is féidir linn a fháil amach cé na nithe a fhágann go mothaíonn tú sábháilte nó neamhshábháilte. Beidh sé sin ina chabhair ansin agus muid ag cruthú beartas poiblí maidir le sábháilteacht pobail.

Is é is beartas poiblí ann ná na nithe a dhéanann ár rialtas, ár n-údaráis áitiúla agus ár gcomhlachtaí poiblí eile chun déileáil le fadhbanna nó saincheisteanna a dhéanann difear do dhaoine aonair, do phobail agus don tír ina hiomláine.

Beartas rialtais a bheidh sa Straitéis Náisiúnta le haghaidh Sábháilteacht Pobail a Fheabhsú. Mar gheall air sin, ba mhaith linn cloisteáil ón oiread daoine agus is féidir.

An mbeidh mo chuid freagraí gan ainm?

Beidh. Beidh do chuid freagraí gan ainm. Fágann sé sin nach mbeidh a fhios againn cé thú féin. Ná cuir d’fhaisnéis phearsanta le do chuid freagraí, le do thoil. Cinnteoidh sé sin nach mbeifear in ann tú a shainaithint.

Déanfaimid freagraí a ghrúpáil le chéile i dtuarascáil. Cabhróidh sé sin lena chinntiú go gcoimeádfaimid do chuid freagraí gan ainm.

Saoráil Faisnéise

Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin, is féidir go mbeidh freagraí ar an suirbhé faoi réir iarrataí faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014. Fágann sé sin nach mór dúinn an fhaisnéis sin a eisiúint má iarrann duine aonair nó eagraíocht orainn déanamh amhlaidh. Iarraimid ort gan aon fhaisnéis phearsanta a chur le do chuid freagraí ar an suirbhé seo. Má tá aon fhaisnéis phearsanta ann sna freagraí, áfach, bainfimid í sula dtabharfaimid an fhaisnéis amach.

Ba mhaith liom an suirbhé a dhéanamh. Conas a thosaím?

Cliceáil ar an gcnaipe thíos, le do thoil, chun páirt a ghlacadh sa suirbhé seo.

Leis an bPost

Déan an leagan soléite PDF a chló amach. Déan é a chomhlánú de láimh agus cuir ar ais chugainn é leis an bpost chuig:

An Oifig Náisiúnta um Shábháilteacht Pobail (Comhchomhairliúchán maidir le Straitéis Náisiúnta)

Seoladh:
51 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2, D02 HK52
Ríomhphost:

strategy@communitysafety.ie

Ar an ríomhphost

Is féidir leat do fhreagra a scanadh agus a chur ar an ríomhphost chuig strategy@communitysafety.ie, freisin.

Ba cheart aon cheisteanna i ndáil leis an Straitéis Náisiúnta le haghaidh Sábháilteacht Pobail a Fheabhsú a sheoladh chuig strategy@communitysafety.ie

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat