An Clár Willing Able Mentoring (WAM)
- Foilsithe: 9 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 29 Eanáir 2026
Cúlra
Comhoibríonn an Roinn leis an Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin, le AHEAD agus le Publicjobs ar an gclár Willing Able Mentoring (WAM). Tá sé mar aidhm leis an gclár sin rochtain ar an margadh saothair a chur chun cinn do chéimithe a bhfuil míchumas orthu agus cur le hacmhainn na bhfostóirí chun míchumas a chomhtháthú isteach san áit oibre phríomhshrutha. Tugann céimithe WAM faoi shocrúchán taithí oibre 10 mí lena ngabhann conair chuig post buan.
Conas iarratas a dhéanamh (Cén uair)
Is féidir le céimithe a bhfuil míchumas orthu clárú le bunachar sonraí oibreacha an chláir WAM chun fógra a fháil faoi róil sa chlár WAM agus chun iarratas a dhéanamh orthu.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin gclár WAM, téigh chuig suíomh Gréasáin AHEAD ag www.ahead.ie