Clár Intéirneachtaí Sheirbhís Eacnamaíochta agus Meastóireachta Rialtas na hÉireann (IGESS)
- Foilsithe: 9 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 29 Eanáir 2026
< Intéirneachtaí agus Cláir Dlí << Clár Intéirneachtaí Sheirbhís Eacnamaíochta agus Meastóireachta Rialtas na hÉireann (IGESS)
Cúlra
Tugann Clár Intéirneachtaí Sheirbhís Eacnamaíochta agus Meastóireachta Rialtas na hÉireann (IGESS) deis do mhic léinn ó chláir ag an leibhéal Fochéime agus ag an leibhéal Máistreachta araon taithí luachmhar a fháil in aonaid IGEES ar fud na Státseirbhíse.
Le linn an chláir, oibreoidh na hintéirnigh ar thionscadail éagsúla, lena n-áirítear:
- Obair thionscadail lena mbaineann anailís sonraí agus taighde;
- Na cúraimí a eascraíonn as gnáthobair laethúil na Státseirbhíse a chur i gcrích;
- Deiseanna le haghaidh oiliúint ar an láthair oibre agus le haghaidh forbartha.
Tionacht
- 12 sheachtain (Meitheamh go Meán Fómhair)
Incháilitheacht
- Glactar le hiarratais uathu sin atá sa bhliain deiridh nó sa bhliain roimh an mbliain deiridh de Chéim Bhaitsiléara, nó uathu sin atá ag déanamh Céim Mháistreachta.
Conas iarratas a dhéanamh
- Déantar iarratais ar an gclár intéirneachtaí trí Ollscoileanna agus ba cheart do mhic léinn teagmháil a dhéanamh lena gcomhordaitheoirí cláir le haghaidh mionsonraí.
- Le haghaidh tuilleadh faisnéise faoin gclár, téigh chuig: Clár Intéirneachtaí IGEES
* Chun oscailteacht, trédhearcacht agus cothroime a chinntiú, ní ghlacann an Fhoireann Acmhainní Daonna le CVanna ach amháin ón Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin, a dhéileálann go díreach le hollscoileanna. Ní dhéanann an Fhoireann Acmhainní Daonna teagmháil dhíreach le mic léinn aonair.