Táim neamhrialta sa Stát agus níl aon ordú díbeartha agam
- Foilsithe: 9 Feabhra 2026
- An t-eolas is déanaí: 9 Feabhra 2026
Níl an cúnamh ath-lánpháirtíochta méadaithe ar fáil ach amháin do dhaoine sa phróiseas Cosanta Idirnáisiúnta a rinne iarratas ar Chosaint Idirnáisiúnta in Éirinn roimh an 28 Meán Fómhair 2025.
Má tá tú gan doiciméad sa Stát, agus mura bhfuil iarratas ar Chosaint Idirnáisiúnta agat, d’fhéadfá a bheith incháilithe fós le haghaidh cúnamh ath-lánpháirtíochta nuair a roghnaíonn tú filleadh go deonach ar do thír thionscnaimh nó ar do ghnátháit chónaithe.
Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar €1200 mar dhuine aonair, agus uasteorainn €2000 i bhfeidhm do theaghlach.
Nuair a bheidh tú ag fágáil, gheobhaidh tú cuid de do dheontas ar chárta dochair réamhíoctha, rud is féidir leat a úsáid láithreach ar theacht abhaile duit. Beidh an chuid eile den deontas in airgead comhchineáil agus d’fhéadfadh sé cabhrú leat gnólacht beag a bhunú nó freastal ar chúrsa oideachais.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach na mionsonraí thíos:
An Clár um Fhilleadh Deonach
- Seoladh:
- An 2ú hUrlár, Campas Iarthar na Cathrach, Teach Sagard, Baile Átha Cliath
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
+353877193579
- Achoimre:
- Faigh tuilleadh faisnéise faoin gclár um fhilleadh deonach agus déan iarratas