Clár Intéirneachtaí Sheirbhís Eacnamaíochta agus Meastóireachta Rialtas na hÉireann (IGESS)

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Clár Intéirneachtaí Sheirbhís Eacnamaíochta agus Meastóireachta Rialtas na hÉireann (IGESS)


Group photo of Irish Government Economic and Evaluation Service (IGESS) Interns

Cúlra

Tugann Clár Intéirneachtaí Sheirbhís Eacnamaíochta agus Meastóireachta Rialtas na hÉireann (IGESS) deis do mhic léinn ó chláir ag an leibhéal Fochéime agus ag an leibhéal Máistreachta araon taithí luachmhar a fháil in aonaid IGEES ar fud na Státseirbhíse.

Le linn an chláir, oibreoidh na hintéirnigh ar thionscadail éagsúla, lena n-áirítear:

  • Obair thionscadail lena mbaineann anailís sonraí agus taighde;
  • Na cúraimí a eascraíonn as gnáthobair laethúil na Státseirbhíse a chur i gcrích;
  • Deiseanna le haghaidh oiliúint ar an láthair oibre agus le haghaidh forbartha.

Tionacht

  • 12 sheachtain (Meitheamh go Meán Fómhair)

Incháilitheacht

  • Glactar le hiarratais uathu sin atá sa bhliain deiridh nó sa bhliain roimh an mbliain deiridh de Chéim Bhaitsiléara, nó uathu sin atá ag déanamh Céim Mháistreachta.

Conas iarratas a dhéanamh

  • Déantar iarratais ar an gclár intéirneachtaí trí Ollscoileanna agus ba cheart do mhic léinn teagmháil a dhéanamh lena gcomhordaitheoirí cláir le haghaidh mionsonraí.
  • Le haghaidh tuilleadh faisnéise faoin gclár, téigh chuig: Clár Intéirneachtaí IGEES

* Chun oscailteacht, trédhearcacht agus cothroime a chinntiú, ní ghlacann an Fhoireann Acmhainní Daonna le CVanna ach amháin ón Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin, a dhéileálann go díreach le hollscoileanna. Ní dhéanann an Fhoireann Acmhainní Daonna teagmháil dhíreach le mic léinn aonair.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat