Printíseachtaí TFC
- Foilsithe: 9 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 29 Eanáir 2026
Cúlra
An bhfuil spéis AGATSA i ngairm a thosú i réimse na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) agus i bpáirt ghníomhach a ghlacadh i dtionscadail dhigiteacha iontacha ar féidir leo fíorthionchar a bheith acu agus cabhrú le saol daoine eile a fheabhsú?
Cén fáth nach smaoineofá ar phrintíseacht TFC dhá bhliain a dhéanamh leis an Státseirbhís?
Mar Phrintíseach TFC, beidh an deis agat cáilíocht aitheanta a bhaint amach, taithí phraiticiúil a fháil agus do scileanna a fhorbairt i dtimpeallacht thacúil chomhoibríoch. Mar phrintíseach, beidh tú ag obair i dteannta gairmithe a bhfuil taithí acu agus ag rannchuidiú le tionscadail agus seirbhísí fiúntacha a bhfuil fíorthionchar acu.
Tríd an bprintíseacht dhá bhliain a chríochnú go rathúil agus tríd an gcáilíocht fhoirmiúil a bhaint amach, beidh deis agat dul isteach sa Státseirbhís agus do ghairm a thosú mar Speisialtóir TFC ag leibhéal an Oifigigh Feidhmiúcháin. D’fhéadfadh sé sin a bheith ar an gcéad chéim i dtreo gairm fhada shásúil sa tseirbhís phoiblí, áit a mbeidh tú ag obair chun réitigh dhigiteacha ardchaighdeáin úrscothacha a sholáthar do chomhghleacaithe agus don phobal.
Cén fáth nach dtapófá an deis iontach seo chun teacht linn agus chun tuilleamh agus tú ag foghlaim?
Is iad na poist a bhfuil earcaíocht á déanamh againn lena n-aghaidh sa chomórtas seo ná printíseachtaí i dtrí dhisciplín éagsúla:
- Forbairt Bogearraí;
- Líonrú Ríomhairí; agus
- Cibearshlándáil.
Conas iarratas a dhéanamh
Molaimid duit dul chuig www.publicjobs.ie, áit a bhfoilseofar an chéad chomórtas eile le haghaidh na printíseachta seo, agus clárú le haghaidh foláirimh a fháil ón suíomh Gréasáin sin.