Saoráil Faisnéise
- Foilsithe: 3 Eanáir 2020
- An t-eolas is déanaí: 12 Nollaig 2025
- Cad is Saoráil Faisnéise ann
- Taifid ar féidir leat rochtain a fháil orthu
- An Scéim Foilsitheoireachta um Shaoráil Faisnéise
- Tuilleadh eolais
- Tá treoracha maidir le conas iarraidh a dhéanamh ar fáil ag an nasc thíos
- Logaí Nochta Saorála Faisnéise
- Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol
Cad is Saoráil Faisnéise ann
Tháinig an tAcht um Shaoráil Faisnéise i bhfeidhm ar an 21 Aibreán 1998. Achtaíodh an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014, ar an 14 Deireadh Fómhair 2014.
Faoin tsaoráil faisnéise, tá sé de cheart agat:
- rochtain a fháil ar thaifid atá ina seilbh ag roinn rialtais nó ag comhlachtaí poiblí áirithe
- a iarraidh go gceartófaí faisnéis phearsanta a bhaineann leat agus atá ina seilbh ag roinn rialtais nó ag comhlachtaí poiblí áirithe i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin míchruinn, neamhiomlán nó míthreorach
- cúiseanna a fháil le breith arna tabhairt ag roinn rialtais nó comhlachtaí poiblí áirithe i gcás ina ndéanann an bhreith difear duit
Taifid ar féidir leat rochtain a fháil orthu
Is féidir leat na taifid seo a leanas atá ina seilbh ag roinn nó ag comhlachtaí áirithe a iarraidh:
- Aon taifid a bhaineann leatsa go pearsanta, is cuma cén uair a cruthaíodh iad.
Tabhair do d’aire, le do thoil, nach foláir an méid seo a leanas a bheith ag gabháil le gach iarraidh ar fhaisnéis phearsanta, cibé acu a chuireann duine aonair an iarraidh isteach nó a chuireann aturnae an iarraidh isteach thar ceann duine aonair:
- thar ceann duine aonair – toiliú ón duine aonair, maille le haitheantas fótagrafach agus é a bheith ar cheann díobh seo a leanas – pas reatha, ceadúnas tiomána reatha nó cárta seirbhísí poiblí reatha
- duine aonair atá ag iarraidh a dtaifead pearsanta féin – pas reatha, ceadúnas tiomána reatha nó cárta seirbhísí poiblí reatha
- Gach taifead eile a cruthaíodh tar éis an 21 Aibreán 1998.
Féadfaidh ‘taifead’ a bheith ina dhoiciméad páipéir, faisnéis a choimeádtar ar ríomhaire, asphriontaí, léarscáileanna, pleananna, micreascannán, micrifís, ábhar closamhairc, agus mar sin de.
Ní gá duit cúis a thabhairt maidir le cén fáth a dteastaíonn uait rochtain a fháil ar thaifid ar leith, agus ní foláir don roinn rialtais nó don chomhlacht lena mbaineann míniú a thabhairt duit má dhiúltaíonn an roinn nó an comhlacht sin rochtain a thabhairt duit ar aon taifead atá iarrtha agat. De ghnáth, ní foláir breith a thabhairt ar d’iarraidh saorála faisnéise laistigh de 20 lá oibre.
An Scéim Foilsitheoireachta um Shaoráil Faisnéise
Le hAlt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014, ceanglaítear ar an roinn scéim a ullmhú agus a fhoilsiú maidir le foilsiú faisnéise ag an roinn.
Ullmhaíodh an scéim seo i gcomhréir leis na treoirlínte a chuir an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar fáil.
Tuilleadh eolais
Chun eolas níos cuimsithí a fháil faoin tSaoráil Faisnéise, lena n-áirítear téacs na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise, tabhair cuairt, le do thoil, ar shuíomh gréasáin an Aonaid Beartais Lárnaigh um Shaoráil Faisnéise sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.
Tá treoracha maidir le conas iarraidh a dhéanamh ar fáil ag an nasc thíos
Logaí Nochta Saorála Faisnéise
Is féidir leat rochtain a fháil ar ár liosta de bhreitheanna saorála faisnéise neamhphearsanta trí chliceáil ar an nasc thíos.
Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol
Léigh tuilleadh faoi Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, eolas ginearálta faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol), ina n-áirítear eolas cúlra maidir leis an reachtaíocht, eolas faoi conas iarratas a dhéanamh ar Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, mionsonraí teagmhála, agus eolas faoi tháillí.
Is ceart gach iarraidh faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise a dhíriú chuig:
Louise Keane, an tOifigeach Comhordaithe um Shaoráil Faisnéise
- Seoladh:
- 51 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2, D02 HK52
- Ríomhphost:
- Achoimre:
- An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce
Tabhair do d’aire:
Is chun d’iarraidh saorála faisnéise a phróiseáil a úsáidfear an fhaisnéis agus na sonraí pearsanta a chuireann tú isteach agus d’iarraidh á déanamh agat, agus coinneofar iad ar feadh tréimhse, lena dtugtar caoi chun aon achomharc (Inmheánach/chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise) a dhéanamh. Coinneofar an taifead ar d’iarraidh chun críocha tagartha agus staidrimh. Maidir leis na sonraí pearsanta go léir agus leis an bhfaisnéis phearsanta go léir a chuireann tú isteach, déileálfaimid leo i modh rúin, de réir Rialachán Ginearálta an AE maidir le Cosaint Sonraí agus an Achta um Chosaint Sonraí, 2018.
Is féidir téacs iomlán Fhógra Príobháideachta na roinne a fháil ag:
Is féidir téacs iomlán Bheartas Cosanta Sonraí na roinne a fháil ag: An Beartas Cosanta Sonraí
Is ceart duit a thabhairt do d’aire, freisin, go ndéanfar mionsonraí iarrataí saorála faisnéise neamhphearsanta a thaifeadadh inár Loga Nochta um Shaoráil Faisnéise ar ár suíomh gréasáin.