An Ciste Lánpháirtíochta
Tacaíonn an Ciste Lánpháirtíochta le pobail ar fud na hÉireann ról níos mó a imirt i lánpháirtiú imirceach a chur chun cinn, agus díriú sonrach á leagan ar dhaoine atá ag lorg cosaint idirnáisiúnta.
Cuirtear cistiú ar fáil d’eagraíochtaí chun tionscadail lánpháirtíochta a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal áitiúil. I measc na n-eagraíochtaí atá incháilithe le haghaidh iarratas a dhéanamh tá grúpaí pobail áitiúla, carthanais, grúpaí creideamhbhunaithe, scoileanna foirmiúla agus neamhfhoirmiúla, agus eagraíochtaí cultúir. Ní mór d’eagraíochtaí is iarratasóirí feidhmiú ar bhonn neamhbhrabúis.
Ciste 2025
An 3 Iúil 2025, d’fhógair Colm Brophy, an tAire Stáit le freagracht as Imirce, cistiú ab fhiú €3,500,000 faoin gCiste Lánpháirtíochta 2025.
Comhcheanglaíonn an Ciste dhá chiste a reáchtáiltí roimhe sin – an Ciste Lánpháirtíochta Cosanta Idirnáisiúnta (IPIF) agus an Ciste Lánpháirtíochta Pobal (CIF). Ó uair a mbunaithe i leith, tá cistiú is fiú €10m, beagnach, curtha ar fáil ag an dá chiste do bhreis agus 1,000 tionscadal ar fud na tíre. Tá aon eagraíocht a rinne iarratas ar an IPIF nó ar an CIF i mblianta roimhe seo fós incháilithe le haghaidh iarratas a dhéanamh ar an gCiste Lánpháirtíochta 2025.
Tá dhá Scéim ag an gciste.
Scéim A
Tá sé mar chuspóir le Scéim A tacú le pobail ar fud na hÉireann ról níos mó a imirt i gcur chun cinn a dhéanamh ar lánpháirtiú na ndaoine atá ag lorg cosaint idirnáisiúnta, idir aosaigh agus leanaí.
Dá bhrí sin, ba cheart daoine atá ag lorg cosaint idirnáisiúnta a bheith ar an bpríomh-spriocghrúpa le haghaidh gach iarratais faoi Scéim A. Cé gur féidir go mbainfidh daoine aonair eile leas as an tionscadal, ní mór formhór na rannpháirtithe i dtionscadal a bheith ina ndaoine atá sa phróiseas cosanta idirnáisiúnta. Ós rud é go bhfuil Scéim A beartaithe chun lánpháirtiú na ndaoine sa phróiseas cosanta idirnáisiúnta agus na bpobal óstach a chur chun cinn, beidh ar iarratasóirí a mhíniú conas a thabharfaidh an tionscadal beartaithe an dá ghrúpa le chéile. Níor cheart na tionscadail a bheith dírithe go hiomlán ar aon ghrúpa eitneach ar leith nó ar aon náisiúntacht ar leith.
Tá Scéim A ar oscailt do thionscadail mhórscála a chuireann lánpháirtiú na ndaoine atá ag lorg cosaint idirnáisiúnta chun cinn go sonrach. Tá na deontais atá ar fáil faoin nglao cistiúcháin seo idir €10,000 agus €100,000 le haghaidh thionscadail Scéim A.
Scéim B
Tá sé mar chuspóir le Scéim B tacú le pobail ar fud na hÉireann ról níos mó a imirt i lánpháirtiú imirceach a chur chun cinn. Is féidir aon ghrúpa(í) imirceach a áireamh mar an príomh-spriocghrúpa le haghaidh aighneachtaí Scéim B. Beidh ar iarratasóirí a léiriú cén grúpa imirceach a bheidh ar phríomhthairbhithe na ngníomhaíochtaí beartaithe nó a bheidh ar na príomh-rannpháirtithe sna gníomhaíochtaí beartaithe.
Tá Scéim B ar oscailt do thionscadail atá ar scála níos lú agus a chuireann lánpháirtiú na n-imirceach uile chun cinn. Tá na deontais atá ar fáil faoin nglao cistiúcháin seo idir €1,000 agus €10,000 le haghaidh thionscadail Scéim B.
- Foilsithe: 28 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 28 Eanáir 2026