Cuardaigh ar fad gov.ie

An Ciste um Éire i gcoinne an Chiníochais

Soláthraíonn an Ciste um Éire i gcoinne an Chiníochais (IARF) cistiú do thionscadail náisiúnta agus réigiúnacha a bhfuil mar aidhm leo ciníochas a chomhrac agus comhionannas ciníoch agus comhtháthú pobail a chothú. Tacaíonn an Ciste um Éire i gcoinne an Chiníochais le cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta i gcoinne an Chiníochais agus le baint amach a chuspóirí.

Glao Cistiúcháin 2025

An 16 Iúil 2025, d’fhógair Colm Brophy, an tAire Stáit le freagracht as Imirce, cistiú ab fhiú suas le €1 mhilliún faoin gCiste um Éire i gcoinne an Chiníochais 2025.

Beidh an glao cistiúcháin bunaithe ar chúig cholún théamacha:

  • A Bheith Sábháilte agus a Bheith Cloiste – Tacú le daoine a bhfuil taithí acu ar chiníochas, agus daoine a chosaint ar theagmhais chiníocha agus ar choireanna ciníocha
  • A Bheith Comhionann – Aghaidh a thabhairt ar neamhionannais eitneacha
  • A Bheith Feicthe agus Páirt a Ghlacadh – Rannpháirtíocht mionlach a chumasú
  • A Bheith Curtha san Áireamh – Tionchair an chiníochais a thomhas
  • A Bheith le Chéile – Aistear comhroinnte i dtreo comhionannas ciníoch

Tá dhá Scéim ag an gciste:

  • Scéim A le haghaidh tionscadail atá ag lorg deontais idir €40,000 agus €100,000.
  • Scéim B le haghaidh tionscadail atá ag lorg deontais idir €5,000 agus €10,000.

An Ciste um Éire i gcoinne an Chiníochais 2025 – Scéim A

Tá Scéim A ar oscailt d’iarratais ó eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ó eagraíochtaí pobail ar mian leo tabhairt faoi thionscnaimh náisiúnta nó réigiúnacha a chomhraiceann ciníochas agus a chuireann comhionannas chun cinn. Tá na deontais atá ar fáil faoin nglao cistiúcháin seo idir €40,000 agus €100,000 le haghaidh thionscadail Scéim A.

An Ciste um Éire i gcoinne an Chiníochais 2025 – Scéim B

Tá Scéim B ar oscailt d’iarratais ó eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ó eagraíochtaí pobail le haghaidh tionscnaimh áitiúla atá ar scála níos lú agus a chomhraiceann ciníochas agus a chuireann comhionannas chun cinn. Tá na deontais atá ar fáil faoin nglao cistiúcháin seo idir €5,000 agus €10,000 le haghaidh thionscadail Scéim B.

Conas Iarratas a Dhéanamh

Comhlánaigh an fhoirm iarratais don Scéim iomchuí, agus úsáid á baint as ainm dlíthiúil iomlán na heagraíochta atá ag déanamh iarratas ar an gcistiú. Beidh ort freisin cur síos a dhéanamh ar do thionscadal, ar a chuspóirí, ar an riachtanas a bhfuil sé ag iarraidh aghaidh a thabhairt air agus ar an mbuiséad foriomlán.

Agus tú ag déanamh iarratais, cuir in iúl, le do thoil, cén téama den Chiste um Éire i gcoinne an Chiníochais 2025 a mbaineann do thionscadal leis.

TÁBHACHTACH: Ní mór an tionscadal a bheith tosaithe faoin 31 Nollaig 2025 agus ní féidir leis a bheith níos luaithe ná an dáta a shínítear an Comhaontú Deontais. Ní féidir dáta deiridh an tionscadail a bheith tar éis an 30 Samhain 2026. Ní bhreithneofar aon tionscadail nach gcomhlíonann na critéir sin.

Spriocdháta le haghaidh iarratas

Is é meán lae Dé Céadaoin an 27 Lúnasa 2025 an dáta deiridh ar a nglacfar le hiarratais.

Ní thabharfaidh an Roinn freagra ar aon cheisteanna a gheofar le linn an phróisis measúnachta/athbhreithnithe.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, cliceáil anseo, le do thoil, le haghaidh treoirnóta maidir leis an gciste: An Ciste um Éire i gcoinne an Chiníochais 2025

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat