An Plean um Shábháilteacht Tuaithe
D’fhorbair an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, i gcomhar leis an bhFóram Náisiúnta um Shábháilteacht Tuaithe, an Plean um Shábháilteacht Tuaithe 2025-2027, rud a chomhlíonann gealltanas i gClár an Rialtais.
Tá sé mar sprioc ag an bhFóram Náisiúnta um Shábháilteacht Tuaithe áiteanna níos sábháilte chun cónaí iontu a dhéanamh de phobail ar fud na hÉireann. Tugann an Fóram le chéile raon gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí a bhfuil spéis acu i gcoireacht a laghdú i gceantar tuaithe na hÉireann agus atá in ann déanamh amhlaidh.
Chun sprioc an Fhóraim, mar atá pobail shábháilte a sholáthar ar fud na hÉireann, a bhaint amach, tá sé ríthábhachtach go n-oibreodh pobail, agus grúpaí a bhfuil dúspéis acu i sábháilteacht pobal, le chéile. Aithnítear sa phlean seo an gá atá le cur chuige uile-rialtais agus tras-sochaí i leith sábháilteacht pobail.
Trí shaineolas, eispéiris agus eolas a chomhroinnt, déanfaidh an Fóram agus a bhaill a ndícheall áiteanna níos sábháilte chun cónaí agus obair iontu agus chun taitneamh a bhaint astu a dhéanamh dár bpobail.
Leis an bPlean, tógtar ar an gcéad Phlean um Shábháilteacht Tuaithe, lenar cumhdaíodh an tréimhse 2022-2024. Tar éis anailís a dhéanamh ar Phlean 2022-2024 agus tar éis caidreamh a dhéanamh leis an bhFóram, sainaithníodh ceithre phríomhréimse tosaíochta. Is iad sin:
- Sábháilteacht agus Rannpháirtíocht an Phobail
- Coireacht Maoine
- Póilíneacht ar Bhóithre
- Coireacht Ainmhithe agus Fiadhúlra
Faoi na Colúin sin, ghabh balleagraíochtaí an Fhóraim agus geallsealbhóirí iomchuí orthu féin tabhairt faoi 18 ngníomh a bhainfear amach trí 53 fhoghníomh.
Tacóidh an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce leis an gcur chun feidhme a dhéanfaidh an Fóram ar an bPlean ionas go mbeimid in ann leanúint de phobail shábháilte a thógáil ar fud cheantar tuaithe na hÉireann.
- Foilsithe: 28 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 28 Eanáir 2026