Faisnéis i dtaobh Tinte Ealaíne

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis i dtaobh Tinte Ealaíne

Ní hé amháin go bhfuil tinte ealaíne contúirteach, ach déanann siad fíordhochar, freisin, agus tá feidhm ag dianphionóis choiriúla maidir lena sealbhú agus lena n-úsáid.

Tá ábhair phléascacha i dtinte ealaíne agus d’fhéadfadh go mbeidís an-chontúirteach dá mbainfí mí-úsáid astu, go háirithe i gcás tinte ealaíne ardghuaise (amhail pléascóga, roicéid, tinte ealaíne coinnle Rómhánaí, tinte ealaíne císte/ceallra, nó sliogáin).

Tá ceadúnas allmhairithe ag teastáil le haghaidh gach cineáil tine ealaíne, agus is cion é tinte ealaíne neamhcheadúnaithe (seachas tinte ealaíne ísealghuaise amhail pléiscíní cóisire, spréachairí agus mar sin de) a shealbhú le hintinn iad a dhíol nó a sholáthar. Is cion é, freisin, aon tine ealaíne adhainte a chaitheamh nó a dhíriú ar dhuine nó ar mhaoin.

Is féidir le fíneálacha suas le €10,000 agus/nó tréimhse príosúnachta suas le cúig bliana a bheith i gceist.

Tá tuilleadh eolais faoi thinte ealaíne le fáil anseo: Tinte Ealaíne

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat