Cuardaigh ar fad gov.ie

Scéalta

Na scéalta is deacra a insint, is gá iad a insint

Ó Oscar Wilde go Edna O’Brien, bímid bródúil as a bheith inár náisiún de scéalaithe. Tá roinnt scéalta ann nár cheart a bheith ar aon duine a insint, áfach. Scéalta lena mbaineann ciapadh, drochúsáid, éigniú; scéalta faoi fhoréigean. Tá na scéalta sin i bhfolach, amach os comhair an tsaoil, ar fud ár dtíre; bíonn tuilleadh acu á gcruthú gach lá, agus táimid ag caitheamh solais orthu anois. Táimid ag léiriú na ndaoine daonna atá taobh thiar de na staitisticí agus táimid ag spreagadh daoine chun cabhrú leis na scéalta sin a stopadh.

Cuirimis stop le foréigean baile, gnéasach agus inscnebhunaithe a bheith mar chuid de scéal aon duine.

Tá dul i ngleic le gach cineál Foréigin Baile, Ghnéasaigh agus Inscnebhunaithe mar thosaíocht ag Cuan, ar a bhfuil an phríomhfhreagracht, mar ghníomhaireacht reachtúil faoi choimirce na Roinne Dlí agus Cirt, as dul i ngleic leis an bhforéigean sin.

Is féidir leat eolas a fháil anseo:

  • ar na tacaíochtaí atá ar fáil do mharthanóirí foréigin baile, ghnéasaigh agus inscnebhunaithe;
  • ar conas is féidir leat cabhrú le deireadh a chur le foréigean baile, gnéasach agus inscnebhunaithe inár sochaí;
  • ar a bhfuil á dhéanamh ag Cuan chun an sprioc sin a bhaint amach agus ar an gcumhacht a thagann as scéalta faoi fhoréigean baile, gnéasach agus inscnebhunaithe a insint.

Ná déan dearmad choíche, má tá tusa, nó aon duine eile, i ndlúth-bhaol, glaoigh ar 999112 nó téigh chuig stáisiún áitiúil an Gharda Síochána.


Scéal Orla

Scéal Eimhire

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat