An Clár um Fhilleadh Deonach
Cad is an Clár um Fhilleadh Deonach ann?
Leis an gclár seo, cumasaítear do dhaoine an Stát a fhágáil go deonach le cabhair ón Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, más gá.
Tá Filleadh Deonach ar fáil do dhaoine:
- nach bhfuil aon stádas dlíthiúil chun cónaí in Éirinn acu;
- a tharraing a n-iarratas ar Chosaint Idirnáisiúnta siar; nó
- atá tar éis cinneadh diúltach a fháil ina n-iarratas ar Chosaint Idirnáisiúnta.
Ní fhéadfaidh tú leas a bhaint as an gclár um fhilleadh deonach má tá ordú díbeartha agat, nó má mheastar gur contúirt do shlándáil an Stáit thú nó má ciontaíodh thú i gcoir thromchúiseach.
Ní fhéadfaidh tú leas a bhaint as an gclár um fhilleadh deonach ach uair amháin ar a mhéad.
Cé na roghanna atá ar fáil dom?
Má tá sé de rún agat an Stát a fhágáil, beidh dhá rogha agat:
- Is féidir leat d’fhilleadh a eagrú duit féin. Áirítear leis sin na costais go léir a chlúdach tú féin agus sinn a chur ar an eolas gur fhág tú tar éis duit déanamh amhlaidh.
- Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn agus is féidir go dtabharfaimid cabhair duit leis na costais taistil, leis an gcúnamh airgeadais agus leis an tacaíocht riaracháin a theastaíonn chun tú a ullmhú do do thuras.
Cén fáth a roghnófá filleadh deonach?
Cad a gheobhaidh tú má bhaineann tú leas as an gclár um fhilleadh deonach?
- Deontas ath-lánpháirtíochta
- Cabhair le doiciméad taistil a fháil ó d’Ambasáid
- Eitiltí íoctha
- Iompar chuig an aerfort
- Cabhair ag an aerfort
Cad is deontas ath-lánpháirtíochta ann?
Is é is deontas ath-lánpháirtíochta ann ná airgead a thugtar duit ar chárta dochair réamhíoctha nó in airgead comhchineáil ar fhilleadh abhaile duit.
Nuair a bheidh tú ag fágáil ó Aerfort Bhaile Átha Cliath, gheobhaidh tú cuid de do dheontas ar chárta dochair réamhíoctha, rud is féidir leat a úsáid láithreach ar theacht abhaile duit. Is ionann é sin agus airgead tirim.
Beidh an chuid eile den deontas in airgead comhchineáil agus d’fhéadfadh sé cabhrú leat gnólacht beag a bhunú nó freastal ar chúrsa oideachais ar fhilleadh abhaile duit. Déanfaidh IOM teagmháil leat ar fhilleadh abhaile duit agus míneoidh sé duit conas is féidir leat an chuid eile de do dheontas a fháil.
- Foilsithe: 9 Feabhra 2026
- An t-eolas is déanaí: 9 Feabhra 2026