Zero Tolerance
Cad is brí le Neamhfhulaingt
Is é an bhrí atá le Neamhfhulaingt ná a thuiscint gur cheadaíomar d’fhoréigean inscnebhunaithe agus de mhí-úsáid inscnebhunaithe, agus na dearcthaí agus na toimhdí atá mar bhonn agus thaca acu, ainnise a chur ar an iomarca daoine le tréimhse rófhada anuas.
Is soiléir atá aidhm an tríú straitéis náisiúnta ón rialtas: Neamhfhulaingt ar fhoréigean baile, gnéasach agus inscnebhunaithe inár bpobail.
Leis na colúin ar a bhfuil sí tógtha, mar atá Cosc, Cosaint, Ionchúiseamh agus Comhordú Polasaí, aithnítear nach mbainfimid fíor-athruithe amach ach amháin trí iarracht sochaí uile. Le chéile, is féidir linn, agus ní mór dúinn, ár ndícheall a dhéanamh athruithe agus Neamhfhulaingt a bhaint amach.
Aguisíní
Leagan atá Oiriúnach do Leanaí den Straitéis
Ábhar eile a bhaineann le Foréigean Baile, Gnéasach agus Inscnebhunaithe
- Foilsithe: 28 Meitheamh 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Feabhra 2026