Maidir leis an bhfeachtas

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Maidir leis an bhfeachtas


Réamhrá

Is é is ‘No Excuses’ ann ná feachtas ardtionchair sna meáin a bhfuil mar aidhm aige lucht féachana agus éisteachta náisiúnta a shroicheadh. Áireofar leis fógraíocht ar an teilifís, sa phictiúrlann, ar an raidió, amuigh faoin spéir agus sna meáin shóisialta agus fógraíocht dhigiteach. Tá an feachtas mar chuid den Dara Straitéis Náisiúnta um Fhoréigean Baile, Gnéasach agus Inscnebhunaithe 2016-2021.

Is é aidhm an fheachtais ‘No Excuses’:increase the awareness of sexual harassment and sexual violence

  • an fheasacht ar chiapadh gnéasach agus ar fhoréigean gnéasach a mhéadú
  • athrú a bhaint amach in iompraíochtaí agus i ndearcthaí fadbhunaithe
  • seallaigh a ghníomhachtú chun an cineál sin foréigin a laghdú agus a chosc

Tarraingítear aird sna fógraí ar na réamhtheachtaithe iomadúla a bhaineann le ciapadh gnéasach agus le foréigean gnéasach agus cabhraítear le daoine iontu na réamhtheachtaithe sin a shainaithint. Táthar ag súil go gceapfaidh daoine nach féidir glacadh leis na hiompraíochtaí sin ná lena réamhtheachtaithe in aon chor. Léirítear fir agus mná araon mar dhéantóirí foréigin agus mar íospartaigh foréigin sna fógraí.

Iarrtar orainn san fheachtas gan leithscéal a dhéanamh do chiapadh gnéasach agus foréigean gnéasach a thuilleadh.

Is é sprioc dheiridh an fheachtais ná teagmhais ciaptha ghnéasaigh agus foréigin ghnéasaigh a laghdú agus a chosc, ar teagmhais iad a théann i bhfeidhm ar an iomarca daoine ar bhealach díreach agus ar bhealach indíreach araon, agus sochaí i bhfad níos sábháilte á déanamh d’Éirinn ag an am céanna.

Bíonn gach cás difriúil. Bíonn gach tacadóir féideartha difriúil. Mar sin, ní féidir linn a rá leat cé na nithe a n-éireoidh leo i gcás ar leith. Is gá duit do bhreithiúnas a úsáid chun a dhéanamh amach cad atá sábháilte agus gníomhú de réir dlí. Níl sna gníomhartha seo a leanas ach moltaí maidir le conas a d’fhéadfadh duine gníomhú sa chás a chuirtear i láthair agus teacht chun bheith ina t(h)acadóir le duine a d’fhéadfadh foréigean gnéasach a fhulaingt.

Cás 1 - An Oifig

Má chonaic tú an radharc seo, d’fhéadfá:

  • idirghabháil a dhéanamh go díreach agus rud éigin a rá léi ar nós “Tá sé sin beagáinín míchuí, nach gceapann tú?”
  • an cás a mhaolú trína iarraidh air cabhrú leat le rud éigin ionas go bhféadfá dul i dteagmháil leis go príobháideach agus a fhiafraí de cad a cheapann sé faoin méid a tharla agus éisteacht lena bhfuil le rá aige
  • dul i dteagmháil léi go príobháideach tráth níos déanaí agus a rá léi nach gceapann tú go bhfuil a hiompraíocht cuí agus go bhfuil sí ag brú isteach ar a spás pearsanta
  • freagracht a tharmligean chuig duine cuí amhail ionadaí acmhainní daonna nó duine den lucht ardbhainistíochta agus d’imní faoina hiompraíocht a chur in iúl dó/di

Chun tuilleadh moltaí a fháil maidir le conas teacht chun bheith i do thacadóir d’íospartach ciaptha ghnéasaigh nó foréigin ghnéasaigh, lean an nasc seo.

Cás 2 - An Beár

Má chonaic tú an cás seo, agus má bhí tú ag ól, is féidir gurb ísle do bhraistint contúirte.

Cuimhnigh gur féidir gloiní agus buidéil a úsáid mar airm i mbeár nó i gclub oíche. Má fheiceann tú radharc mar sin, ba cheart duit a iarraidh ar bhall foirne seiceáil isteach uirthi toisc go measann tú go bhfuil ionsaitheoir gnéasach ag spriocdhíriú uirthi. Má fheiceann tú rud éigin arb ionsaí gnéasach é, dar leat, is féidir leat glao a chur ar an nGarda Síochána agus do chuid ábhair imní a chur in iúl faoin rud atá á fheiceáil agat.

Chun tuilleadh moltaí a fháil maidir le conas teacht chun bheith i do thacadóir d’íospartach ciaptha ghnéasaigh agus foréigin ghnéasaigh, lean an nasc seo.

Cás 3 - An Giomnáisiam

Má chonaic tú an radharc seo, d’fhéadfá:

  • an cás a mhaolú trína rá leis na leaideanna nach bhfuil an rud atá á dhéanamh acu “ceart ná cóir”, “cothrom” ná “ceart” agus trí chabhrú leis an íospartach trína thuáille agus a mhála trealaimh a phiocadh suas
  • d’imní don íospartach a thaispeáint freisin agus a fhiafraí de an bhfuil sé ceart go leor

Chun tuilleadh moltaí a fháil maidir le conas teacht chun bheith i do thacadóir d’íospartach ciaptha ghnéasaigh nó foréigin ghnéasaigh, lean an nasc seo.

Cás 4 - An Chóisir Tí

Má chonaic tú an cás seo, agus má bhí tú ag ól, is féidir gurb ísle do bhraistint contúirte.

Cuimhnigh gur féidir gloiní agus buidéil a úsáid mar airm ag cóisir.

Má fheiceann tú radharc mar sin, d’fhéadfá:

  • iarracht a dhéanamh a aird a bhaint agus cur isteach ar an gcás tríd an méid seo a iarraidh air: “tar chun cabhrú liom le rud éigin” nó “tar anseo agus bíodh deoch agat”
  • féachaint freisin le hí a bhaint den chás trí cheist den chineál céanna a chur uirthi agus ansin a rá léi go bhfuil imní ort fúithi agus a fhiafraí di an bhfuil sí ceart go leor, nó cabhair a thairiscint di le haghaidh acmhainní a aimsiú chun cabhair a fháil
  • dul i dteagmháil le daoine eile sa ghrúpa ar féidir go bhfuil aithne níos fearr acu air, i.e., a chairde nó a bhaill teaghlaigh, agus a chur in iúl dóibh go bhfuil imní ort faoina iompraíocht

Dá measfá go mbeadh sé cuí, agus sábháilte, déanamh amhlaidh, d’fhéadfá dul i dteagmháil leis agus d’imní faoina iompraíocht a chur in iúl dó.

Chun tuilleadh moltaí a fháil maidir le conas teacht chun bheith i do thacadóir d’íospartach ciaptha ghnéasaigh nó foréigin ghnéasaigh, lean an nasc seo.

Cás 5 - An tSráid

Má chonaic tú an cás seo, agus má bhí tú ag ól, is féidir gurb ísle do bhraistint contúirte.

Ná déan dearmad go bhfuil seans ann go bhfuil gloiní caite agus buidéil chaite lasmuigh de chlub oíche ar féidir iad a úsáid mar airm.

Má fheiceann tú radharc mar sin, d’fhéadfá:

  • do chuid ábhair imní a thuairisciú do dhuine a bhfuil údarás aige/aici, amhail comhalta den Gharda Síochána
  • cúnamh a lorg ó dhaoine eile chun cosc a chur ar an gcás dul níos faide
  • dul i dteagmháil leis go díreach agus rud éigin mar “níl cuma mhaith uirthi agus tá cabhair uaithi” a rá leis dá mbeifeá muiníneach as an méid sin a dhéanamh agus dá measfá go mbeadh sé sábháilte déanamh amhlaidh
  • dul i dteagmháil léi go díreach agus a fhiafraí di an bhfuil sí ceart go leor nó an bhfuil cúnamh uaithi
  • iarracht a dhéanamh cur isteach ar an gcás trí rud éigin cosúil le “haigh, is cara le Sara thú, nach ea?” nó rud éigin den chineál sin a rá chun í a thabhairt amach uaidh ionas gur féidir leat a fhiafraí di an bhfuil sí ceart go leor

Chun tuilleadh moltaí a fháil maidir le conas teacht chun bheith i do thacadóir d’íospartach ciaptha ghnéasaigh nó foréigin ghnéasaigh, lean an nasc seo.

Cás 6 - An Pháirc

Má chonaic tú an radharc seo, d’fhéadfá:

  • cur isteach ar an gcás trí cheist éigin cosúil le “haigh, an bhfuil a fhios agat cén t-am a ndúnann an pháirc?” nó ceist éigin den chineál sin a chur uirthi chun í a thabhairt amach uaidh ionas gur féidir leat a fhiafraí di an bhfuil sí ceart go leor
  • idirghabháil a dhéanamh go díreach agus rud éigin a rá leis ar nós “Tá sé sin beagáinín míchuí, nach gceapann tú?”
  • freagracht a tharmligean chuig duine cuí amhail Maor Páirce agus d’imní faoina iompraíocht a chur in iúl dó/di

Chun tuilleadh moltaí a fháil maidir le conas teacht chun bheith i do thacadóir d’íospartach ciaptha ghnéasaigh nó foréigin ghnéasaigh, lean an nasc seo.

Cás 7 – Drochúsáid Íomhánna Dlúthphearsanta

Má tá Drochúsáid Íomhánna Dlúthphearsanta fulaingthe agat, lean an nasc seo chun a fháil amach conas í a thuairisciú agus cén chabhair atá ar fáil duit.

Má thagann tú ar an eolas go bhfuil íomhá dhlúthphearsanta de dhuine eile á comhroinnt ar líne nó i dteachtaireacht, tóg bomaite chun do mhachnamh a dhéanamh ar cé acu a bhí sé le bheith ina ghrianghraf príobháideach ar dtús nó nach raibh. Más rud é go raibh:

  • ná comhroinn an íomhá le haon duine eile
  • ba cheart duit, má tá aithne agat ar an duine atá san íomhá, a chur in iúl dó/di ar bhealach cúramach comhbhách gur comhroinneadh an íomhá, ionas gur féidir leis/léi an méid sin a thuairisciú do Hotline.ie.

Déanfaidh foireann saineolaithe Hotline measúnú ar gach aon tuairisc a fhaigheann Hotline, agus laghdóidh gach tuairisc infhaighteacht an inneachair sin ar líne agus cuirfidh sí cosc ar scaipeadh an inneachair sin ar líne.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat