Maidir le Zero Tolerance

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Maidir le Zero Tolerance

Dúirt Eiléana Nic an tSaoi, an tAire Dlí agus Cirt:

"Is soiléir atá sprioc agus misean treorach na straitéise seo: Neamhfhulaingt ar fhoréigean baile, gnéasach agus inscnebhunaithe.

"Is é an bhrí atá le Neamhfhulaingt ná a thuiscint gur cheadaíomar d’fhoréigean inscnebhunaithe agus de mhí-úsáid inscnebhunaithe, agus na dearcthaí agus na toimhdí atá mar bhonn agus thaca acu, ainnise a chur ar an iomarca daoine le tréimhse rófhada anuas, ach gurb eol dúinn anois go dteastaíonn athrú ó bhonn.

"Ciallaíonn sé, tar éis dúinn a bheith croite ag an iomarca cuimhneachán dorcha, go gcinnimid le chéile nár cheart caitheamh a thuilleadh le saincheist an fhoréigin inscnebhunaithe mar chineál mí-úsáide a bhfuil níos lú tábhachta leis.

"Mar rud ab eol dúinn a bheith ann ach ar iompaíomar ár gcúl leis, agus an leithscéal á thabhairt dúinn féin nach bhfuil fulaingt phríobháideach ina freagracht phoiblí.

"Mar rud ar dhúnamar ár súile agus ár gcluasa dó, agus neamhaird á déanamh de chomharthaí na péine laethúla.

"Creidim gurb í an straitéis seo an léiriú is láidre go dtí seo ar rún daingean na hÉireann athruithe a dhéanamh.

"Leis na colúin ar a bhfuil sí tógtha, mar atá Cosc, Cosaint, Ionchúiseamh agus Comhordú Polasaí, aithnítear nach mbainfimid fíor-athruithe amach ach amháin trí iarracht sochaí uile.

"Agus léiríonn na gníomhartha trína gcuirfear an straitéis chun feidhme an rún daingean comhchoiteann atá ann ar fud an Rialtais, na ngníomhaireachtaí Stáit, na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha, na n-eagraíochtaí deonacha agus na sochaí ina hiomláine obair le chéile chun na críche sin.

"Tá siad uaillmhianach agus mionsonraithe agus, nuair a bheidh siad curtha chun feidhme, rannchuideoidh siad le hathruithe ar dhearcthaí, le feasacht mhéadaithe, le cúram níos fearr d’íospartaigh, le níos mó spásanna tearmainn agus le pionóis éifeachtacha a ghearradh ar chiontóirí.

"Leagtar amach sa phlean na hathchóirithe atá le cur chun feidhme thar na cúig bliana atá romhainn. Tá amlínte mionsonraithe i bhfeidhm do na gníomhartha a bhainfear amach sa chéad bhliain agus i gcéad leath na straitéise, agus ullmhófar pleananna gníomhaíochta bliantúla gach bliain don chuid eile de thréimhse feidhme na straitéise.

"Cinnteofar le struchtúir shoiléire formhaoirseachta go gcomhlíonfar ár ngealltanais.

"Agus beidh an ghníomhaireacht nua neamhspleách Stáit a bheidh freagrach as foréigean baile, gnéasach agus inscnebhunaithe, atá le bunú faoin 1 Eanáir 2024, ina cuid lárnach de chomhlíonadh a dhéanamh ar an sprioc atá againn Neamhfhulaingt a bhaint amach.

"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le mo chuid oifigeach agus le gach duine atá ag obair san earnáil eagraíochtaí neamhrialtasacha a chomhdhear an straitéis seo i gcomhpháirt linn.

"Ba thar a bheith luachmhar a bhí an taithí atá siad ag gnóthú le blianta fada anuas ar obair le híospartaigh agus ar thathant a dhéanamh ar son athruithe, agus beidh siad ríthábhachtach chun na spriocanna a leagamar síos dúinn féin sa doiciméad seo a bhaint amach.

"Ní mór dúinn a bheith ionraic linn féin.

"Mar a dúirt mé cheana, ní féidir linn a rá linn féin nach bhfulaingeoidh aon duine foréigean ó pháirtnéir choíche.

"Mar sin féin, is féidir linn, agus ní mór dúinn, ár ndícheall a dhéanamh athruithe agus Neamhfhulaingt a bhaint amach.

"Creidim gurb é an plean seo an chéim is uaillmhianaí atá déanta againn go dtí seo chun an sprioc sin a bhaint amach."

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat