Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol
- Foilsithe: 3 Eanáir 2020
- An t-eolas is déanaí: 19 Nollaig 2025
- Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol
- Conas iarratas a dhéanamh ar Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol
- Táillí
- Ceanglais maidir le déileáil le hiarrataí
- Achomharc a dhéanamh in aghaidh breithe
Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol
Ar an leathanach seo, tugtar eolas ginearálta maidir le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol). Áirítear ann eolas cúlra maidir leis an reachtaíocht, eolas faoi conas iarratas a dhéanamh ar Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, mionsonraí teagmhála, agus eolas faoi tháillí.
Le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol), 2007 go 2011 (I.R. Uimh. 133 de 2007 agus I.R. Uimh. 662 de 2011) (dá ngairtear na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol anseo feasta), tugtar cearta dlíthiúla dóibh siúd atá ag iarraidh rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir leis an gcomhshaol ó údaráis phoiblí.
Faoi na rialacháin sin, ní foláir faisnéis maidir leis an gcomhshaol atá ina sheilbh ag údarás poiblí nó atá á sealbhú thar ceann údaráis phoiblí a chur ar fáil arna iarraidh sin, faoi réir eisceachtaí áirithe.
Leis na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, tugtar míniú ar cad is faisnéis chomhshaoil ann agus leagtar amach an dóigh a bhféadfar iarrataí ar fhaisnéis a chur faoi bhráid údarás poiblí agus an dóigh nach foláir d’údaráis phoiblí déileáil le hiarrataí.
Conas iarratas a dhéanamh ar Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol
Agus iarraidh ar fhaisnéis á déanamh agat faoi na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, ceanglaítear ort:
- a lua gur faoi na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol atá an t-iarratas á dhéanamh, agus é a chur isteach i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach
- do mhionsonraí teagmhála a thabhairt
- an fhaisnéis chomhshaoil a theastaíonn a lua ar an mbealach is sonraí is féidir
- a lua an dteastaíonn an fhaisnéis uait i bhformáid ar leith nó i modh rochtana ar leith
Táillí
Ní ghearrtar aon táille thosaigh as iarratas a dhéanamh faoi na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol. Féadfaidh an roinn táille réasúnach a ghearradh, áfach, as an bhfaisnéis a iarrtar a sholáthar. Féadfaidh sé go n-áireofar sa táille sin na costais a bhaineann le faisnéis a chur le chéile, a chóipeáil, a phriontáil nó a chur sa phost. Ní ghearrtar aon mhuirear as iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú inmheánach.
Tá €50 ar achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil, nó €15 más sealbhóir cárta liachta nó cleithiúnaí ar shealbhóir cárta liachta, nó tríú páirtí atá ag déanamh achomharc in aghaidh na breithe faisnéis áirithe a scaoileadh, atá san iarratasóir.
Ceanglais maidir le déileáil le hiarrataí
I gcoitinne, ceanglaítear ar an roinn freagra a thabhairt ar iarraidh ar Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol laistigh de mhí amháin ón iarraidh a fháil. I gcás nach bhfuil an roinn ábalta freagra a thabhairt laistigh den tréimhse ama míosa mar gheall ar chastacht nó ar mhéid na faisnéise atá ag teastáil, scríobhfaimid chuig an iarratasóir laistigh den mhí sin lena chur in iúl cén uair a eiseofar freagra. Ní ceart an dáta sin a bheith níos mó ná dhá mhí ó dháta fála na hiarrata bunaidh.
Mura bhfuil an fhaisnéis a iarrtar ag an roinn, is féidir léi an iarraidh a aistriú chuig údarás poiblí eile nó a chur in iúl don iarratasóir cá háit ar ceart an iarraidh a dhíriú, dar léi. I gceachtar cás, ceanglaítear uirthi fógra a thabhairt don iarratasóir.
Achomharc a dhéanamh in aghaidh breithe
Faoi Airteagal 11 de na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, tá de cheart agat athbhreithniú inmheánach ar an mbreith thosaigh a iarraidh. Féadfaidh tú athbhreithniú inmheánach a iarraidh, freisin, mura bhfuil freagra faighte agat laistigh den tréimhse ama chuí. Ní foláir athbhreithniú inmheánach a iarraidh laistigh de mhí amháin ón mbreith bhunaidh a fháil (féadfaidh an t-údarás poiblí an tréimhse ama sin a shíneadh ach ní cheanglaítear air déanamh amhlaidh). Ní ghearrtar aon mhuirear as athbhreithniú inmheánach a iarraidh.
Is é atá i gceist le hathbhreithniú inmheánach ná athbhreithniú iomlán ar an ábhar, arna dhéanamh ag ball foirne den údarás poiblí. Féadfaidh an ball foirne sin an bhreith bhunaidh a tugadh a dheimhniú, a athrú nó a neamhniú.
Laistigh de mhí amháin ó dháta fála na hiarrata ar an athbhreithniú, eiseofar toradh i scríbhinn ar an athbhreithniú chugat, ina gcuirfear an bhreith agus an chúis leis an mbreith in iúl duit agus ina gcuirfear ar an eolas thú faoin gceart atá agat chun achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil, lena n-áirítear na teorainneacha ama agus na táillí a bhaineann le hachomharc den sórt sin.
Mura bhfuil tú sásta leis an toradh ar an athbhreithniú inmheánach, is féidir leat achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil. Ní foláir duit achomharc a dhéanamh laistigh de mhí amháin ón mbreith ar an athbhreithniú inmheánach a fháil ón údarás poiblí. Féadfaidh an Coimisinéir an teorainn ama sin a shíneadh i gcásanna aonair, áfach.