Imthosca breise nach mór bás a thuairisciú don Chróinéir iontu

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Imthosca breise nach mór bás a thuairisciú don Chróinéir iontu

Is ann do chuid mhór imthosca eile seachas iad sin atá liostaithe sa rannán Bás a thuairisciú nach mór bás a thuairisciú don Chróinéir iontu, lena n-áirítear:

  • aon bhás a bhaineann le COVID-19
  • aon bhás a bhféadfaidh sé gur dúnmharú, dúnorgain nó naíonmharú é
  • aon bhás ar dealraitheach go bhfuil baint aige le coir nó coir amhrasta
  • aon bhás, cibé acu is bás tionóisceach nó nach ea, ar sá, bá, nimhiú, crochadh, leictreamharú, aisfisce nó créacht lámhaigh is cúis leis go hiomlán nó go páirteach
  • aon bhás i gcás go bhfuil an duine éagtha marbh ar theacht go hospidéal dó nó di
  • aon bhás a bhféadfaidh sé gur trí fhéinmharú é
  • aon bhás i gcás nach ndéantar corp an duine éagtha a chéannú
  • aon bhás i gcás nach féidir teacht ar aon duine de theaghlach an duine éagtha laistigh de thréimhse réasúnach ama i ndiaidh an bháis
  • aon bhás i gcás go bhfaighfear nó go n-aisghabhfar corp an duine éagtha in imthosca a thabharfaidh le fios go bhféadfaidh sé gur achar fada aimsire roimhe sin a tharla bás an duine sin
  • aon bhás (seachas in imthosca lena mbaineann sa líne thuas) a bhféadfaidh sé nach mbeidh dáta an bháis infhionnta ina leith
  • aon bhás arb aon cheann díobh seo a leanas is cúis leis go hiomlán nó go páirteach:

a) teagmhas, cibé acu is teagmhas tionóisceach nó nach ea, as a dtagann aon díobháil coirp, lena n-áirítear gearradh, briseadh nó ballbhrú

b) titim

c) féinfhaillí

d) neamhord itheacháin

e) risíocht nó hipiteirme

f) dónna

  • aon bhás a bhféadfaidh sé gur le féinmharú cuidithe é
  • aon bhás arb aon cheann díobh seo a leanas is cúis leis go hiomlán nó go páirteach:

a) tionóisc a tharla de bharr feithicil a úsáid in áit phoiblí

b) teagmhas a tharla ar iarnród

c) teagmhas a tharla ar thraein, aerárthach, long nó soitheach eile

  • aon bhás arb aon cheann díobh seo a leanas is cúis leis go hiomlán nó go páirteach:

a) galar nó riocht infhógartha a gceanglaítear, faoi fhorálacha chuige sin in aon achtachán eile, fógra a thabhairt ina thaobh d’Aire den Rialtas, do Roinn Stáit nó do chomhlacht reachtúil nó do chigire nó oifigeach eile d’Aire den Rialtas, do Roinn Stáit nó do chomhlacht reachtúil

b) droch-imoibriú i gcoinne druga ar bith

c) ródháileog drugaí nó substaintí tocsaineacha a bheith sa chorp

d) i gcás bás naín, andúil i ndrugaí ar thaobh na máthar

e) ionfhabhtú a tolgadh de thoradh táirgí fola a bhí éillithe roimhe sin a fhriotháil

f) easpa cúraim nó faillí

g) díth cothaithe nó míchothú

  • aon bhás a bhféadfaidh sé gur galar prióin is trúig leis
  • aon bhás ar tionóisc san ionad oibre is cúis leis, go hiomlán nó go páirteach, nó ar mar gheall ar dhíobháil nó galar tionscail nó ceirde a tharla sé
  • aon bhás a tharla in ospidéal nó in institiúid sláinte eile:

a) is bás nach raibh coinne leis

b) laistigh de 24 huaire an chloig tar éis teacht i láthair nó a bheith glactha isteach in ospidéal nó in institiúid sláinte, cibé acu is déanaí, nó

c) is bás duine a aistríodh as teach banaltrais

  • aon bhás máthartha nó bás máthartha déanach
  • bás aon linbh mharbh-bheirthe, bás le linn tuismidh (an tréimhse cúraim a fhaightear le linn luí seoil nó breith clainne) nó bás naín
  • aon bhás a tharla in ospidéal nó in institiúid sláinte eile a bhaineann go díreach nó go neamhdhíreach le hobráid mháinliachta nó le hainéistéise (lena n-áirítear téarnamh ó éifeachtaí ainéistéise) nó le haon ghnáthamh liachta, máinliachta nó déidliachta eile, is cuma faoi fhad an ama idir an gnáthamh agus an bás
  • aon bhás a bhféadfaidh sé gur aon ionfhabhtú a tháinig as cúram sláinte ba thrúig leis
  • aon bhás i gcás go ndéanfar líomhain nó go mbeidh ábhar imní nochta maidir leis an gcóireáil liachta a soláthraíodh don duine éagtha nó maidir le bainistiú a chúraim sláinte nó a cúraim sláinte
  • aon bhás a bhféadfaidh sé gur de thoradh gnáthamh nó cóireáil liachta neamhghnách é
  • aon bhás a tharla in aon cheann de na háiteanna seo a leanas:

a) institiúid chun cúram a thabhairt do dhaoine, agus cóireáil a chur ar dhaoine, atá faoi mhíchumas coirp nó meabhrach, nó

b) aon institiúid phoiblí nó phríobháideach chun cúram a thabhairt do dhaoine scothaosta nó éiglí, lena n-áirítear teach banaltrais

  • aon bhás i gcás go raibh an duine éagtha, tráth a bháis nó a báis, nó díreach roimh a bhás nó a bás, i gcoimeád nó faoi choinneáil an Stáit
  • bás aon linbh faoi chúram

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat