Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An Oifig Náisiúnta um Shábháilteacht Pobail

Sábháilteacht Pobail > An Oifig Náisiúnta um Shábháilteacht Pobail

Community Safety Ploughing

Bunaíodh Oifig Náisiúnta um Shábháilteacht Pobail faoin Acht um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail, 2024. Oifig de chuid na Roinne Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce is ea an Oifig Náisiúnta. Tá roinnt feidhmeanna faoin Acht ag an Oifig Náisiúnta, lena n-áirítear:

  • oiliúint, tacaíocht agus treoir a thabhairt do Chomhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na bpleananna sábháilteachta pobail áitiúla uathu;
  • tacú le comhlachtaí seirbhíse poiblí comhoibriú lena chéile maidir le seirbhísí a sholáthar chun sábháilteacht pobail a fheabhsú;
  • tacaíocht a thabhairt don Ghrúpa Stiúrtha Náisiúnta um Shábháilteacht Pobail;
  • faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na Straitéise Náisiúnta;
  • taighde a choimisiúnú ar shaincheisteanna a mbíonn tionchar acu ar shábháilteacht pobail, agus feasacht ar na saincheisteanna sin a chur chun cinn, lena n-áirítear riar an Chiste um Shábháilteacht Pobail.

Chun teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Náisiúnta um Shábháilteacht Pobail, seol ríomhphost chuig info@communitysafety.ie

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat