Cearta comharbais in Éirinn
- Foilsithe: 7 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 17 Nollaig 2025
- Idirscaradh agus colscaradh
- An scair cirt dhlíthiúil
- Cásanna nuair nach bhfuil aon uacht ann
- Aiseolas
Baineann comharbas le teacht in oidhreacht maoine duine ar éag don duine sin.
Déantar é a rialú leis an Acht Comharbais, 1965.
Leis an Acht, tugtar don chéile marthanach nó don pháirtnéir sibhialta marthanach an ceart chun scaire in eastát a gcéile éagtha nó a bpáirtnéara shibhialta éagtha. Tugtar an scair cirt dhlíthiúil ar an scair a bhfuil an céile nó an páirtnéir sibhialta ina teideal.
Tá teideal de réir dlí ag an gcéile marthanach nó ag an bpáirtnéir sibhialta marthanach chun na scaire cuí, beag beann ar théarmaí iarbhír na huachta. Ann féin, ní dhéantar difear do theidil na bpáirtithe go bhféadfaidh sé go raibh siad ina gcónaí ar leithligh óna chéile le blianta fada.
Níl céilí ná páirtnéirí sibhialta faoi dhliteanas Cáin Fháltas Caipitiúil a íoc ar oidhreachtaí óna chéile.
Idirscaradh agus colscaradh
Is féidir le ceachtar céile nó ceachtar páirtnéir sibhialta, nó leis an mbeirt acu, cearta comharbais a thréigean go deonach i gcomhaontú idirscartha. Agus foraithne idirscartha bhreithiúnaigh á deonú aici, is féidir le cúirt cearta comharbais céile a mhúchadh más deimhin léi go bhfuil soláthar leordhóthanach ann don chéile a bhfuil a gcearta á múchadh.
A luaithe a dheonaítear foraithne cholscartha/scaoilte, níl na páirtithe pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta a thuilleadh, agus múchtar cearta comharbais go huathoibríoch.
An scair cirt dhlíthiúil
Má d’fhág tú uacht, agus nach ndearna do chéile nó do pháirtnéir sibhialta riamh a gcearta chun d’eastáit a thréigean nó a thabhairt suas, ansin tá siad i dteideal scaire cirt dhlíthiúil de d’eastát. Is éard atá sa scair cirt dhlíthiúil sin:
- leath an eastáit mura bhfuil aon leanaí agat
- aon trian den eastát má tá leanaí agat
Níl ar chéile/ar pháirtnéir sibhialta dul chun na cúirte chun an scair sin a fháil, mar nach foláir do do sheiceadóir an scair sin a thabhairt i gcás inarb infheidhme.
Má fhágann tú bronntanas ag do chéile nó ag do pháirtnéir sibhialta i d’uacht, is féidir leo a roghnú glacadh leis an mbronntanas in ionad a scaire cirt dhlíthiúil nó is féidir leo seasamh ar a scair cirt dhlíthiúil (agus ar an mbronntanas ar leith mar chuid den scair cirt dhlíthiúil sin, más lú a luach ná an scair cirt dhlíthiúil).
Cásanna nuair nach bhfuil feidhm ag an scair cirt dhlíthiúil
Is féidir le céile nó le páirtnéir sibhialta a gcearta chun na scaire cirt dhlíthiúil a thabhairt suas. Is féidir leis sin a bheith mar chuid de chomhaontú roimh phósadh nó roimh pháirtnéireacht shibhialta, nó is féidir leis an gcéile nó leis an bpáirtnéir sibhialta a gcearta a thabhairt suas chun tairbhe a dhéanamh dá leanaí nó do thairbhithe ainmnithe eile.
Moltar de ghnáth go bhfaigheadh céile nó páirtnéir sibhialta comhairle dlí neamhspleách má tá a scair cirt dhlíthiúil á tréigean acu.
Is féidir an scair cirt dhlíthiúil a chailleadh i gcás ina ndéantar an céile nó an páirtnéir sibhialta:
- a chiontú i ndúnmharú nó i ndúnorgain an duine éagtha nó in iarracht ar an duine éagtha a dhúnmharú
- a chiontú i gcion in aghaidh an duine éagtha nó in aghaidh linbh, ar cion é a bhfuil pianbhreith is mó ná 2 bhliain ag gabháil leis
Cásanna nuair nach bhfuil aon uacht ann
Má fhaigheann tú bás gan aon uacht a fhágáil, ansin dáilfear d’eastát de réir an dlí comharbais.
Tarlaíonn sé sin freisin:
- i gcás nach uacht bhailí atá san uacht
- má tá na cúirteanna tar éis an uacht a chur ar ceal
Tá an t-ord ina ndáiltear d’eastát sna cásanna sin leagtha amach san Acht Comharbais, 1965.
Más rud é:
- go maireann céile nó páirtnéir sibhialta i do dhiaidh ach nach maireann aon leanaí (ná aon gharleanaí) i do dhiaidh: faigheann do chéile nó do pháirtnéir sibhialta an t-eastát iomlán
- go maireann céile nó páirtnéir sibhialta agus leanaí i do dhiaidh: faigheann do chéile/do pháirtnéir sibhialta dhá dtrian de d’eastát agus roinntear an trian eile go cothrom idir do leanaí. Má tá duine de do leanaí tar éis bás a fháil, faigheann a leanaí an scair sin
- go maireann leanaí i do dhiaidh, ach nach maireann aon chéile ná aon pháirtnéir sibhialta i do dhiaidh: roinntear d’eastát go cothrom idir do leanaí (nó a leanaí)
- go maireann tuismitheoirí i do dhiaidh, ach nach maireann aon chéile, aon pháirtnéir sibhialta ná aon leanaí i do dhiaidh: roinntear d’eastát go cothrom idir do thuismitheoirí nó tugtar é go léir do thuismitheoir amháin mura bhfuil ach tuismitheoir amháin beo
- nach maireann ach deartháireacha agus deirfiúracha i do dhiaidh: roinntear d’eastát go cothrom eatarthu, le leanaí dearthár nó deirféar éagtha ag tógáil scair an dearthár/na deirféar sin
- nach maireann ach neachtanna agus nianna i do dhiaidh: roinntear d’eastát go cothrom idir na neachtanna agus na nianna marthanacha
- nach maireann ach gaolta eile i do dhiaidh: roinntear d’eastát go cothrom idir na gaolta comhionanna is neasa nach maireann aon ghaolta i do dhiaidh: faigheann an Stát d’eastát
I gcás na dtairbhithe go léir faoin uacht – féadfaidh sé go mbeidh feidhm ag Cáin Ghnóchan Caipitiúil.