Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla
- Foilsithe: 24 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 26 Eanáir 2026
Sábháilteacht Pobail > Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla
Tá bunú agus oibriú na gComhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla bunaithe ar rialachán reachtúil agus ar threoir arna heisiúint ag an Oifig Náisiúnta um Shábháilteacht Pobail.
Tá 36 Chomhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúla á mbunú ar fud na hÉireann faoi láthair. Foráiltear do na Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta sin faoin Acht um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail, 2024.
Cliceáil anseo chun do Chomhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil a aimsiú.
Leis na Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla, tugtar le chéile raon leathan geallsealbhóirí sábháilteachta pobail, lena n-áirítear ionadaithe tofa, comhlachtaí reachtúla amhail an Garda Síochána, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), Tusla, agus an t-údarás áitiúil, eagraíochtaí earnála pobail agus earnála deonaí agus cónaitheoirí áitiúla chun freagairtí comhoibríocha do shaincheisteanna sábháilteachta pobail a fhorbairt.
Is é aidhm gach Comhpháirtíochta Sábháilteachta Pobail Áitiúla tús áite a thabhairt do ghuth na bpobal áitiúil agus saincheisteanna sábháilteachta pobail ina limistéar á sainaithint acu. Chun é sin a dhéanamh, rachaidh Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta i gcomhairle lena bpobail áitiúla chun Plean Sábháilteachta Pobail Áitiúil saincheaptha a fhorbairt.
Óstálann an t-údarás áitiúil lena mbaineann na Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla. Faigheann siad tacaíocht ó bheirt bhall foirne bhuana lánaimseartha a gcistíonn an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce iad agus a bhfostaíonn an t-údarás áitiúil iad.
Aimsigh mionsonraí teagmhála le haghaidh fhoireann do Chomhpháirtíochta Sábháilteachta Pobail Áitiúla
Treoir-Chomhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla
Chun ullmhú don chur i bhfeidhm náisiúnta, thosaigh an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce an tsamhail a thriail i Lárchathair Thuaidh Bhaile Átha Cliath, ar an Longfort, agus i bPort Láirge sa bhliain 2021. Bhí na treoir-Chomhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla sin faoi réir meastóireacht neamhspleách.
Rinneadh faireachán agus meastóireacht neamhspleách ar na treoir-Chomhpháirtíochtaí agus foilsíodh tuarascálacha bonnlíne, eatramhacha agus deiridh. Tá leas á bhaint as na ceachtanna a foghlaimíodh ó na treoir-Chomhpháirtíochtaí sin chun bonn eolais a chur faoin gcur i bhfeidhm náisiúnta.
Lárchathair Thuaidh Bhaile Átha Cliath
Faoin Acht um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail, 2024, leathnófar Comhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Lárchathair Thuaidh Bhaile Átha Cliath chun Limistéar Lárnach Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ina iomláine a áireamh, lena n-áirítear an Chabrach agus Glas Naíon.
Seoladh Plean Sábháilteachta Pobail Lárchathair Thuaidh Bhaile Átha Cliath 2023-2026 an 22 Meán Fómhair 2023. Leagtar amach i bPlean na Lárchathrach Thuaidh 50 gníomh i gcúig réimse tosaíochta.
An Longfort
Tá Comhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil an Longfoirt tar éis bogadh ó struchtúr píolótach go struchtúr reachtúil. D’fhorbair an treoir-Chomhpháirtíocht Sábháilteachta Plean Sábháilteachta Pobail Áitiúil 2022-2024 saincheaptha i gcomhairle le pobail áitiúla.
Tionólfar an chéad chruinniú de Chomhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil an Longfoirt, ina riocht nua-chomhdhéanta, i mí na Samhna 2025.
Port Láirge
Tá Comhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Phort Láirge tar éis bogadh ó struchtúr píolótach go struchtúr reachtúil. D’fhorbair an treoir-Chomhpháirtíocht Sábháilteachta Plean Sábháilteachta Pobail Áitiúil 2023-2028 saincheaptha i gcomhairle le pobail áitiúla.
Tionóladh an chéad chruinniú de Chomhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Phort Láirge, ina riocht nua-chomhdhéanta, an 3 Samhain 2025.