Toiliú
- Foilsithe: 18 Aibreán 2019
- An t-eolas is déanaí: 9 Feabhra 2026
Réamhrá
Mínítear toiliú gnéasach i ndlí na hÉireann ach, chun tuiscint cheart a fháil ar cad is toiliú gnéasach ann, amharc ar an bhfíseán seo (cóipcheart: Emmeline May agus Blue Seat Studios, 2015)
Mínítear toiliú gnéasach i ndlí na hÉireann agus, mar achoimre, toilíonn duine le gníomh gnéasach má aontaíonn sé nó sí go toilteanach agus go deonach le páirt a ghlacadh sa ghníomh sin.
Ní thoilíonn duine le gníomh gnéasach más rud é:
- go bhfuil iallach á chur air nó uirthi, nó go bhfuil fórsa á bhagairt air nó uirthi nó go bhfuil fíoreagla air nó uirthi go n-úsáidfear fórsa ina aghaidh nó ina haghaidh nó in aghaidh duine eile
- go bhfuil sé nó sí ina chodladh nó ina codladh nó go bhfuil sé nó sí gan aithne
- nach bhfuil sé nó sí in ann toiliú mar gheall ar éifeacht a bheith ag alcól nó ag druga éigin eile
- go bhfuil sé nó sí thíos le míchumas fisiciúil a chuireann cosc air nó uirthi a chur in iúl go n-aontaíonn sé nó sí leis an ngníomh nó nach n-aontaíonn
- go bhfuil dul amú air nó uirthi faoi chéannacht aon duine eile atá ag glacadh páirt sa ghníomh
- go bhfuil cosc á chur air imeacht ag an am ag a dtarlaíonn an gníomh
- go dtugann sé nó sí toiliú thar ceann an duine sin
- go bhfuil dul amú air nó uirthi faoi chineál an ghnímh agus faoi chuspóir an ghnímh
Is féidir go mbeidh imthosca eile ann nach dtoilíonn duine iontu.
Mar shampla:
- is féidir le duine a intinn nó a hintinn a athrú agus toiliú a aistarraingt am ar bith roimh ghníomh gnéasach nó lena linn
- níl toiliú á thabhairt go huathoibríoch ag duine nach ndiúltaíonn go gníomhach don ghníomh
Tá saincheist an toilithe ina bunchuid den fhoréigean gnéasach a thuiscint. Cé nach féidir a shéanadh gur éigniú é gnéas gan toiliú, is minic a cheistítear coincheap an toilithe, i seomraí cúirte agus sa dioscúrsa faoin bhforéigean gnéasach araon.
Tugtar le fios i dtaighde a rinneadh le déanaí le haghaidh an fheachtais seo go bhfuiltear éiginnte fós faoi cad is toiliú ann i gcásanna ar leith.
Tá a lán acmhainní i scríbhinn ann a bhaineann le conas a thuigimid toiliú nó le conas ba cheart dúinn toiliú a thuiscint, agus is féidir liosta den chineál sin acmhainní a fheiceáil thíos.
Acmhainní Toilithe
Feachtais toilithe agus faisnéis faoi thoiliú
Rainn.org: Understanding Consent
Ionad Éigeandála um Éigniú Bhaile Átha Cliath: Ask Consent
ESHTE: Ending Sexual Harassment and Violence in Third Level Education
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh: Smart Consent
Creat um Thoiliú in Institiúidí Ardoideachais
An chuid ‘What is Consent?’ den fheachtas ‘Love is Respect’
Ailt maidir le toiliú
Suíomh Gréasáin RTÉ: A question of consent
Irish Times: Everything you want to know about consent but were too afraid to ask