Léirithe Spéise in Athbhreithniú a dhéanamh ar oibriú alt 7A den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 1993
- Foilsithe: 10 Deireadh Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 9 Márta 2026
Tá iarratais á lorg ó sholáthraithe ar Athbhreithniú a dhéanamh ar oibriú alt 7A den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 1993
Faoi alt 7A den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 1993, aon duine a dhéanfaidh airgead nó aon chineál eile luach saothair nó comaoine a íoc le duine nó a thabhairt nó a thairiscint do dhuine nó a gheallfaidh airgead nó aon chineál eile luach saothair nó comaoine a íoc le duine nó a thabhairt do dhuine (lena n-áirítear striapach) chun gabháil do ghníomhaíocht ghnéasach le striapach, beidh sé nó sí ciontach i gcion. Foráiltear le halt 27 den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 2017, go ndéanfar athbhreithniú ar oibriú alt 7A d’Acht 1993.
Tá an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce ag lorg léirithe spéise ó chomhairleoir seachtrach san athbhreithniú sin a dhéanamh, atá le críochnú laistigh de cheithre mhí ón gcoimisiúnú agus ón dáta tosaithe comhaontaithe.
Rinneadh comhairliúcháin mhionsonraithe cheana féin le gníomhaireachtaí reachtúla iomchuí agus le heagraíochtaí sochaí sibhialta a oibríonn le daoine a ghabhann do striapachas agus le híospartaigh gháinneála ar dhaoine; cuirfear torthaí na gcomhairliúchán sin ar fáil don iarratasóir rathúil.
Ní foláir iarratais a sheoladh ar ais chuig OXFarrell@justice.ie faoi 5pm an 31 Deireadh Fómhair 2023.
Tuilleadh mionsonraí: