Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Foilsíonn an tAire Séamus Ó Ceallacháin Ráiteas Straitéise nua 2025–2028 dá Roinn

  • Leagtar amach sa straitéis nua treo straitéiseach a Roinne go dtí an bhliain 2028.

  • Díriú ar leith ar shlándáil, ar shábháilteacht i bpobail agus ar athchóiriú inimirce.

D’fhoilsigh Séamus Ó Ceallacháin, an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, an Ráiteas Straitéise nua dá Roinn don tréimhse 2025–2028 inniu.

Tá an Straitéis ag teacht le Clár an Rialtais – Todhchaí na hÉireann a Dhaingniú, agus leagtar amach inti treo straitéiseach na Roinne go dtí an bhliain 2028.

Leis an Ráiteas Straitéise, cuirtear de cheangal ar an Roinn obair i dtreo Éire atá sábháilte, cóir agus cuimsitheach a bhaint amach.

Leagtar sé sprioc ardleibhéil amach sa Straitéis. Is iad sin:

  • Ár slándáil a chosaint
  • Pobail shábháilte
  • Córas éifeachtach inrochtana ceartais
  • Córas cóir daingean inimirce
  • Ár dtionchar san Eoraip a mhéadú
  • Daoine, córais agus teicneolaíocht chun sármhaitheas a bhaint amach

Ar an straitéis a fhoilsiú dó, dúirt an tAire Séamus Ó Ceallacháin:

“Tá áthas orm an Ráiteas Straitéise nua don tréimhse 2025-2028 a fhoilsiú. Leagtar amach sa Straitéis na príomhspriocanna straitéiseacha don tréimhse agus an dóigh a ndéanfaidh an Roinn mo thosaíochtaí agus na gealltanais atá i gClár an Rialtais a chur chun feidhme.

“Is tosaíochtaí agamsa iad an pobal agus an tír a choinneáil slán sábháilte, córas ceartais atá éifeachtach agus inrochtana a fhorbairt, agus sláine agus éifeachtúlacht ár gcórais rialachabhunaithe inimirce, agus muinín an phobail as, a chinntiú.”

Aithnítear sa Straitéis freisin na córais tacaíochta is gá chun na spriocanna sin a bhaint amach, chomh maith leis an díriú suntasach ar Uachtaránacht an Aontais Eorpaigh a dtabharfaimid an-aird air sa bhliain 2026.”

Dúirt Colm Brophy, an tAire Stáit le freagracht as Imirce:

“Tá an Straitéis ag teacht le raon leathan leathnaithe fhreagrachtaí na Roinne. Beidh díriú láidir agam ar a chinntiú go mbeidh córas cóir, daingean agus éifeachtach imirce againn, ar córas é a bheidh níos straitéisí agus níos nua-aimseartha agus a mbeidh an pobal in ann muinín a bheith aige as.”

Chuir Niall Collins, an tAire Stáit le freagracht as an Dlí Idirnáisiúnta, Athchóiriú an Dlí agus Ceartas Óige, fáilte roimh an bhfoilseachán freisin. Dúirt sé:

“Mar Aire, chonaic mé conas is féidir idirghabhálacha ceartais óige a úsáid chun daoine óga a athstiúradh amach ón gcoireacht agus ó ghníomhaíochtaí frithshóisialta. Cuirim fáilte roimh thiomantas na Straitéise seo don cheartas óige mar ghné thábhachtach dár bpobail a choinneáil sábháilte.”

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat