Conas cabhair a fháil duit féin
- Foilsithe: 8 Bealtaine 2019
- An t-eolas is déanaí: 9 Feabhra 2026
- Réamhrá
- An chabhair atá ar fáil tar éis foréigean gnéasach a fhulaingt le déanaí
- Má d’fhulaing tú foréigean gnéasach san am atá thart
- Má tá tú ag fulaingt foréigean gnéasach faoi láthair
- Tuairisc a thabhairt don Gharda Síochána
- Aonaid Chóireála d’Ionsaithe Gnéasacha
- Ionaid Éigeandála um Éigniú
- Seirbhísí Tacaíochta d’Íospartaigh na Mí-Úsáide Gnéasaí Leanaí
- Seirbhísí Tacaíochta Foréigin Baile
Réamhrá
Má tá tú anseo toisc gur íospartach foréigin ghnéasaigh thú, tá sé tábhachtach gurb eol duit go bhfuil cabhair ar fáil duit agus nach gá duit déileáil leis seo i d’aonar.
Tá sé ceart go leor mura bhfuil a fhios agat conas ba cheart duit freagairt. B’fhéidir go bhfuil tú gortaithe go fisiciúil, traochta ó thaobh mothúchán de, nó éiginnte faoi cad ba cheart duit a dhéanamh anois. B’fhéidir go bhfuil tú ag smaoineamh ar an rud a tharla duit a thuairisciú, ach nach bhfuil tú cinnte faoi cá háit ar cheart duit tosú.
Féadfaidh eolas ar na rudaí is féidir leat a dhéanamh tar éis foréigean gnéasach a fhulaingt cabhrú le tú a shocrú síos le linn tréimhse dhoiligh.
Tá sé tábhachtach a aithint gur próiseas é téarnamh ó ionsaí gnéasach nó ó mhí-úsáid ghnéasach, agus go mbíonn cuma dhifriúil ar an bpróiseas sin do gach duine. Is féidir go dtógfaidh sé seachtainí, míonna nó blianta — níl aon amchlár ann don leigheas.
Is ann do mhórán Ionad Éigeandála um Éigniú ar fud na hÉireann ar féidir leo cabhrú leat. Reáchtálann Ionad Éigeandála um Éigniú Bhaile Átha Cliath líne chabhrach náisiúnta 24 uair an chloig sa lá. Is féidir glao a chur uirthi ag 1800 77 8888. Bíonn comhairleoirí teileafóin ar fáil le héisteacht le glaoiteoirí 24 uair an chloig sa lá, 365 lá sa bhliain, agus tairgeann siad seirbhís éisteachta agus tacaíochta faoi rún agus in aisce do mhná agus d’fhir a éigníodh nó a ndearnadh ionsaí gnéasach, ciapadh gnéasach nó mí-úsáid ghnéasach orthu tráth ar bith ina saol.
Tá suíomh Gréasáin ar fáil freisin ag RapeCrisisHelp.ie, áit a bhfaighidh tú faisnéis faoin tacaíocht ghairmiúil agus faoi na roghanna atá ar fáil do mharthanóirí an fhoréigin ghnéasaigh.
An chabhair atá ar fáil tar éis foréigean gnéasach a fhulaingt le déanaí
Má d’fhulaing tú éigniú nó ionsaí gnéasach le seacht lá anuas, is féidir leat freastal ar Aonad Cóireála d’Ionsaithe Gnéasacha i dteannta comhalta den Gharda Síochána nó gan comhalta den Gharda Síochána a bheith i do theannta.
Cuirtear cóireáil ar íospartaigh éignithe agus ionsaithe ghnéasaigh in Aonaid Chóireála d’Ionsaithe Gnéasacha, áit a bhfreastalaíonn altraí agus dochtúirí atá oilte go speisialta ar íospartaigh. Is féidir tuilleadh mionsonraí faoi Aonaid Chóireála d’Ionsaithe Gnéasacha agus faoina suíomhanna éagsúla agus mionsonraí teagmhála a fháil ar shuíomh Gréasáin Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS).
Má éigníodh thú nó má rinneadh ionsaí gnéasach ort, is gá duit smaoineamh ar fhreastal ar Aonad Cóireála d’Ionsaithe Gnéasacha a luaithe is féidir. Ba cheart duit smaoineamh ar an méid sin a dhéanamh, is cuma cé acu is mian nó nach mian leat an t-ionsaí a thuairisciú don Gharda Síochána. Is féidir gur smaoineamh coscrach é dul faoi scrúdú fisiciúil ach tá sé tábhachtach cabhair liachta a iarraidh. Is féidir cóireáil a fháil in aghaidh díobhálacha, is féidir leat dul faoi thástálacha le haghaidh ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha féideartha agus cóireáil a fháil ina n-aghaidh, is féidir frithghiniúint éigeandála a thairiscint duit agus is féidir leat comhairle a fháil faoin bhfáil ar chomhairleoireacht.
Nuair atá tú ag lorg cabhair liachta, is féidir leat glao a chur ar an Ionad Éigeandála um Éigniú is gaire duit, ar féidir leis duine éigin a eagrú chun freastal ar Aonad Cóireála d’Ionsaithe Gnéasacha leatsa chun tacaíocht mhothúchánach a thabhairt.
Tá trí rogha ann in Aonad Cóireála d’Ionsaithe Gnéasacha:
- gan ach cúram liachta agus aire liachta amháin a fháil
- cúram liachta agus aire liachta a fháil agus, lena linn sin, géilleadh do thógáil fianaise fóiréinsí lena caomhnú, i gcás gur mian leat tuairisc a thabhairt don Gharda Síochána suas go dtí bliain amháin ina dhiaidh sin
- cúram liachta agus aird liachta a fháil, tuairisc a thabhairt don Gharda Síochána, agus géilleadh do thógáil fianaise fóiréinsí
Is féidir go mbeidh sé doiligh an fhaisnéis seo a leanas a ghlacadh isteach má rinneadh ionsaí ort le déanaí. Is faisnéis thábhachtach í le tabhairt ar aird, áfach, i gcás gurb amhlaidh is mian leat a thuairisciú cad a tharla duit.
Dá nífeá thú féin nó na héadaí a raibh ort tráth an ionsaithe, d’fhéadfadh go scriosfá fianaise fhóiréinseach luachmhar.
Más féidir leat gan aon rud a ól tar éis ionsaí a raibh treá béil i gceist leis, is féidir maipíneacht a ghlacadh. Is féidir le fianaise fhóiréinseach cur leis an bhféidearthacht go n-ionchúiseofaí an ciontóir go rathúil. Tá sé intuigthe nach féidir le híospartaigh an chomhairle sin a leanúint i ngach cás.
Ba cheart gach teagmhas foréigin ghnéasaigh a thuairisciú don Gharda Síochána. Mar sin féin, tá sé faoi aon aosach a ndearnadh ionsaí air nó uirthi nó a bhfuil ionsaí á dhéanamh air nó uirthi a chinneadh an mian leis nó léi an teagmhas/na teagmhais foréigin ghnéasaigh nó ionsaithe ghnéasaigh a thuairisciú don Gharda Síochána nó nach mian.
Gan gabháil ort féin aon rud a dhéanamh, is féidir leat glao a chur ar an Ionad Éigeandála um Éigniú is gaire duit agus tairgfidh sé tacaíocht neamhbhreithiúnach, cluas chairdiúil agus faisnéis duit. Tá oibrithe deonacha oilte ag Ionaid Éigeandála um Éigniú chun tú a thionlacan chuig Aonad Cóireála d’Ionsaithe Gnéasacha, chuig an Stáisiún Gardaí nó chuig cúirt, más mian leat. Tá sé úsáideach dul i dteagmháil leis an ionad tráth ar bith, is cuma cad a chinneann tú a dhéanamh. Is do mhná agus d’fhir araon atá a gcuid seirbhísí.
Is féidir leat glao a chur ar an Ionad Éigeandála um Éigniú is gaire duit nó ar an Líne Chabhrach Éigeandála um Éigniú (1800 77 88 88) le haghaidh comhairle a fháil.
Má d’fhulaing tú foréigean gnéasach san am atá thart
Tá sé tábhachtach a thuiscint go mbeidh éifeachtaí gearrthéarmacha agus éifeachtaí fadtéarmacha araon ar do shaol ag an tráma a ghabhann le hionsaí. Tá sé de cheart agat tacaíocht shaineolach a fháil maidir leis na héifeachtaí sin a scrúdú agus le déileáil leo.
Brisfear an t-uaigneas a d’fhéadfadh a bheith ort má bhíonn teagmháil agat le daoine eile a aithníonn agus a thuigeann d’eispéireas agus conas atá sé ag dul i bhfeidhm ort.
Na nithe ar féidir leat a bheith ag súil leo ó chomhairleoireacht
Tugann comhairleoireacht am agus spás agat chun do mhothúcháin a phlé. Is é an aidhm atá le comhairleoireacht ná cabhrú leat lán do chumais a bhaint amach ionas nach mbeidh smacht ag d’eispéireas foréigin ghnéasaigh ar do shaol, ar d’iompraíocht agus ar do roghanna a thuilleadh agus ionas nach bhfaighidh an t-eispéireas sin an ceann is fearr orthu sin a thuilleadh.
Gairmí is ea an comhairleoir. Dá bhrí sin, ní gá duit é nó í a chosaint ar dhéine do mhothúchán nó ar mhionsonraí do thráma, rud a d’fhéadfá a dhéanamh i gcás na mball teaghlaigh nó na gcairde a ligeann tú do rún leo.
Is féidir leat dul chuig comhairleoir in Ionad Éigeandála um Éigniú fiú mura dtuairiscíonn tú an teagmhas do na póilíní nó mura dtéann tú faoi scrúdú liachta. Is cuma cá fhad ó shin a tharla an t-ionsaí.
Cá fhad a mhairfidh comhairleoireacht?
Ní hionann luas an leighis do gach duine. Braitheann sé ar nithe amhail fad agus déine an fhoréigin ghnéasaigh, do chaidreamh leis an duine a rinne ionsaí ort, eispéiris thrámacha roimhe sin agus an méid tacaíochta a fhaigheann tú lasmuigh den suíomh comhairleoireachta.
Is féidir go mbeidh sé sheisiún nó seasca seisiún, mar shampla, agat le hIonad Éigeandála um Éigniú. Is minic a thosaíonn daoine le seisiúin sheachtainiúla agus a leathann siad an t-am idir seisiúin amach ansin de réir mar a mhéadaíonn a gcumas chun déileáil leis ina n-aonar.
An bhfeicfidh tú an t-aon chomhairleoir amháin gach uair?
Feicfidh. An chéad uair a théann tú chuig Ionad Éigeandála um Éigniú, míneoidh comhairleoir duit conas a oibríonn sé. Tar éis an tseisiúin tosaigh sin, déanfaidh an comhairleoir atá sannta duit teagmháil leat agus is gnách go n-oibreoidh sé nó sí leat ar feadh cibé tréimhse a theastaíonn sé uait.
An gcabhróidh comhairleoireacht leat dearmad a dhéanamh?
Is é an rud is mian le comhairleoireacht a bhaint amach ná a chinntiú nach bhfuil smacht ná an ceann is fearr ag an teagmhas ar do ghnáthshaol laethúil a thuilleadh. Ní sprioc réadúil ná sprioc inmhianaithe, fiú, de chuid comhairleoireachta atá i ndearmad a dhéanamh ar fhoréigean gnéasach.
Tá seans ann go n-aimseoidh tú, le linn na comhairleoireachta, go bhfuil tú ag tosú ar ghnéithe dearfacha díot féin a bhí folaithe nó tearcfhorbartha go dtí seo a fhorbairt. Cabhróidh comhairleoireacht leat a thuiscint gur freagairt normálta do theagmhas mínormálta atá sa rud atá á eispéiriú agat. Ní dhéanann sé sin a bheag de raon agus déine do mhothúchán ar bhealach ar bith. Ina ionad sin, athdhearbhaíonn sé do normáltacht i gcomhthéacs an ruda a tharla duit.
Oiriúnaíodh an fhaisnéis sa rannán seo, le buíochas, ó ábhar ó Líonra Éigeandála na hÉireann um Éigniú.
Má tá tú ag fulaingt foréigean gnéasach faoi láthair
Is éagóir í cur ar dhuine páirt a ghlacadh in aon ghníomh gnéasach gan a thoiliú nó a toiliú. Is sárú ar iomláine fhisiciúil agus phearsanta é. Nuair a chloisimid na focail ‘éigniú’ nó ‘ionsaí gnéasach’, smaoiníonn a lán daoine dínn ar ionsaí a bheith á dhéanamh ar bhean i gcaolsráid dhorcha go mall san oíche. Is eol dúinn ó thaighde agus ó fhaisnéis ó sheirbhísí tacaíochta gurb é is dóichí gurb é duine a bhfuil aithne ag an íospartach air nó uirthi a dhéanfaidh foréigean gnéasach.
Tá a fhios againn freisin gurb iad dlúthpháirtnéirí nó iar-dhlúthpháirtéirí a dhéanann cuid mhór de na hionsaithe sin, agus iad mar chúis leis an gceathrú cuid, beagnach*, de theagmhais foréigin ghnéasaigh in aghaidh na mban mar aosaigh.
Sa bhliain 2017, rinneadh 607 nochtadh do Chúnamh do Mhná faoi mhí-úsáid ghnéasach ag dlúthpháirtnéirí. Áiríodh leo sin 323 thuairisc ar éigniú a ndearna dlúthpháirtnéir reatha nó iar-dhlúthpháirtnéir é.
Chuir Cúnamh do Mhná in iúl freisin gur nocht mná atá ag úsáid a sheirbhísí go ndearna a bpáirtnéirí:
- iad a éigniú
- iad a bhualadh le linn lánúnas collaí
- drugaí a chur iontu agus iad a éigniú
- iad a éigniú agus a rá leo gurb é lánúnas collaí ‘a cheartsan’
- a chur faoi deara do mhná a mhothú go bhfuil sé níos fusa ‘géilleadh dó’ toisc go ndéanfar ionsaí foréigneach má dhiúltaíonn siad dó
- cur ar mhná gníomhartha gnéasacha atá náireach agus pianmhar a dhéanamh
- iad a chomhéigniú chun lánúnas collaí a dhéanamh
- iad a éigniú nó mí-úsáid ghnéasach a dhéanamh orthu os comhair a leanaí
- íomhánna gáirsiúla agus físeáin gháirsiúla a thógáil agus iad a chomhroinnt ar líne agus trí theachtaireacht téacs gan a dtoiliú a fháil
Má tharla sé sin duit, beidh cabhair ar fáil. Ní gá duit fulaingt i d’aonar. Is féidir faisnéis faoi conas is féidir leat tuairisc a thabhairt don Gharda Síochána agus cabhair liachta a fháil tar éis ionsaí gnéasach a tharla le déanaí a aimsiú in áit eile ar an suíomh seo.
Is féidir cabhair shonrach i ndáil le foréigean gnéasach i gcás drochúsáid baile a aimsiú, áfach, trí ghlao a chur ar an Líne Chabhrach Shaorghlao Náisiúnta a n-oibríonn Cúnamh do Mhná í 24 uair an chloig sa lá. Tairgeann an líne chabhrach sin faisnéis, tacaíocht agus tuiscint faoi rún do mhná i bPoblacht na hÉireann a bhfuil mí-úsáid á déanamh orthu ag stócaigh reatha nó ag iarstócaigh, ag páirtnéirí reatha nó ag iarpháirtnéirí nó ag fir chéile reatha nó ag iarfhir chéile.
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an líne chabhrach trí ghlao a chur ar 1800 341 900. Bíonn an líne ar oscailt 24 uair an chloig sa lá, seacht lá sa tseachtain.
Is féidir le Cúnamh do Mhná tú a tharchur chuig seirbhís tacaíochta áitiúil duine le duine nó chuig tearmann áitiúil.
Is féidir faisnéis mhionsonraithe faoi na seirbhísí tacaíochta náisiúnta agus áitiúla atá ar fáil do dhaoine atá ag fulaingt foréigean baile a aimsiú anseo.
Sexual Abuse and Violence in Ireland (McGee et al, 2002)
Tuairisc a thabhairt don Gharda Síochána
Tuairisc a thabhairt
Má d’fhulaing tú, nó má chonaic tú, coir ghnéasach nó mí-úsáid leanaí, molaimid duit í sin a thuairisciú don Gharda Síochána.
Is féidir leat é sin a dhéanamh ar na bealaí seo a leanas:
- Glao a chur ar 112/999 don Gharda Síochána i gcás éigeandála. Is samplaí d’éigeandálaí iad contúirt don bheatha; riosca go bhfulaingeofaí díobháil throm; coir a bheith ar siúl nó ar tí titim amach; an ciontóir a bheith ar an láthair fós nó tar éis imeacht ón láthair.
- Glao a chur ar an Líne Shaorghlao um Mí-Úsáid Ghnéasach Leanaí. Is féidir gearáin faoi mhí-úsáid leanaí a dhéanamh ar an teileafón agus i modh rúin leis an nGarda Síochána 24 uair an chloig sa lá, seacht lá sa tseachtain, trí ghlao a chur ar 1800 555 222.
- Bualadh isteach i do stáisiún áitiúil Garda Síochána nó tuairisc a thabhairt go pearsanta. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le do stáisiún áitiúil Garda Síochána go pearsanta nó ar an teileafón freisin. Tá mionsonraí faoi stáisiúin uile an Gharda Síochána ar fáil anseo. Is féidir leat dul chuig an stáisiún Garda Síochána i dteannta carad nó oibrí tacaíochta ó cheann den iliomad grúpaí tacaíochta d’íospartaigh. Is liostaithe anseo atá mionsonraí faoi na grúpaí sin, a sholáthraíonn seirbhísí náisiúnta agus seirbhísí áitiúla araon.
Cad a tharlóidh ar theacht na nGardaí?
Aithníonn an Garda Síochána an phian mhothúchánach agus fhisiciúil a d’fhéadfadh a bheith á fulaingt ag íospartaigh na coireachta gnéasaí agus na mí-úsáide leanaí. Is minic a bhíonn an fhulaingt sin chomh dona sin go measann íospartaigh nach féidir leo an choir a thuairisciú don Gharda Síochána. Aithníonn an Garda Síochána an deacracht sin atá ag íospartaigh, ach molann sé d’íospartaigh uile na coireachta gnéasaí agus na mí-úsáide leanaí gearán a dhéanamh leis an nGarda Síochána chun a chinntiú go gcoinneofar déantóir na coire nó na mí-úsáide cuntasach i gcás gur féidir.
Is féidir leat a bheith deimhin de:
- go bhfuil sé de dhualgas ar an nGarda Síochána gach tuairisc ar choireacht ghnéasach agus ar mhí-úsáid leanaí a imscrúdú go hiomlán, gan aon eisceacht. Tabharfar an-aird ar do thuairisc
- go bhfuil Gardaí oilte i do thuairisc a imscrúdú ar bhealach comhbhách, tuisceanach agus gairmiúil. Déanfar dianiarracht a chinntiú go sannfar Garda den inscne is rogha leat don imscrúdú
- go dtaifeadtar gearáin faoi choireacht ghnéasach agus faoi mhí-úsáid leanaí ar an ríomhchóras PULSE de chuid an Gharda Síochána agus nach bhfuil rochtain ar an gcóras sin ach ag na pearsana a bhfuil baint acu leis an imscrúdú agus ag maoirseoirí
- go dtabharfar mionsonraí teagmhála an Gharda imscrúdaithe duit agus go gcuirfear ar an eolas thú faoi dhul chun cinn an imscrúdaithe ag an nGarda Síochána ar bhonn tráthrialta. Tabharfar an Uimhir Theagmhais PULSE a bhaineann leis an ngearán uait duit
- go dtabharfar mionsonraí duit faoi na seirbhísí tacaíochta atá ar fáil agus ábhartha don choir a thuairiscíonn tú
- go bhféadfaidh aturnae agus/nó duine eile is rogha leat tú a thionlacan nuair atá tú ag déanamh idirchaidreamh leis an nGarda Síochána. Is féidir freisin go dtabharfar bearta cosanta speisialta eile duit, amhail agallóirí sainoilte nó ateangaire, ag brath ar d’imthosca
- go ndéanfaidh an Garda Síochána cumarsáid le Tusla – An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach agus oibreoidh sé i gcomhar léi i gcás go dtagann aon ábhair imní maidir le cosaint leanaí chun cinn
- nach mór comhad imscrúdaithe a chur ar aghaidh chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nuair a bheidh an t-imscrúdú críochnaithe
- go seasfar le cearta na bpáirtithe uile a bhfuil baint acu leis an imscrúdú
Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil anseo.
Aonaid Chóireála d’Ionsaithe Gnéasacha
Is é is Aonad Cóireála d’Ionsaithe Gnéasacha ann ná áit shábháilte ar féidir leat dul chuige nuair a éigníodh thú nó a rinneadh ionsaí gnéasach ort nó nuair a cheapann tú gur féidir gur éigníodh thú nó go ndearnadh ionsaí gnéasach ort. Tugann siad aire do gach duine atá 14 bliana d’aois agus níos sine, beag beann ar inscne agus ar fhéiniúlacht inscne.
Cuireadh sainoiliúint ar gach ball foirne den aonad chun cúram agus cóireáil a chur ort i dtimpeallacht atá measúil, atá dírithe ar an duine agus atá neamhbhreithiúnach.
I láthair na huaire, tá sé cinn d’Aonaid Chóireála d’Ionsaithe Gnéasacha ann in Éirinn. Tá siad lonnaithe i gCorcaigh, i nDún na nGall, i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, ar an Muileann gCearr agus i bPort Láirge. Tá na mionsonraí teagmhála le haghaidh gach aonaid leagtha amach thíos.
An tAonad Cóireála d’Ionsaithe Gnéasacha, Corcaigh
Seirbhís a bhíonn ar fáil 24 uair an chloig sa lá, 365 lá sa bhliain
Lonnaithe san Otharlann Theas/Ospidéal Ollscoile Victoria, Corcaigh.
Bíonn oibrithe tacaíochta síceolaíochta an Ionaid Foréigin Ghnéasaigh, Corcaigh, ar fáil do gach othar a thagann i láthair.
0830-1630 ó Luan go hAoine. Déan teagmháil le 021 4926297/021 4926100; Blíp 789
Lasmuigh d’uaireanta oibre nó ag an deireadh seachtaine, déan teagmháil leis an bhFoireann Riaracháin Altranais ar 021 4926100
An tAonad Cóireála d’Ionsaithe Gnéasacha, Dún na nGall
Bíonn cóireáil agus cúram ar fáil 24 uair an chloig sa lá, 365 lá sa bhliain.
Chun labhairt le Scrúdaitheoir Cliniciúil Fóiréinseach chun coinne phríobháideach a shocrú, déan teagmháil:
le huimhir fóin póca an Aonaid Cóireála d’Ionsaithe Gnéasacha, a bhíonn ar glao-dhualgas 24 uair an chloig sa lá, ar (087) 0681964 nó le huimhir theileafóin na hOifige le linn na seachtaine ar 074 9104436
Déanann Ionad Éigeandála um Mí-Úsáid Ghnéasach agus Éigniú Dhún na nGall a dhícheall tacaíocht síceolaíochta a thabhairt do gach othar a thagann i láthair.
An tAonad Cóireála d’Ionsaithe Gnéasacha, Baile Átha Cliath
Seirbhís a bhíonn ar fáil 24 uair an chloig sa lá, 365 lá sa bhliain
Lonnaithe in Ospidéal an Rotunda, Baile Átha Cliath 1.
Bíonn oibrithe tacaíochta síceolaíochta Ionad Éigeandála um Éigniú Bhaile Átha Cliath ar fáil do gach othar.
Cuireann CARI tacaíocht síceolaíochta ar fáil d’othair idir 14 bliana d’aois agus 15 bliana d’aois a thagann i láthair san aonad. Cuireann CARI seirbhís tacaíochta teileafóin iarchúraim ar fáil freisin d’aon aosaigh atá bainteach le tacaíocht a thabhairt do leanbh agus é/í ag dul trí phróiseas fóiréinseach.
Chun comhairle a fháil nó chun coinne a chur in áirithe, cuir glao ar an aonad ar 01 8171736 ó 08.00 go 16.00 ó Luan go hAoine.
Lasmuigh d’uaireanta oibre, déan teagmháil le hOspidéal an Rotunda ar 018171700 agus iarr an tAonad Cóireála d’Ionsaithe Gnéasacha.
An tAonad Cóireála d’Ionsaithe Gnéasacha, Gaillimh
Seirbhís a bhíonn ar fáil 24 uair an chloig sa lá, 365 lá sa bhliain
Lonnaithe i bhfoirgneamh tiomnaithe in aice le ráschúrsa na Gaillimhe.
Bíonn oibrithe tacaíochta síceolaíochta Ionad Éigeandála um Éigniú na Gaillimhe ar fáil do gach othar a thagann i láthair.
Chun comhairle a fháil nó chun coinne a chur in áirithe, déan teagmháil le do Stáisiún Gardaí áitiúil nó cuir glao ar an aonad ar 091765751 nó ar 0876338118 ó 08.00 go 16.00 ó Luan go hAoine.
Lasmuigh d’uaireanta oibre, déan teagmháil le do stáisiún Gardaí áitiúil.
An tAonad Cóireála d’Ionsaithe Gnéasacha, an Muileann gCearr
Seirbhís a bhíonn ar fáil 24 uair an chloig sa lá, 365 lá sa bhliain
Lonnaithe in Ospidéal Réigiúnach an Láir Tíre, an Muileann gCearr.
Bíonn oibrithe tacaíochta síceolaíochta Ionad Éigeandála um Éigniú Thulach Mhór ar fáil do gach othar a thagann i láthair.
Chun comhairle a fháil nó chun coinne a chur in áirithe, déan teagmháil leis an nGarda Síochána nó cuir glao ar an aonad ar 044 9394239 nó ar 086 0409952 ó 08.00 go 17.30 ó Luan go hAoine.
Lasmuigh d’uaireanta oibre nó ag an deireadh seachtaine, déan teagmháil le do Stáisiún Gardaí áitiúil nó cuir glao ar an bhfoireann riaracháin altranais trí lasc-chlár an ospidéil ar 044 93 40221.
Seirbhísí Ionsaithe Ghnéasaigh an Iarthair Láir
Bíonn siad ar fáil 365 lá sa bhliain, ó 6pm go 8am ó Luan go hAoine agus 24 uair an chloig ar an Satharn, ar an Domhnach agus ar Laethanta Saoire Bainc
Lonnaithe i Roinn Othar Seachtrach Ospidéal Réigiúnach an Iarthair Láir, Luimneach. Bíonn foireann an Ionaid Éigeandála um Éigniú i láthair.
Déan teagmháil le SHANNONDOC ar 1850 212 999
Le linn uaireanta oifige, déan teagmháil leis an Aonad Cóireála d’Ionsaithe Gnéasacha, Gaillimh, nó leis an Aonad Cóireála d’Ionsaithe Gnéasacha, Corcaigh
An tAonad Cóireála d’Ionsaithe Gnéasacha, Port Láirge
Seirbhís a bhíonn ar fáil 24 uair an chloig sa lá, 365 lá sa bhliain
Lonnaithe in Ospidéal Réigiúnach Phort Láirge.
Bíonn oibrithe tacaíochta síceolaíochta Ionad Éignithe agus Mí-Úsáide Gnéasaí Phort Láirge ar fáil do gach othar a thagann i láthair. Chun comhairle a fháil nó chun coinne a chur in áirithe, déan teagmháil leis an Aonad Cóireála d’Ionsaithe Gnéasacha go díreach ar 051 842157 nó
Lasmuigh d’uaireanta oibre, déan teagmháil leis an altra ar glao-dhualgas trí lasc-chlár an ospidéil ar 051 848000
Ionaid Éigeandála um Éigniú
Reáchtálann Ionad Éigeandála um Éigniú Bhaile Átha Cliath líne chabhrach náisiúnta 24 uair an chloig sa lá. Is féidir glao a chur uirthi ag 1800 77 8888. Bíonn a chomhairleoirí teileafóin ar fáil le héisteacht le glaoiteoirí 24 uair an chloig sa lá, 365 lá sa bhliain, agus tairgeann siad seirbhís éisteachta agus tacaíochta faoi rún agus in aisce do mhná agus d’fhir a éigníodh nó a ndearnadh ionsaí gnéasach, ciapadh gnéasach nó mí-úsáid ghnéasach orthu tráth ar bith ina saol.
Tá suíomh Gréasáin ar fáil freisin ag RapeCrisisHelp.ie, áit a bhfaighidh tú faisnéis faoin tacaíocht ghairmiúil agus faoi na roghanna atá ar fáil do mharthanóirí an fhoréigin ghnéasaigh.
Is timpeallacht shábháilte ina dtugtar tús áite do mharthanóirí an fhoréigin ghnéasaigh iad Ionaid Éigeandála um Éigniú. Tá tuiscint dhomhain ag gach duine de na baill foirne agus de na hoibrithe deonacha ar réaltacht an fhoréigin ghnéasaigh agus ar an tionchar a bhíonn ag gach cineál foréigin ghnéasaigh. Féachtar ar fhreagairtí na marthanóirí mar ghnáthfhreagairtí do thráma agus do dhéileáil leis an toradh ar thráma.
Tá gach ball foirne agus gach oibrí deonach oilte i réaltacht agus fairsinge an fhoréigin ghnéasaigh. Le linn dóibh tacaíocht a thabhairt do mharthanóirí trí línte cabhrach, trí thathant, trí chomhairleoireacht nó trí phróisis liachta nó dlí, tuigeann Ionaid Éigeandála um Éigniú gur gá rúndacht a choinneáil ar bun.
Is chuig Ionaid Éigeandála um Éigniú ar fud na hÉireann atá na naisc seo a leanas:
Ionad Éigeandála um Éigniú Bhaile Átha Luain/an Láir Tíre
Ionad Éigeandála um Éigniú Cheatharlach agus Laighean Theas
Ionad Éigeandála um Éigniú Dhún na nGall
Ionad Éigeandála um Éigniú Bhaile Átha Cliath
Ionad Éigeandála um Éigniú na Gaillimhe
Ionad Éigeandála um Éigniú Chiarraí
Ionad Éigeandála um Éigniú Chill Chainnigh
Ionad Éigeandála um Éigniú Luimnigh
Ionad Éigeandála um Éigniú Mhaigh Eo
Ionad Éigeandála um Éigniú an Oirthuaiscirt
An tIonad Foréigin Ghnéasaigh, Corcaigh
Ionad Éigeandála um Éigniú Shligigh
Ionad Éigeandála um Éigniú Thiobraid Árann
Ionad Éigeandála um Éigniú Thulach Mhór
Seirbhísí Tacaíochta d’Íospartaigh na Mí-Úsáide Gnéasaí Leanaí
Tugann One in four tacaíocht ghairmiúil d’fhir agus do mhná a d’fhulaing mí-úsáid ghnéasach le linn na hóige. Is féidir teagmháil a dhéanamh leo ar na bealaí seo a leanas:
- glao a chur ar 01 6624070 idir 9.30am agus 5.30pm ó Luan go hAoine
- ríomhphost a sheoladh chuig info@oneinfour.ie
- litir a sheoladh chuig 2 Sráid Holles, Baile Átha Cliath 2, D02 FP40
Soláthraíonn CARI (Children at Risk Ireland) seirbhísí teiripe agus comhairleoireachta do leanaí, do bhaill teaghlaigh nach ndearna aon chion agus do ghrúpaí atá thíos le mí-úsáid ghnéasach leanaí. Is féidir teagmháil a dhéanamh leo ar na bealaí seo a leanas:
- glao a chur ar Íosghlao 1890 924 567 (Poblacht na hÉireann) nó ar +353 1 830 8523 (an Ríocht Aontaithe agus Tuaisceart Éireann). Bíonn a línte ar oscailt idir 9.30am agus 5.30pm ó Luan go hAoine.
- ríomhphost a sheoladh chuig helpline@cari.ie