Conas cabhair a thabhairt agus teacht chun bheith i do thacadóir

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Conas cabhair a thabhairt agus teacht chun bheith i do thacadóir


Réamhrá

Tháinig an-chuid dínn ar rud éigin san am atá thart a d’fhág go rabhamar míshuaimhneach agus míchompordach ach nach raibh a fhios againn cad ba cheart dúinn a dhéanamh.

B’fhéidir:

  • gur seoladh teachtaireacht chugat ina raibh íomhá dhlúthphearsanta á scaipeadh, ar theachtaireacht í a bhí ceaptha a bheith príobháideach nuair a tógadh í
  • go bhfaca tú cailín a bhí á treorú agus í ag siúl go tuisleach ag 3am agus go raibh tú ag smaoineamh an raibh sí á treorú ag a stócach nó ag strainséir a bhí ag baint mí-úsáid aisti
  • gur mhothaigh tú míchompordach nuair a mhaígh comhghleacaí oibre go mbíonn sé ‘níos éasca’ in amanna géilleadh d’éilimh ghnéis a c(h)éile, fiú nuair nach mbíonn fonn air/uirthi, toisc go mbeadh trioblóid ann mura ndéanfadh sé/sí amhlaidh

Má mhothaigh tú mar sin san am atá thart, b’fhéidir gur chaill tú deis rud éigin a rá agus cosc a chur ar dhuine a bheith ag fulaingt foréigean gnéasach.

Má mheasann tú go bhfuil cara, ball teaghlaigh nó strainséir, fiú, ag fulaingt foréigean gnéasach, is féidir go mbeidh sé deacair duit teacht ar bhealach tacúil ar féidir leat cabhrú leis/léi. Tá sé ceart go leor eagla, déistin nó faitíos a bheith orainn gur bhaineamar míbhrí as an gcás.

Ach níl sé ceart ná cóir a thuilleadh gan aon rud a dhéanamh.

Is leor sin.

  • is gá dúinn ár gcion a dhéanamh
  • is gá dúinn teacht chun bheith inár dtacadóirí
  • is gá dúinn a bheith níos oscailte d’éisteacht leo siúd a nochtann rud éigin dúinn
  • is gá dúinn cabhrú leo cabhair a fháil
  • is gá dúinn a bheith in ann na gníomhartha is cúis le foréigean gnéasach a fheiceáil agus a aithint
  • is gá dúinn breathnú ar fhoréigean gnéasach agus ar na gníomhartha is cúis leis mar nithe nach féidir glacadh leo in aon chor
  • is gá dúinn dul i mbun gnímh (má tá sé sábháilte agus dleathach déanamh amhlaidh) ar réamhtheachtaithe foréigin ghnéasaigh
  • is gá dúinn ár bhfeasacht ar na seirbhísí atá ar fáil a mhéadú

Fiú má dhéanaimid dornán de na nithe sin, beidh daoine atá ag fulaingt an fhoréigin sin níos toilteanaí cabhair a iarraidh agus beidh a fhios acu go gcreideann agus go dtuigeann baill teaghlaigh, cairde, gaolta, comharsana agus an pobal i gcoitinne iad agus go dtacaíonn na daoine sin leo.

Cabhrú le duine ar a bhfuil aithne agat

Cad is féidir liom a dhéanamh má insíonn duine dom go ndearnadh ionsaí gnéasach orthu?

Má bhíonn tú páirteach i gcás ina n-insíonn duine duit go díreach nó go hindíreach gur fhulaing sé/sí ionsaí gnéasach de chineál éigin, tá sé tábhachtach go mothódh an duine sin sábháilte agus compordach agus é/í ag labhairt leat.

Seo í roinnt comhairle maidir le conas freagairt don duine sin.

Tá sé tábhachtach a chuimhneamh nach féidir leatsa aon chinntí a dhéanamh thar ceann an duine – ní féidir ach leis an duine sin a chinneadh cén gníomh is mian leis/léi a dhéanamh.

Seo iad na nithe is féidir leat a dhéanamh:

  • abair leis an duine go bhfuil tú buíoch gur inis sé/sí duit faoin rud a tharla agus gur mhaith leat cabhrú leis/léi
  • abair leis/léi go gcreideann tú é/í
  • abair leis/léi nach gá dó/di déileáil leis ina (h)aonar
  • abair leis/léi go bhfuil am aige/aici smaoineamh ar cad ba mhaith leis/léi a dhéanamh agus go leanfaidh tú de chabhair a thabhairt dó/di
  • tabhair am dó/di smaoineamh. Más é sin an chéad uair riamh a d’inis sé/sí é sin d’aon duine, is féidir go “dtarraingeoidh sé/sí siar” beagán agus go mbeidh air/uirthi dul i dtaithí ar an smaoineamh go bhfuil a fhios ag duine éigin eile
  • más ionsaí a tharla le fíordhéanaí é, inis dó/di faoi na roghanna atá ar fáil ag Aonad Cóireála d’Ionsaithe Gnéasacha agus faoin bhféidearthacht a bhaineann leis an teagmhas a thuairisciú don Gharda Síochána, má tá sé/sí toilteanach le déanamh amhlaidh.
  • abair leis/léi gur faoi/fúithi féin atá an cinneadh i ndáiríre, agus go dtacóidh tú lena c(h)inneadh
  • abair leis/léi gur féidir leat cabhrú leis/léi faisnéis a fháil faoi ghníomhaireachtaí tacaíochta agus cabhrú leis/léi glao a chur ar ghníomhaireacht tacaíochta. Is féidir leat a thairiscint dul in éineacht leis/léi chuig an ngníomhaireacht tacaíochta den chéad uair, dá mba mhaith leis/léi go ndéanfá amhlaidh

Is féidir go mbeidh sé deacair duit in amanna do thacaíocht a thabhairt, agus is féidir leat glao a chur ar an Ionad Éigeandála um Éigniú is gaire duit nó ar an Líne Chabhrach Éigeandála um Éigniú (1800 77 88 88) le haghaidh cabhair a fháil ina leith sin.

Léirítear go soiléir sa taighde go ndéanann dea-fhreagairt do nochtadh difear ollmhór d’íospartaigh, maidir lena dtéarnamh fadtéarmach agus lena gcinneadh dul i dteagmháil le seirbhísí tacaíochta araon.

Cad is féidir liom a dhéanamh má mheasaim gur fhulaing aosach ar a bhfuil aithne agam foréigean gnéasach?

Má mheasann tú gur fhulaing aosach ar a bhfuil aithne agat ionsaí gnéasach, d’fhéadfá topaic na mí-úsáide gnéasaí a tharraingt anuas agus tú ina c(h)uideachta.

Mar shampla, d’fhéadfá labhairt faoi rud a chonaic tú sa pháipéar nó ar an teilifís, á rá go gcabhrófá le haon duine a d’inis duit gur fhulaing sé/sí an méid sin. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina bhealach chun a chur in iúl dó/di go bhfuil tú compordach agus tú ag labhairt faoi mhí-úsáid, agus go mbeifeá tacúil dá n-inseodh sé/sí duit fúithi.

D’fhéadfá freisin glao a chur ar an Ionad Éigeandála um Éigniú is gaire duit nó ar an Líne Chabhrach Éigeandála um Éigniú (1800 77 88 88) le haghaidh comhairle a fháil.

Cabhrú le strainséir

Má fheiceann tú rud éigin a chuireann imní ort toisc nach bhfuil tú cinnte an bhfuil sé comhthoiliúil, bíonn sé mealltach neamhiontas a dhéanamh de nó neamhaird a thabhairt air toisc gur cás míchompordach é.

Tá sé ceart go leor eagla, déistin nó faitíos a bheith ort gur bhain tú míbhrí as an gcás.

Ach níl sé ceart ná cóir gan aon rud a dhéanamh. Is leor sin. Mura ndéanann tú aon rud, d’fhéadfadh go bhfulaingeodh duine eile ciapadh gnéasach nó foréigean gnéasach.

Tá go leor bealaí éagsúla ann ar féidir leat idirghabháil a dhéanamh nó difear a dhéanamh má fheiceann tú duine atá i mbaol. Níl aon bhealach eiseamláireach ann chun idirghabháil a dhéanamh chun ciapadh gnéasach nó foréigean gnéasach a chosc toisc go mbíonn gach cás difriúil, díreach mar a bhíonn gach duine sa chás sin difriúil.

Is é an bealach is fearr chun teacht chun bheith i do thacadóir ná a fhoghlaim conas idirghabháil a dhéanamh ar bhealach a n-oireann don chás agus do do leibhéal compoird.

Mar sin féin, forbraíodh samhail le haghaidh idirghabháil a dhéanamh maidir le ciapadh gnéasach nó le foréigean gnéasach agus, tríd an eolas sin a bheith agat, is féidir leat an mhuinín a bheith agat as idirghabháil a dhéanamh nuair atá rud éigin mícheart.

Tugtar ‘Na Trí D’ ar an tsamhail sin i mBéarla agus tá sí leagtha amach thíos. Is féidir le hidirghabháil a dhéanamh difear mór a dhéanamh, ach níor cheart do shábháilteacht féin ná sábháilteacht aon duine eile a chur i mbaol choíche trí dhéanamh amhlaidh.

Bain aird

Is bealach indíreach agus neamhchoimhlinteach chun idirghabháil a dhéanamh é aird duine a bhaint, agus is féidir leis cabhrú le cosc a chur ar chás contúirteach dul in olcas. Is féidir leis a bheith úsáideach freisin mura bhfuil tú cinnte an bhfuil cás neamhshábháilte ach go measann tú fós gur gá duit déanamh cinnte de.

Is féidir leat iarracht a dhéanamh aird an duine atá ionsaitheach go gnéasach nó aird an íospartaigh fhéideartha a bhaint. Cibé scéal é, is é an sprioc atá agat ná cosc a chur ar an gcás dul in olcas nó, rud ab fhearr fós, dóthain ama a fháil chun seiceáil isteach leis an íospartach féideartha agus a fhiafraí de/di an bhfuil fadhb ann.

D’fhéadfá tú féin a chur isteach sa chomhrá, agus an méid seo a leanas á rá, mar shampla: “haigh, nach cara le hEoin thú” nó “cá bhfaighim an bus go...”. Tríd an méid sin a dhéanamh, tá tú ag tabhairt deis don duine a bhfuil imní ort faoi/fúithi é/í féin a scaoileadh amach ón duine eile.

Tarmlig

Bíonn amanna ann ag a mbeidh sé níos cuí duit a iarraidh ar dhuine eile idirghabháil a dhéanamh. Mar shampla, i mbeár nó i gclub oíche, d’fhéadfá a iarraidh ar bhall foirne seiceáil isteach ar dhuine a mheasann tú a bheith leochaileach nó a measann tú go bhfuil ionsaitheoir gnéasach ag spriocdhíriú air/uirthi.

Má bhí tú ag ól, is féidir gurb ísle do bhraistint contúirte. Cuimhnigh gur féidir gloiní agus buidéil a úsáid mar airm i mbeár nó i gclub oíche.

In amanna, is é an gníomh is cuí a d’fhéadfá a dhéanamh ná glao a chur ar an nGarda Síochána agus do chuid ábhair imní a chur in iúl faoin rud atá á fheiceáil agat.

I gcásanna nach bhfuil aithne agat ar an íospartach ná ar an mí-úsáideoir iontu, d’fhéadfadh go mbeadh aithne ag duine eile sa seomra orthu. D’fhéadfadh go mbeadh cairde na ndaoine lena mbaineann i riocht níos fearr chun baint a bheith acu, agus d’fhéadfadh go mbeadh deis níos fearr acusan idirghabháil leanúnach a dhéanamh ná mar atá agatsa. D’fhéadfá an méid seo a leanas a rá leo: “Féachaigí, tá imní orm faoin duine sin. An mbeadh sibh in ann seiceáil isteach ar an gcás anois nó tráth níos déanaí?”

Díreach

I gcur chuige díreach, téann tú i dteagmháil leis an íospartach féideartha, nó leis an mí-úsáideoir féideartha, agus déanann tú idirghabháil. Níor cheart é sin a bheith foréigneach choíche, toisc nach mbeidh tú ach ag cur tú féin agus an íospartaigh fhéideartha i mbaol.

Is féidir leat a fhiafraí den duine a bhfuil imní ort faoi/fúithi an bhfuil sé/sí ceart go leor agus is féidir leat glao a chur ar thacsaí dó/di nó bealach sábháilte abhaile a thairiscint dó/di. Is féidir leat a rá leis an mí-úsáideoir féideartha go bhfuil imní ort faoin íospartach féideartha agus nach bhfuil tú compordach é/í a fhágáil ina (h)aonar sa chás sin.

Is féidir leat a bheith níos caolchúisí más mian leat agus teanga choirp a úsáid chun míshástacht a chur in iúl agus do láithreacht agus d’imní a léiriú. D’fhéadfá é sin a dhéanamh trí bhreathnú ar a bhfuil ag tarlú agus trína chur in iúl go soiléir go bhfuil súil á coinneáil agat ar an gcás.

Cabhrú le leanbh

Tarlaíonn Mí-Úsáid Ghnéasach Leanaí nuair a úsáideann duine eile leanbh ar mhaithe lena s(h)ásamh féin nó lena m(h)acnas féin, nó ar mhaithe le sásamh nó macnas daoine eile. Áirítear léi an leanbh a bheith páirteach i ngníomhartha gnéasacha (lámhchartadh, muirniú, gnéas béil nó gnéas treáiteach) nó an leanbh a nochtadh do ghníomhaíocht ghnéasach go díreach nó trí phornagrafaíocht.

D’fhéadfadh mí-úsáid ghnéasach leanaí raon leathan gníomhaíochtaí mí-úsáide a fholú. Is annamh a bhíonn teagmhas amháin i gceist agus, i gcásanna áirithe, tarlaíonn sí thar roinnt blianta. Is minice a tharlaíonn mí-úsáid ghnéasach leanaí laistigh den teaghlach, agus deartháireacha/deirfiúracha níos sine, baill den teaghlach sínte, agus daoine atá i gceannas ar leanaí is cúis léi.

Tríd is tríd, tagann cásanna mí-úsáide gnéasaí chun solais trí nochtadh ag an leanbh nó ag a d(h)eartháireacha/a d(h)eirfiúracha/a c(h)airde, ó amhras aosaigh, trí chomharthaí fisiciúla, agus/nó trí ghníomhartha gnéasacha míchuí.

Déileálfaidh an Garda Síochána le haon ghnéithe coiriúla de chás mí-úsáide gnéasaí faoin reachtaíocht iomchuí ceartais choiriúil. Is de réir an mhórchuspóra arb éard é leas leanaí agus cosaint leanaí a bhreithneofar cion gnéasach in aghaidh linbh a ionchúiseamh. Tá sábháilteacht an linbh thar a bheith tábhachtach agus níor cheart sábháilteacht linbh a chur i mbaol choíche de dheasca imní faoi iontaofacht aon imscrúdaithe choiriúil.

Maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí, ba cheart a thabhairt faoi deara gurb í 17 mbliana d’aois an aois toilithe le haghaidh caidreamh collaí do bhuachaillí agus do chailíní araon sa dlí coiriúil. Is neamhdhleathach atá aon chaidreamh gnéasach ina bhfuil páirtí amháin nó an bheirt faoi bhun 17 mbliana d’aois. Mar sin féin, ní gá go measfaí gur mí-úsáid ghnéasach leanaí é sin. Mionsonraí faoi na díolúintí maidir le tuairisciú éigeantach cásanna áirithe gníomhaíochta gnéasaí comhthoiliúla faoi aois, is féidir iad a fháil i gCaibidil 3 de Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí.

Conas ábhar imní atá agat faoi leanbh a thuairisciú

I gcás éigeandála, áit a bhfuil an duine i ngarbhaol, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an nGarda Síochána nó leis na seirbhísí éigeandála ar 999 nó ar 112.

Is féidir le haon duine ábhar imní faoi leanbh a thuairisciú. Má tá aon ábhair imní agat faoi leanbh, ba cheart duit iad a thuairisciú do Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach.

Is féidir tuairisc a thabhairt go pearsanta, ar an teileafón nó i scríbhinn. Is féidir le haon duine den phobal a bhfuil ábhar imní aige/aici faoi leanbh teagmháil a dhéanamh leis an tseirbhís áitiúil dualgais oibre sóisialta sa limistéar ina gcónaíonn an leanbh. Má tá an leanbh i mbaol lasmuigh d’uaireanta oifige, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an nGarda Síochána.

De réir Tusla, ba cheart duit é a chur ar an eolas i ngach cás ina bhfuil forais réasúnacha imní agat chun a chreidiúint gur féidir gur baineadh mí-úsáid as leanbh, go bhfuil mí-úsáid á baint as leanbh nó go bhfuil leanbh i mbaol mí-úsáide. Má dhéanann tú neamhaird de chomharthaí ar féidir gur comharthaí mí-úsáide iad, tá seans ann go ndéanfar dochar leanúnach don leanbh.

Ní gá duit a chruthú gur tharla mí-úsáid chun ábhar imní a thuairisciú do Tusla. Ní gá ach go bhfuil forais réasúnacha imní agat. Is é ról Tusla measúnú a dhéanamh ar ábhair imní a thuairiscítear dó.

Má thuairiscíonn tú ábhar imní, is féidir leat a bheith deimhin de go ndéanfar breithniú cúramach ar d’fhaisnéis i dteannta aon fhaisnéis eile atá ar fáil agus go ndéanfar measúnú ar chosaint leanaí i gcás go sainaithnítear riosca leordhóthanach.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi conas ábhar imní a thuairisciú, agus chun foghlaim faoi na treoirlínte ‘Tús Áite do Leanaí’ a fheidhmíonn mar threochlár chun cabhrú le tuismitheoirí, le gairmithe, le heagraíochtaí agus leis an bpobal i gcoitinne ábhair imní maidir le mí-úsáid leanaí agus le leas leanaí a shainaithint agus a thuairisciú, téigh chuig Tusla.

Faisnéis faoi línte cabhrach atá ar fáil do leanaí

I gcás éigeandála, 
cuir glao ar 999 don Gharda Síochána
Glao a chur ar an Líne Shaorghlao um Mí-Úsáid Ghnéasach Leanaí. 
Is féidir gearáin faoi mhí-úsáid leanaí a dhéanamh ar an teileafón agus i modh rúin leis an nGarda Síochána 

24 uair an chloig sa lá, seacht lá sa tseachtain, trí ghlao a chur ar 1800 555 222.

 
Cuir glao ar líne shaorghlao Líne Chabhrach na Leanaí
1800 666 666 nó www.childline.ie
 
Cuir glao ar líne shaorghlao Teen Line
1800 833 634 - 7pm-10pm gach lá, nó seol ríomhphost chuig info@teenline.ie
 
Téacsáil déagóirí trí 'talk' a sheoladh chuig 50101
10am-4pm gach lá
 
CARI - 1890 924 567
9am-5pm ó Luan go hAoine. Faisnéis d’íospartaigh mí-úsáide gnéasaí leanaí agus do thuismitheoirí nach bhfuil freagrach as an mí-úsáid sin.

 

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat