Drochúsáid íomhánna dlúthphearsanta
- Foilsithe: 18 Aibreán 2019
- An t-eolas is déanaí: 9 Feabhra 2026
- Réamhrá
- Conas tuairisc a thabhairt do Hotline.ie
- Conas tuairisc a thabhairt don Gharda Síochána
- Na seirbhísí tacaíochta atá ar fáil
- Fanacht sábháilte ar líne má tá tú i gcaidreamh drochídeach
Réamhrá
Is cineál mí-úsáide nach nglactar le haon leithscéal ina leith é íomhá dhlúthphearsanta a chomhroinnt gan toiliú nó bagairt a dhéanamh íomhá dhlúthphearsanta a chomhroinnt gan toiliú. Is coir í freisin anois.
Tá an téarma ‘Drochúsáid Íomhánna Dlúthphearsanta’ tar éis teacht in ionad téarmaí míchuí a úsáideadh roimhe seo chun cur síos a dhéanamh ar íomhá dhlúthphearsanta a phostáil ar líne nó í a chomhroinnt ar aon mhodh eile, gan toiliú a fháil ón duine san íomhá. Is é is íomhá dhlúthphearsanta ann ná cineál íomhá de dhuine atá nocht nó atá ag glacadh páirt i ngníomh gnéasach. Áirítear leis sin freisin aon íomhá a deirtear a bheith ina híomhá de chuid dhlúthphearsanta de chorp duine nó aon íomhá d’fho-éadaí a chlúdaíonn an chuid sin de chorp duine.
Fiú i gcás gur ghlac an duine san íomhá an íomhá go toiliúil agus gur sheol sé nó sí go toiliúil í chuig duine a bhfuil iontaoibh aige nó aici as nó aisti, beidh cion coiriúil déanta má chomhroinntear an íomhá ansin le daoine eile gan toiliú an duine san íomhá a fháil. Is ionann agus íomhá dhlúthphearsanta freisin aon phictiúr a thógtar, nó aon inneachar a thaifeadtar, i ngan fhios don duine san íomhá.
Foráiltear le Dlí Coco, dá ngairtear an tAcht um Chiapadh, Cumarsáid Dhochrach agus Cionta Gaolmhara freisin, do dhá chion nua lena ndéileáiltear leis an dáileadh neamhthoiliúil íomhánna dlúthphearsanta.
Leis an dlí, is coir í íomhánna dlúthphearsanta de dhuine a chomhroinnt, nó bagairt a dhéanamh íomhánna dlúthphearsanta de dhuine a chomhroinnt, gan a thoiliú nó a toiliú a fháil agus le hintinn, nó gan aon intinn, dochar a dhéanamh don íospartach. Maidir leis na pionóis, amhail pianbhreith suas le seacht mbliana i bpríosún agus fíneáil de shuim neamhtheoranta, tá siad ard chun go mbeidh siad ag teacht le tromchúis na gcionta agus leis an damáiste agus an dochar a dhéanann siad.
Toradh eile atá ar an dlí is ea gur cion é íomhá dhlúthphearsanta a airbheartaíonn nó a deirtear a bheith ina híomhá de dhuine eile a sheoladh, fiú mura íomhá den duine sin í dáiríre. Is minic a thugtar “domhainbhrionnú” air sin.
Má phostáil duine íomhá dhlúthphearsanta díot, nó íomhá a ndeir sé/sí gur íomhá díot í, gan do thoiliú, is féidir leat í a thuairisciú anois do Hotline.ie. Oibreoidh Hotline.ie i gcomhar le Soláthraithe Seirbhísí Idirlín chun go mbainfí an íomhá chomh tapa agus is féidir. Ós rud é gur cion coiriúil é sin anois, tabharfaidh Hotline fógra don Gharda Síochána lom láithreach freisin chun tús a chur le próiseas imscrúdaithe choiriúil nuair is gá é sin. Is féidir leat tacaíocht a fháil ó ghairmithe freisin, ar féidir leo cabhrú leat déileáil leis an rud a tharla.
Conas tuairisc a thabhairt do Hotline.ie
Má rinneadh íomhá díot a phostáil ar líne nó a chomhroinnt i ngrúpaí teachtaireachtaí gan do thoiliú, is féidir leat í a thuairisciú do Hotline.ie. Oibríonn Hotline i gcomhar le gach ceann de na mórsholáthraithe seirbhísí idirlín in Éirinn agus le líonra comhpháirtithe idirnáisiúnta agus tá ag éirí leis le breis agus 20 bliain anuas maidir lena chinntiú go mbainfí ábhar neamhdhleathach ar líne d’ardáin éagsúla.
Is féidir tuairiscí a thabhairt do Hotline gan ainm nó trí liostáil de láimh chun aighneacht tuairisce neamhanaithnide a dhéanamh.
Déantar tuairisciú trí dhul chuig Hotline.ie/report, trí chliceáil ar ‘Intimate Image Abuse’ agus ansin trí fhoirm shimplí a líonadh isteach. Caitear le gach tuairisc i modh rúin agus ní thógann sé ach cúpla nóiméad chun tuairisc a thabhairt.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin bpróiseas sin, téigh chuig https://www.hotline.ie/what-to-report/iia/faq.
Conas tuairisc a thabhairt don Gharda Síochána
Oibríonn Hotline i ndlúthchomhar leis an nGarda Síochána, agus le Biúró Náisiúnta Cibearchoireachta an Gharda Síochána go háirithe. Chomh luath agus a thagann Hotline ar ábhar neamhdhleathach a thagann faoina shainchúram, tugann sé fógra don Gharda Síochána lom láithreach ina thaobh.
Ar ndóigh, féadfaidh aon duine tuairisc a thabhairt don Gharda Síochána go díreach.
Tá Aonad Seirbhísí Cosanta Rannáin bunaithe i ngach rannán den Gharda Síochána ar fud na tíre anois. Is amhlaidh dá bharr sin, maidir le daoine atá thíos le coireacht de chineál gnéasach, amhail comhroinnt íomhá dlúthphearsanta díobh gan a dtoiliú a fháil, is cinnte go ndéileálfaidh oifigigh oilte lena gcás, ar daoine iad a sholáthróidh ardchaighdeán sainchúnaimh agus cúnaimh thuisceanaigh, ghairmiúil agus shaineolaigh ar bhonn comhsheasmhach.
Is féidir Drochúsáid Íomhánna Dlúthphearsanta a thuairisciú in aon Stáisiún de chuid an Gharda Síochána. Chun do stáisiún áitiúil a aimsiú, téigh chuig https://www.garda.ie/en/contact-us/station-directory.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi conas coir a thuairisciú, téigh chuig https://www.victimscharter.ie/support-reporting/an-garda-siochana.
Na seirbhísí tacaíochta atá ar fáil
Cineál foréigin ghnéasaigh is ea íomhá dhlúthphearsanta de dhuine a chomhroinnt gan a thoiliú nó a toiliú a fháil. Is gné de dhrochíde bhaile í freisin ina lán cásanna, rud a n-úsáideann dlúthpháirtnéir nó iar-dhlúthpháirtnéir é chun duine a ghortú nó a smachtú.
Is ann do mhórán seirbhísí ar fud na hÉireann a thugann tacaíocht do dhaoine atá thíos le foréigean gnéasach agus/nó le drochíde bhaile, lena n-áirítear Drochúsáid Íomhánna Pearsanta.
Chun mionsonraí teagmhála a fháil le haghaidh Seirbhísí Tacaíochta Foréigin Ghnéasaigh, déan teagmháil leis an Líne Chabhrach Náisiúnta Foréigin Ghnéasaigh ar 1800 778 888 nó téigh chuig https://www.victimscharter.ie/support-reporting/victims-service-directory/sexual-violence-support-services.
Chun mionsonraí teagmhála a fháil le haghaidh Seirbhísí Tacaíochta Drochíde Baile, déan teagmháil leis an Líne Chabhrach Náisiúnta Drochíde Baile ar 1800 341 900 nó téigh chuig https://www.victimscharter.ie/support-reporting/victims-service-directory/domestic-violence-support-services.
Is féidir le hÍospartaigh Fhireanna na Drochíde Baile glao a chur ar an Líne Chabhrach um Chomhairle i ndáil le Drochíde Bhaile ar Fhir ar 1800 816 588 nó is féidir leo glao a chur ar Men’s Aid Ireland ar 01 554 3811.
Fanacht sábháilte ar líne má tá tú i gcaidreamh drochídeach
Má tá tú i gcaidreamh drochídeach faoi láthair, is féidir leat cabhair agus faisnéis a aimsiú trí chuairt a thabhairt ar shuíomh Gréasáin an fheachtais ‘Anseo Fós’.
Is gá duit a bheith ar an eolas freisin go dtaifeadtar ar ríomhairí agus ar ghléasanna pearsanta (fóin chliste agus táibléid) gach rud a dhéanann tú orthusan agus ar an Idirlíon. Dá bhrí sin, tá seans ann go mbeidh rochtain ag do mhí-úsáideoir ar an bhfaisnéis sin.
Chun a fhoghlaim conas is féidir leat do rianta a fholú agus fanacht sábháilte ar líne, téigh chuig https://www.stillhere.ie/digital-and-online-