Ionchoisne: fiosrúchán a sheoltar go poiblí
- Foilsithe: 27 Meán Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 27 Eanáir 2026
- Cén uair a d’fhéadfadh ionchoisne tarlú
- Cá fhad a thógann ionchoisne
- Ionchoisní do chur ar atráth
- Cad a tharlaíonn roimh an ionchoisne
- Cad a tharlaíonn ag an ionchoisne
- Ceisteanna a chur ag ionchoisne
- Breithiúnais ionchoisne
- Ionchoisní doiciméadacha
- Éisteachtaí fíorúla ionchoisne
- Na cearta atá ag teaghlaigh ag ionchoisní
- Cóip den chomhad scrúdaithe iarbháis nó den chomhad ionchoisne a iarraidh
- COVID-19
Cén uair a d’fhéadfadh ionchoisne tarlú
Má mheasann Cróinéir gurbh iad cúiseanna mínádúrtha ba chúis leis an mbás, is féidir leis/léi ionchoisne a dhéanamh go poiblí, agus é a dhéanamh le giúiré freisin in amanna. Baileofar fianaise ó fhinnéithe.
Ag deireadh ionchoisne, léifidh an Cróinéir breithiúnas foirmiúil amach chun na nithe seo a leanas a thaifeadadh:
- céannacht an duine éagtha
- conas a tharla an bás
- cén uair a tharla an bás
Féadfaidh an Cróinéir nó an giúiré moladh a dhéanamh chun cabhrú le básanna den chineál céanna a chosc amach anseo. Ní dhéanann siad cinneadh ar cé ba chúis leis an mbás ná ar cé acu a bhí cion coiriúil ann nó nach raibh.
Cá fhad a thógann ionchoisne
Braitheann an fad ama a thógann sé chun ionchoisne a chur i gcrích ar roinnt tosca, amhail iad seo a leanas:
- tráthúlacht an scrúdaithe iarbháis agus cur i gcrích na tuarascála ar an scrúdú iarbháis
- torthaí aon tástálacha tocsaineolaíochta
- breithniúcháin sláinte poiblí a bhaineann le COVID-19 agus nithe eile
Ionchoisní do chur ar atráth
Is é atá i gceist leis sin ná cás ina n-osclaíonn Cróinéir an t-ionchoisne agus ina measann sé/sí gur gá é a chur ar sos go dáta níos déanaí.
Féadfar ionchoisní a chur ar sos má tá imscrúdú á dhéanamh ag an nGarda Síochána nó má tá tús curtha le hionchúiseamh coiriúil i ndáil leis an mbás. Ní mór imscrúduithe agus aon imeachtaí coiriúla a eascraíonn astu a bheith curtha i gcrích sula dtosaíonn an t-ionchoisne. Is féidir ionchoisní a chur ar atráth freisin má tá aon imscrúduithe á ndéanamh ag comhlachtaí reachtúla eile, amhail Ombudsman an Gharda Síochána, agus an tAonad um Imscrúdú Aerthionóiscí.
Cad a tharlaíonn roimh an ionchoisne
Is féidir go mbuailfidh Gardaí le baill teaghlaigh an duine éagtha san ospidéal nó cuairt a thabhairt ar a dtithe chun mionsonraí faoin duine éagtha a iarraidh ar na baill teaghlaigh. Ní chiallaíonn sé sin go bhfuil an bás amhrasach. Is gnách go mbíonn an Garda Síochána ag cabhrú leis an gCróinéir céannacht an duine éagtha a fháil amach. Déanann na Gardaí iarracht a fháil amach cá háit ar tharla bás an duine agus conas agus cén uair a tharla bás an duine, mar aon le himthosca bhás an duine a fháil amach.
Déanfaidh an Paiteolaí scrúdú iarbháis nuair a ordaíonn an Cróinéir dó/di déanamh amhlaidh.
Má tá faisnéis a d’fhéadfadh a bheith úsáideach ag an ionchoisne ag neasghaolta, ba cheart dóibh í sin a chur in iúl don Chróinéir (nó do na Gardaí) a luaithe is féidir. Cuirfear baill teaghlaigh an duine éagtha agus aon pháirtithe leasmhara eile ar an eolas faoi mhionsonraí an ionchoisne a luaithe a bheidh sé deimhnithe.
Cad a tharlaíonn ag an ionchoisne
Is féidir go mbeidh ort freastal ar an gcúirt má chinneann an Cróinéir ionchoisne a dhéanamh. Bíonn an Chúirt Chróinéara ar oscailt don phobal agus do bhaill den phreas.
Ní gá do theaghlach an duine éagtha ionadaíocht dhlíthiúil a bheith aige ach, má tá caingean dlí á tionscnamh mar thoradh ar an mbás, is féidir go gcinnfidh an teaghlach ionadaíocht dhlíthiúil a fháil chun freastal ar an ionchoisne.
Is féidir go mbeannóidh Cláraitheoir na Cúirte nó an Garda imscrúdaithe do theaghlach an duine éagtha sula dtosaíonn an t-ionchoisne. Is féidir go mbeidh ionadaithe dlíthiúla agus baill de na meáin i láthair freisin. Bítear an-chúramach chun a chinntiú nach bhfuil ionchoisní ina n-údar mór cur isteach ar theaghlaigh. Suíomh Gréasáin úsáideach is ea PressOmbudsman.ie.
Míneoidh an Cróinéir an próiseas sula dtosaíonn an t-ionchoisne agus is gnách go dtabharfaidh sé/sí deis d’aon duine ar mian leis/léi an Chúirt a fhágáil agus filleadh tar éis fhianaise an scrúdaithe iarbháis déanamh amhlaidh.
Déantar cur síos ar an bpróiseas ionchoisne thíos:
- osclaíonn an Cróinéir an t-ionchoisne
- glaoitear ar fhinnéithe chun fianaise a thabhairt agus cuirtear faoi mhionn iad
- léann Cláraitheoir na Cúirte fianaise ó fhinnéithe
- iarrtar ar an bhfinné an fhianaise a dheimhniú agus an teistíocht a shíniú
- féadfaidh an Cróinéir ceisteanna a chur ar an bhfinné
- féadfaidh páirtithe leasmhara eile amhail baill teaghlaigh ceisteanna a chur ar an bhfinné ansin
- mura bhfuil finnéithe i láthair, féadfar a bhfianaise a léamh isteach trí chomhaontú
- déanann an Cróinéir cinntí agus tugann sé/sí Breithiúnas
Ceisteanna a chur ag ionchoisne
Is é an Cróinéir a chinneann cé a fhéadfaidh ceisteanna a chur ag ionchoisne. Tríd is tríd, is féidir le haon duine a bhfuil leas cuí aige/aici finné a cheistiú nó a roghnú ionadaíocht dhlíthiúil a fháil ó abhcóide nó ó aturnae.
I measc na ndaoine a bhfuil leas cuí acu tá:
- neasghaolta an duine éagtha
- ionadaithe pearsanta an duine éagtha
- ionadaithe ó bhord nó ó údarás a raibh an duine éagtha faoina chúram tráth a b(h)áis (mar shampla, ospidéal, príosún nó institiúid eile)
- tiománaí mótarfheithicle a raibh baint aige/aici le himbhualadh marfach
- ionadaithe ó chuideachtaí árachais
Má tharla an bás mar thoradh ar thionóisc ag an obair, áirítear na daoine seo a leanas le daoine a bhfuil leas cuí acu:
- ionadaithe ó cheardchumainn
- fostóir an duine éagtha
Cigire de chuid an Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta
Breithiúnais ionchoisne
Áirítear iad seo a leanas leis an raon breithiúnas atá ar fáil do Chróinéir nó do ghiúiré:
- bás tionóisceach
- míthapa
- féinmharú
- breithiúnas oscailte
- cúiseanna nádúrtha (má chinntear é sin san ionchoisne)
- marú neamhdhleathach (in imthosca áirithe)
Riachtanais speisialta ag freastalaithe ar ionchoisne
Más rud é go bhfuil tú ag freastal ar an gcúirt agus go bhfuil seirbhísí aistriúcháin nó ateangaire teanga comharthaíochta ag teastáil uait nó go bhfuil riachtanais speisialta eile agat, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an oifig Chróinéara lena mbaineann 14 lá ar a laghad roimh dháta an ionchoisne ionas gur féidir socruithe a dhéanamh chun cabhrú leat. Tá gach Cúirt Cróinéara inrochtana ag cathaoireacha rothaí.
Ionchoisní doiciméadacha
I roinnt Ceantair Chróinéara, is féidir ionchoisní áirithe a dhéanamh atá bunaithe ar dhoiciméid agus orthu sin amháin. Is é an Cróinéir a dhéanann an cinneadh sin. Déanfaidh an oifig cróinéara lena mbaineann teagmháil leat más amhlaidh atá.
Fágann an cineál sin ionchoisne nach gá duit freastal ar an gCúirt agus nach nglaofaidh an Cróinéir ar aon fhinnéithe chun fianaise a thabhairt ag an ionchoisne.
Ina ionad sin, léifear sa Chúirt ráitis ina leagfar amach na fíorais a bhaineann leis an mbás agus déanfaidh an Cróinéir cinntí agus taifeadfaidh sé/sí breithiúnas. Is féidir go bhfaighidh tú cóipeanna d’aon doiciméid a léadh agus cuirfear ar an eolas thú nuair atá an deimhniú báis ar fáil.
Éisteachtaí fíorúla ionchoisne
I roinnt Ceantair Chróinéara agus in imthosca áirithe, is féidir go seolfar éisteacht fhíorúil (chianda) má tá na saoráidí ar fáil.
Ag éisteacht fhíorúil ionchoisne, glacann baill den teaghlach agus aon fhinnéithe páirt san ionchoisne trí úsáid a bhaint as seirbhís físchomhdhála ar líne.
Ní láithreoidh aon duine sa Chúirt seachas an cróinéir, an Garda imscrúdaithe agus baill foirne. Tá an éisteacht cosúil le héisteachtaí pearsanta ar gach bealach eile.
Má tá d’ionchoisne á dhéanamh go fíorúil, déanfaidh an oifig Chróinéara lena mbaineann teagmháil leat roimh dháta na héisteachta chun treoracha mionsonraithe a thabhairt duit.
Na cearta atá ag teaghlaigh ag ionchoisní
Chuir Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas tacar treoirlínte le chéile do theaghlaigh agus iad ag déanamh a mbealaigh tríd an dlí, na caighdeáin agus na nósanna imeachta atá i bhfeidhm le linn ionchoisne.
Foghlaim tuilleadh faoi na cearta atá ag teaghlaigh ag ionchoisne.
Cóip den chomhad scrúdaithe iarbháis nó den chomhad ionchoisne a iarraidh
A luaithe a bheidh an t-ionchoisne curtha i gcrích ag an gCróinéir, is féidir le daoine leasmhara iarratas a dhéanamh ar chóipeanna de dhoiciméid iomchuí. Is é an Cróinéir a chinneann an féidir doiciméid a scaoileadh sula mbeidh ionchoisne curtha i gcrích. Is féidir iarratais a dhéanamh trí theagmháil a dhéanamh leis an gCróinéir lena mbaineann. Is féidir go ngearrfar táille i roinnt cásanna.
Coinníonn cróinéirí taifid de na cásanna uile a tharla le linn a gcuid ama sa phost. Aistríonn siad na comhaid chuig an gCláraitheoir Contae nuair a fhágann siad a bpost. Má tá tú ag iarraidh comhad ón tréimhse sular thosaigh Cróinéir ar leith a p(h)ost nó tar éis do Chróinéir ar leith a phost a thosú, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an gCláraitheoir Contae.
COVID-19
Meastar gur cúis nádúrtha báis é COVID-19 agus, mar sin, níl aon ghá ann le hionchoisne. I gcásanna neamhchoitianta, is féidir go ndéanfar ionchoisne má cheapann an Cróinéir go bhfuil gá leis. Breithneoidh an Cróinéir gach bás ar bhonn cás ar chás.